EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22020D2248

Cinneadh uimh. 4/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 maidir le cinneadh earraí nach bhfuil i mbaol 2020/2248

PUB/2020/1061

IO L 443, 30.12.2020, p. 6–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/03/2023; Arna aisghairm agus arna ionadú ag 22023D0819

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2248/oj

30.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 443/6


CINNEADH UIMH. 4/2020 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 17 Nollaig 2020

maidir le cinneadh earraí nach bhfuil i mbaol 2020/2248

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an gCinneadh seo leagtar amach rialacha le haghaidh Airteagal 5(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”) a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

na dálaí faoina measfar, i dtaca le hearra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, an t-earra sin gan bheith faoi réir próiseáil tráchtála i dTuaisceart Éireann;

(b)

na critéir lena measfar, i dtaca le hearra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar an t-earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin.

Airteagal 2

Próiseáil neamhthráchtála

Ní mheasfar earra a bheith faoi réir próiseáil tráchtála i gcás ina mbeidh an méid seo a leanas amhlaidh:

(a)

ba lú ná GBP 500,000 an láimhdeachas bliantúil iomlán, sa bhliain airgeadais iomlán is déanaí, a bhí ag an duine a thaisc dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht i leith an earra sin nó ag an duine ar taisceadh an dearbhú sin thar a cheann (“allmhaireoir”); nó

(b)

is i dTuaisceart Éireann a dhéanfar an phróiseáil agus is chun na críche seo a leanas amháin an phróiseáil sin:

(i)

bia a dhíol le tomhaltóir deiridh sa Ríocht Aontaithe;

(ii)

foirgníocht, i gcás inar cuid bhuan iad na hearraí a phróiseálfar de dhéanmhas a dhéanfaidh an t-allmhaireoir agus a shuífidh sé i dTuaisceart Éireann;

(iii)

soláthar díreach ón allmhaireoir, i dTuaisceart Éireann, d’fhaighteoir seirbhísí sláinte nó seirbhísí cúraim;

(iv)

gníomhaíochtaí neamhbhrabúis i dTuaisceart Éireann, i gcás nach ndíolfaidh an t-allmhaireoir an t-earra próiseáilte ina dhiaidh sin; nó

(v)

úsáid deiridh mar bheatha ainmhithe in áitreabh i dTuaisceart Éireann ag an allmhaireoir.

Airteagal 3

Critéir lena measfar nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar earraí isteach san Aontas ina dhiaidh sin

1.   Measfar nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar earra isteach san Aontas ina dhiaidh sin, i gcás nach meastar é a bheith faoi réir próiseáil tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 2, agus go meastar go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

i gcás earraí a thabharfar isteach i dTuaisceart Éireann ó chuid eile den Ríocht Aontaithe trí bhíthin iompar díreach,

(i)

is cothrom le nialas an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais, nó

(ii)

tá údaraithe don allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagail 5 go 7 den Chinneadh seo an t-earra sin a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann lena dhíol le tomhaltóirí deiridh atá sa Ríocht Aontaithe, nó le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh atá sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an cás ina raibh an t-earra sin faoi réir próiseáil neamhthráchtála i gcomhréir le hAirteagal 2 sula ndearnadh é a dhíol le tomhaltóirí deiridh nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh;

(b)

i gcás earraí a thabharfar isteach i dTuaisceart Éireann trí bhíthin iompar díreach ó áit seachas an tAontas nó cuid eile den Ríocht Aontaithe,

(i)

tá an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais cothrom le, nó níos lú ná, an dleacht is iníoctha de réir tharaif chustaim na Ríochta Aontaithe, nó

(ii)

tá údaraithe don allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagail 5 go 7 den Chinneadh seo an t-earra sin a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann lena dhíol le tomhaltóirí deiridh atá sa Ríocht Aontaithe, nó lena sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh atá sa Ríocht Aontaithe (agus áirítear leis sin an cás ina raibh an t-earra sin faoi réir próiseáil neamhthráchtála i gcomhréir le hAirteagal 2 sula ndearnadh é a dhíol le tomhaltóirí deiridh, nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh), agus tá an difríocht idir an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais agus an dleacht is iníoctha de réir tharaif chustaim na Ríochta Aontaithe níos lú ná 3 % de luach custaim an earra.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír (1)(a)(ii) ná mír (1)(b)(ii) maidir le hearraí atá faoi réir bearta cosanta trádála arna nglacadh ag an Aontas.

Airteagal 4

An dleacht is infheidhme a chinneadh

Chun críocha Airteagal 3(1)(a)(i) agus Airteagal 3(1)(b), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagfar amach i reachtaíocht chustaim an Aontais;

(b)

déanfar an dleacht is iníoctha i leith earra de réir tharaif chustaim na Ríochta Aontaithe a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i reachtaíocht chustaim na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 5

Údarú chun na gcríoch in Airteagal 3

1.   Chun críocha Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(1)(b)(ii), is faoi bhráid údarás inniúil na Ríochta Aontaithe a chuirfear iarratas ar údarú chun earraí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann trí bhíthin iompar díreach lena ndíol le tomhaltóirí deiridh, nó lena soláthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh.

2.   San iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi ghníomhaíochtaí gnó an iarratasóra, faoi na hearraí a thugann sé isteach i dTuaisceart Éireann de ghnáth, maille le tuairisc ar chineál na dtaifead, na gcóras agus na rialuithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar dearbhú custaim cuí, chun críoch custaim, i leith na n-earraí arna gcumhdach faoin údarú agus go bhféadfar fianaise a chur ar fáil a sheasfaidh leis an ngealltanas in Airteagal 6(b). Coinneoidh an trádálaí an fhianaise, e.g. sonraisc, le haghaidh na gcúig bliana deireanacha roimhe sin agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis inniúla í arna iarraidh sin dóibh. San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leagtar síos na sonraí nach mór a chur san iarratas.

3.   Léireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, san údarú:

(a)

ainm an duine dár deonaíodh an t-údarú (“sealbhóir an údaraithe”);

(b)

uimhir thagartha aonair a shann an t-údarás inniúil custaim don chinneadh (“uimhir thagartha an údaraithe”);

(c)

an t-údarás a dheonaigh an t-údarú;

(d)

dáta theacht i bhfeidhm an údaraithe.

4.   Na forálacha i reachtaíocht chustaim an Aontais maidir le cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir leis na hiarratais agus na húdaruithe dá dtagraítear san Airteagal seo, lena n-áirítear an méid a bhaineann le faireachán.

5.   I gcásanna ina bhfeicfidh údarás inniúil custaim na Ríochta Aontaithe mí-úsáid á baint d’aonghnó as údarú nó sárú á dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann le húdarú a leagtar amach sa Chinneadh seo, cuirfidh an t-údarás an t-údarú ar fionraí nó cúlghairfidh sé é.

Airteagal 6

Coinníollacha ginearálta maidir le húdarú

Chun críocha Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(1)(b)(ii), féadfar údarú a dheonú d’iarratasóirí:

(a)

a mbeidh na critéir um bhunú seo a leanas comhlíonta acu:

(i)

tá siad bunaithe i dTuaisceart Éireann nó tá áit ghnó sheasta acu i dTuaisceart Éireann

a bhfuil acmhainní daonna agus teicniúla ann ar bhonn buan; agus

óna ndéantar earraí a dhíol le tomhaltóirí deiridh nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí; agus

a bhfuil teacht nó rochtain ann ar thaifid chustaim, ar thaifid tráchtála agus ar thaifid iompair i dTuaisceart Éireann, agus

(ii)

i gcás nach i dTuaisceart Éireann atá siad bunaithe, is sa Ríocht Aontaithe a dhéantar a gcuid oibríochtaí uile a bhaineann le custam agus tá ionadaí indíreach custaim acu i dTuaisceart Éireann;

(b)

a thabharfaidh gealltanas nach dtabharfaidh siad earraí isteach i dTuaisceart Éireann ach amháin lena ndíol le tomhaltóirí deiridh, nó lena soláthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh, lena n-áirítear an cás ina raibh na hearraí sin faoi réir próiseála neamhthráchtála i gcomhréir le hAirteagal 2 sula ndearnadh iad a dhíol le tomhaltóirí deiridh nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh; agus, i gcás díol le tomhaltóirí deiridh i dTuaisceart Éireann, a thabharfaidh gealltanas go ndéanfar an díol ó cheann amháin nó níos mó d’ionaid díolacháin fhisiciúla i dTuaisceart Éireann óna ndéantar díol díreach le tomhaltóirí deiridh.

Airteagal 7

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú

1.   Chun críocha Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(1)(b)(ii), ní dheonófar údarú chun earraí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ach amháin d’iarratasóirí a mbeidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6 comhlíonta acu agus na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndearbhaíonn an t-iarratasóir, i dtaca le hearraí arna dtabhairt isteach i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(ii) nó le hAirteagal 3(1)(b)(ii), go ndéanfaidh sé dearbhú custaim i leith na n-earraí sin mar earraí a bhfuiltear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann;

(b)

nach mbeidh aon sárú ná sárú tromchúiseach déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht chustaim ná ar rialacha cánachais agus nach mbeidh ar taifead ina leith taifead i ndáil le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhain lena chuid gníomhaíochta geilleagraí;

(c)

i gcás earraí a bhfuiltear le dearbhú custaim a dhéanamh ina leith mar earraí nach ngabhann aon riosca leo, léireoidh an t-iarratasóir go bhfuil ardleibhéal rialaithe aige ar a chuid oibríochtaí agus ar an sreabhadh earraí, trí bhíthin córas le haghaidh bainistiú taifead tráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, bainistiú taifead iompair, a fhágann gur féidir rialuithe iomchuí a dhéanamh agus fianaise a sholáthar chun tacú leis an ngealltanas in Airteagal 6(b).

2.   Ní dheonófar údaruithe ach amháin má mheasann an t-údarás custaim go mbeidh sé in ann rialuithe a chur i gcrích gan iarracht dhíréireach riaracháin, lena n-áirítear rialú ar aon fhianaise gur díoladh na hearraí le tomhaltóirí deiridh nó gur soláthraíodh iad faoi réir a n-úsáide deiridh ag tomhaltóirí deiridh.

3.   Le linn na tréimhse dar críoch dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, féadfar údarú a dheonú ar bhonn sealadach má bhíonn iarratas iomlán curtha isteach ag an iarratasóir, má chomhlíonann sé mír 1(b), agus má dhearbhaíonn sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha eile a ghabhfaidh leis an údarú. Beidh teorainn ceithre mhí le tréimhse an údaraithe shealadaigh agus ó dheireadh na tréimhse sin ní mór údarú buan a bheith deonaithe le go leanfadh an trádálaí de bheith údaraithe.

Airteagal 8

Malartú faisnéise maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) den Phrótacal

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 5(4) den Phrótacal, arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán (CE) Uimh 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), soláthróidh an Ríocht Aontaithe faisnéis don Aontas ar bhonn míosúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) den Phrótacal agus maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin méideanna agus luachanna ina bhfoirm chomhiomlánaithe agus méideanna agus luachanna in aghaidh na coinsíneachta, maille leis na modhanna iompair, a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann nach raibh aon dleachtanna custaim iníoctha ina leith de réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 5(1) den Phrótacal;

(b)

earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann arbh iad na dleachtanna custaim ab infheidhme ina leith na dleachtanna custaim is infheidhme sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) den Phrótacal; agus

(c)

earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann a raibh na dleachtanna custaim ab iníoctha ina leith i gcomhréir le Comhtharaif Chustaim an Aontais.

2.   Soláthróidh an Ríocht Aontaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar an 15ú lá oibre den mhí i ndiaidh na míosa a gcuirfear an fhaisnéis ar fáil ina leith.

3.   Soláthrófar an fhaisnéis trí bhíthin teicnící próiseála sonraí leictreonacha.

4.   Arna iarraidh sin do na hionadaithe de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCinneadh 6/2020 ón gComhchoiste an 17 Nollaig 2020 lena ndéantar foráil maidir leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(2)den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus dhá uair, ar a laghad, sa bhliain, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe faisnéis i bhfoirm chomhiomlánaithe agus faisnéis in aghaidh gach údaraithe a sholáthar do na hionadaithe sin maidir leis na húdaruithe a deonaíodh de bhun Airteagail 5 go 7, lena n-áirítear líon na n-údaruithe a deonaíodh, a diúltaíodh agus a cúlghaireadh.

5.   Cuirfear tús le haistriú rialta na faisnéise dá dtagraítear thuas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 15 Aibreán 2021. Cumhdófar leis an gcéad aistriú faisnéise an fhaisnéis le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na míosa roimh an aistriú.

Airteagal 9

Athbhreithniú agus foirceannadh

Má mheasann ceachtar de na Páirtithe go bhfuil atreorú suntasach trádála á dhéanamh, nó go bhfuil calaois nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile á ndéanamh, cuirfidh an Páirtí sin an Páirtí eile sa Chomhchoiste ar an eolas maidir leis sin faoin 1 Lúnasa 2023, agus déanfaidh na Páirtithe gach ar féidir leo chun an t-ábhar a réiteach chun sástacht a chéile. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar réiteach a bheidh chun sástacht a chéile, scoirfidh Airteagal 3(1)(a)(ii), Airteagal 3(1)(b)(ii) agus Airteagail 5 go 8 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu ón 1 Lúnasa 2024, mura rud é go gcinnfidh an Comhchoiste, roimh an 1 Aibreán 2024, iad a choinneáil i bhfeidhm.

I gcás ina scoirfidh Airteagal 3(1)(a)(ii), Airteagal 3(1)(b)(ii) agus Airteagail 5 go 8 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leasóidh an Comhchoiste an Cinneadh seo faoin 1 Lúnasa 2024 chun foráil mhalartach iomchuí a dhéanamh a bheidh infheidhme ón 1 Lúnasa 2024, agus déanfar sin ag féachaint do na himthosca sonracha i dTuaisceart Éireann agus le hurraim iomlán d’áit Thuaisceart Éireann i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Déardaoin 17 Nollaig 2020.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Michael GOVE


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle (IO L 102, 7.4.2004, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

Iarratas ar Údarú chun earraí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann le haghaidh tomhaltóirí deiridh (dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh)

FAISNÉIS A BHEIDH SAN IARRATAS

1.   Doiciméid tacaíochta

Doiciméid tacaíochta éigeantacha agus faisnéis tacaíochta éigeantach atá le soláthar ag na hiarratasóirí go léir:

Doiciméad um bhunú an ghnólachta / cruthúnas ar bhuanbhunaíocht ghnó

2.   Doiciméid tacaíochta eile agus faisnéis tacaíochta eile atá le soláthar ag an iarratasóir:

Aon doiciméad tacaíochta eile nó aon fhaisnéis tacaíochta eile a mheastar a bheith ábhartha i dtaca lena sheiceáil an bhfuil an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Chinneadh.

Ní mór faisnéis a sholáthar faoi chineál agus, i gcás inarb infheidhme, faoi uimhir aitheantais agus/nó dáta eisiúna an doiciméid tacaíochta nó na ndoiciméad tacaíochta a bheidh ag gabháil leis an iarratas. Ní mór líon na ndoiciméad atá i gceangal a thabhairt mar fhaisnéis freisin.

3.   Dáta agus síniú an iarratasóra

I gcás iarratais a dhéanfar trí bhíthin teicníc próiseála sonraí leictreonach, déanfaidh an duine a thaiscfidh an t-iarratas an t-iarratas a fhíordheimhniú.

An dáta a shínigh an t-iarratasóir an t-iarratas nó a rinne sé an t-iarratas a fhíordheimhniú ar dhóigh eile.

Sonraí an iarratasóra

4.   Iarratasóir

Is é duine é an t-iarratasóir an duine a dhéanfaidh an t-iarratas ar chinneadh chuig na húdaráis chustaim.

Cuir isteach ainm agus seoladh an duine lena mbaineann.

5.   Uimhir aitheantais an iarratasóra

Is é duine é an t-iarratasóir an duine a dhéanfaidh an t-iarratas ar chinneadh chuig na húdaráis chustaim.

Cuir isteach Uimhir Chlárúcháin agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (uimhir EORI) an duine lena mbaineann, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(18) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (1).

6.   Stádas dlíthiúil an iarratasóra

An stádas dlíthiúil atá luaite sa doiciméad um bhunú.

7.   Uimhir aitheantais CBL nó uimhreacha aitheantais CBL

I gcás inar sannadh uimhir aitheantais CBL nó uimhreacha aitheantais CBL, cuir isteach an uimhir nó na huimhreacha sin.

8.   Gníomhaíochtaí gnó

Cuir isteach faisnéis faoi ghníomhaíocht ghnó an iarratasóra. Tabhair tuairisc ghairid ar do ghníomhaíocht tráchtála agus luaigh do ról i slabhra an tsoláthair (e.g. monaróir earraí, allmhaireoir, miondíoltóir, etc.). Tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas:

an úsáid a bheartaítear a bhaint as na hearraí allmhairithe, lena n-áirítear tuairisc ar chineál na n-earraí agus tuairisc faoi cé acu a dhéanfar aon chineál próiseála orthu nó nach ndéanfar.

meastachán ar líon na ndearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht atá le déanamh in aghaidh na bliana i leith na n-earraí lena mbaineann.

an cineál taifead, córas agus rialuithe a cuireadh i bhfeidhm chun tacú leis an ngealltanas in Airteagal 6(b).

9.   Láimhdeachas bliantúil

Chun críocha Airteagal 2 den Chinneadh, cuir isteach an láimhdeachas bliantúil le haghaidh na bliana airgeadais iomláine is déanaí. I gcás gnólacht nuabhunaithe, ní mór na taifid agus an fhaisnéis a sholáthar de réir mar is ábhartha chun go bhféadfar meastachán a dhéanamh ar an láimhdeachas ionchais e.g. an cuntas is déanaí ar an sreabhadh airgid, an clár comhardaithe agus réamhaisnéisí brabúis agus caillteanais, arna bhformheas ag na stiúrthóirí/ag na comhpháirtithe/ag an dílseánach aonair.

10.   Teagmhálaí atá freagrach as an iarratas

Beidh an duine teagmhála freagrach as teagmháil a choinneáil leis na húdaráis chustaim maidir leis an iarratas.

Cuir isteach ainm an teagmhálaí mar aon le haon cheann díobh seo a leanas: uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist (seoladh bosca ríomhphoist fheidhmiúil ab fhearr a thabhairt)

11.   An duine atá i bhfeighil na cuideachta is iarratasóir nó atá ag feidhmiú rialaithe ar bhainistíocht na cuideachta sin

Chun críocha Airteagal 7(b) den Chinneadh, cuir isteach ainm/ainmneacha agus sonraí iomlána an duine nó na ndaoine lena mbaineann de réir bhunaíocht dhlíthiúil/fhoirm dhlíthiúil na cuideachta is iarratasóir, go háirithe: stiúrthóir/bainisteoir na cuideachta agus comhaltaí an bhoird stiúrtha, más ann dóibh. Ba chóir an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna sonraí: ainm agus seoladh iomlán, agus dáta breithe agus uimhir aitheantais náisiúnta.

Dátaí, tráthanna, tréimhsí agus áiteanna

12.   An dáta bunaithe

Cuir isteach – i bhfigiúirí – lá, mí agus bliain an dáta bunaithe.

13.   Seoladh na bunaíochta / seoladh cónaithe

Seoladh iomlán na háite ina bhfuil an duine bunaithe nó ina bhfuil cónaí air, lena n-áirítear aitheantóir na tíre nó na críche.

14.   An áit a gcoimeádtar taifid

Cuir isteach seoladh iomlán an tsuímh/seoltaí iomlána na suíomhanna ina gcoimeádtar taifid an iarratasóra nó ina bhfuil sé beartaithe iad a choimeád. Féadfar an cód NA/LOCODE a thabhairt in ionad an tseolaidh, má thugann sé tuairisc neamh-dhébhríoch ar chéannacht an tsuímh lena mbaineann.

15.   An áit nó na háiteanna ina ndéanfar an phróiseáil nó an úsáid

Sonraigh, le do thoil, seoladh na háite ina ndéanfar an phróiseáil ar na hearraí, i gcás inarb infheidhme, agus a ndíolfar leis na tomhaltóirí deiridh iad.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 28.12. 2015, lch. 1).


Top