EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1188

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1188 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le maolú sealadach a deonaíodh don Ísiltír ar dhálaí margaíochta Threoir 66/402/CEE ón gComhairle le haghaidh síol deimhnithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2566)

C/2024/2566

IO L, 2024/1188, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1188/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1188/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1188

26.4.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1188 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Aibreán 2024

maidir le maolú sealadach a deonaíodh don Ísiltír ar dhálaí margaíochta Threoir 66/402/CEE ón gComhairle le haghaidh síol deimhnithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2566)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dTreoir 66/402/CEE leagtar amach na ceanglais maidir le síol gránach a mhargú san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe G(c), i gcás síolta eorna agus cruithneachta deimhnithe den dara glúin, ní mór na coinníollacha in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir sin a chomhlíonadh. Ní mór na coinníollacha in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh i gcás an bhairr chun sainaitheantas cineáil a áirithiú. Ní mór na coinníollacha sin a sheiceáil trí iniúchadh allamuigh a dhéanamh ar na páirceanna ina dtáirgtear síolta. Baineann na coinníollacha in Iarscríbhinn II le géinmhodhnú íosta agus uaschion síl de speiceas plandaí eile, i measc nithe eile.

(2)

Bhí ithreacha fliucha ann de dheasca báisteach neamhghnách san fhómhar agus go luath i ngeimhreadh 2023 san Ísiltír, rud a laghdaigh an limistéar síolaithe do chineálacha eorna agus cruithneachta a chuirtear sa gheimhreadh. Dá bhrí sin, tá gá le heorna agus cruithneacht a chur san earrach. Chun sin a dhéanamh, tá gá le síol eorna earraigh agus síol cruithneachta earraigh a úsáid, nithe nach bhfuil ar fáil san Ísiltír sna cainníochtaí is gá.

(3)

Ón bhfaisnéis a sholáthair an Ísiltír, dealraítear, san iomlán, go bhfuil gá le cainníocht 5 525 tona de shíol eorna earraigh agus 1 252 tona de shíol cruithneachta earraigh chun na deacrachtaí soláthair a réiteach ar feadh tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(4)

Tá na Ballstáit eile, a bhfuil na fadhbanna céanna acu i bpáirt freisin, in ann riachtanais shíolta na hÍsiltíre a chumhdach go pointe teoranta.

(5)

I bhfianaise na n-imthosca sin, bhí deacrachtaí sealadacha ann maidir le soláthar ginearálta síolta eorna earraigh agus síolta cruithneachta earraigh agus tá coinne leis go leanfar de na deacrachtaí sin a bheith ann san Ísiltír. Ní féidir na deacrachtaí sin a shárú ach amháin trí mhargú síl eorna earraigh deimhnithe arna tháirgeadh san Ísiltír ón gcatagóir síl deimhnithe den dara glúin, nach gcomhlíonann na ceanglais i ndáil le hiniúchadh allamuigh, géinmhodhnú íosta agus uaschion síl de speiceas plandaí eile, san Aontas a cheadú ar feadh tréimhse shonraithe agus faoi réir uaschainníocht iomchuí.

(6)

Dá bhrí sin, is iomchuí go gceadóidh na Ballstáit síol eorna earraigh agus síol cruithneachta earraigh arna dtáirgeadh san Ísiltír ó chatagóir síl den dara glúin a mhargú san Aontas ar feadh tréimhse shonraithe, ar síolta iad nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le hiniúchadh allamuigh, géinmhodhnú íosta agus uaschion síl de speiceas plandaí eile.

(7)

Chun faireachán éifeachtach ar an maolú sin a áirithiú, ba cheart don Ísiltír fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis na cainníochtaí ar dheonaigh siad údarú margaíochta ina leith de bhun an Chinnidh seo.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú i ndáil le margú síl deimhnithe a chomhlíonann ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna

1.   Go dtí an 30 Meitheamh 2024, síol eorna earraigh deimhnithe agus síol cruithneachta earraigh deimhnithe arna dtáirgeadh san Ísiltír ó shíol den chatagóir ‘síol deimhnithe, an dara glúin’, nach ndearnadh iniúchadh allamuigh ina leith maidir leis na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh i gcás an bhairr de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/402/CEE agus nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le géinmhodhnú íosta agus uaschion síl de speicis eile de bhun Iarscríbhinn II de Threoir 66/402/CEE, ceadóidh na Ballstáit iad a mhargú san Aontas.

Beidh an síol sin faoi réir mhír 2, Airteagail 2 agus 3.

2.   Ní sháróidh cainníocht iomlán an tsíl dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

5 525 tona i gcás síol eorna earraigh;

(b)

1 252 tona i gcás síol cruithneachta earraigh.

Airteagal 2

Ceanglais maidir le lipéadú

Gan dochar do na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar amach i dTreoir 66/402/CEE, ar lipéad oifigiúil na luchtóg síolta, beidh ráiteas go dtáirgtear an síol dá dtagraítear in Airteagal 1 ó shíol den chatagóir síl deimhnithe, an dara glúin, agus nach ndearnadh iniúchadh allamuigh ina leith agus go gcomhlíonann sé ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna le ceanglais Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

Airteagal 3

Fógra maidir le cainníochtaí údaraithe

Déanfaidh an Ísiltír fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis na cainníochtaí ar dheonaigh siad údarú margaíochta ina leith de bhun an Chinnidh seo.

Airteagal 4

SEOLAITHE

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 125, 11.7.1966, lch. 2309/66, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1966/402/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1188/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top