EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1209
Decision (EU) 2024/1209 of the European Central Bank of 16 April 2024 on the remuneration of non-monetary policy deposits held with national central banks and the European Central Bank (ECB/2024/11)
Cinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta atá i seilbh banc ceannais náisiúnta agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2024/11)
Cinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta atá i seilbh banc ceannais náisiúnta agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2024/11)
ECB/2024/11
IO L, 2024/1209, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1209/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1209 |
3.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1209 ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Aibreán 2024
maidir luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta atá i seilbh banc ceannais náisiúnta agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2024/11)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 12.1 agus 14.3, agus Airteagail 17, 22 agus 23 de,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar an luach saothair a chuirtear i bhfeidhm ar na taiscí i mbainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (‘BCNanna’ anseo feasta) agus ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) nach mbaineann le cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta (‘taiscí beartais neamhairgeadaíochta’). Ba é aidhm an athbhreithnithe cur isteach a d’fhéadfadh a bheith á dhéanamh ar thaiscí den sórt sin leis an mbeartas airgeadaíochta aonair a sheachaint, agus comhlíonadh phrionsabal an gheilleagair margaidh oscailte agus comhsheasmhacht i láimhseáil taiscí comhchosúla laistigh den Eurochóras á áirithiú ag an am céanna. |
(2) |
Tar éis an athbhreithnithe, chinn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr maidir le luach saothair taiscí neamhairgeadaíochta. Leagtar amach na rátaí luacha saothair is infheidhme maidir leis na taiscí sin i dTreoirlínte (AE) 2019/671 (BCE/2019/7), (1)(AE) 2024/1211 (BCE/2024/13) (2), (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) (3) ón mBanc Ceannais Eorpach agus Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (4). Chun trédhearcacht a fheabhsú, chomh maith le comhsheasmhacht ar fud na ngníomhartha dlíthiúla gaolmhara, is iomchuí rátaí luacha saothair a leagan amach ar bhealach cuimsitheach in aon ghníomh dlí amháin chun cumarsáid na rátaí luacha saothair a éascú agus chun gur féidir na rátaí sin a choigeartú amach anseo. |
(3) |
Níor cheart go rannchuideodh luach saothair taiscí neamhairgeadaíochta le tarchur nó cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta a shuaitheadh go leanúnach nó go struchtúrach agus ba cheart go gcosnódh sé feidhmiú ordúil an mhargaidh agus, ar an gcaoi sin, teorainn a chur leis an scóip atá ann do luaineacht mhór na dtaiscí sin. |
(4) |
Shocraigh an Chomhairle Rialaithe an príomhráta beartais luacha saothair ag ráta gearrthéarmach an euro (euro short-term rate, €STR) lúide raon difríochta. Tá an leathadh inchoigeartaithe go héasca i gcás ina n-athraíonn dálaí an mhargaidh chun éifeachtacht tharchur an bheartais airgeadaíochta a chaomhnú agus ag an am céanna íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh sreafaí tobanna isteach i margaí airgid nó amach astu agus creat luach saothair simplí agus comhsheasmhach a cheadú, le fíorbheagán eisceachtaí. Tá an leathadh socraithe ag an gComhairle Rialaithe, agus déanfaidh sí é a choigeartú de réir mar is gá, chun cuspóirí an bheartais luacha saothair a bhaint amach agus chun éifeachtaí diúltacha ar chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta nó ar fheidhmiú an mhargaidh a sheachaint. Tá an raon difríochta socraithe ag 20 bonnphointe faoi láthair. |
(5) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil gá le dialltaí nó eisceachtaí áirithe ón bpríomhráta beartais luacha saothair. Ba cheart go leanfadh coincheap na huasteorann d’fheidhm a bheith aige maidir le híocaíocht taiscí rialtais agus taiscí beartais neamhairgeadaíochta áirithe eile, chun ligean do BCNanna luach saothair a thabhairt do thaiscí den sórt sin ag ráta níos ísle ná an uasteorainn nuair is iomchuí, agus coinníollacha a bhaineann go sonrach le tír faoi leith á gcur san áireamh, amhail na coinníollacha i margadh na n-idirbheart athcheannaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag raon difríochta níos ísle ná 20 bonnphointe, a socraíodh ag nialas ar dtús, i gcás cistí ráthaíochta atá i seilbh bhonneagair mhargaidh airgeadais an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch amhail córais íocaíochta, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna lárnacha urrús, chomh maith le cuntais réamh-mhaoinithe a shealbhaítear i TARGET, i bhfianaise thábhacht na sealúchas sin le haghaidh córais íocaíochta a oibriú go rianúil agus cobhsaíocht airgeadais. Cistí is gá a thaisceadh go sealadach leis na BCNanna nó leis an BCE i ndáil le cúnamh airgeadais, ba cheart go leanfaidís de bheith díolmhaithe ó rátaí diúltacha. |
(6) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin gur gá foráil a dhéanamh, i gcúinsí áirithe, go bhféadfaidh BCE faisnéis ghráinneach maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta a iarraidh ar BCNanna agus a roinnt laistigh den BCE agus den Eurochóras ar bhonn dian-riachtanais eolais nuair a chinneann an BCE, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun cur ar chumas an Eurochórais measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na taiscí sin ar chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta. |
(7) |
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus chun a ndóthain ama a thabhairt do BCNanna ullmhú do chur i bhfeidhm an bheartais luacha saothair nua maidir le taiscí neamhairgeadaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo amhail ón 1 Nollaig 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe:
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘taisce’ comhardú creidmheasa in euro nó in airgeadra eile a eascraíonn as chistí arna sealbhú i gcuntas le BCN nó BCE nó ó staideanna sealadacha a thagann as seirbhísí arna soláthar ag BCN nó BCE agus a mbíonn dliteanas arna thaifead ar chlár comhardaithe BCN nó BCE mar thoradh orthu, ar dliteanas é nach mór do BCN nó BCE a aisíoc faoi na coinníollacha rialála nó na coinníollacha conarthacha is infheidhme, agus taiscí thar oíche is taiscí ar théarma seasta san áireamh ansin; |
(2) |
ciallaíonn ‘€STR’ ráta gearrthéarmach an euro mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoirlíne (AE) 2019/1265 ón mBanc Ceannais Eorpach (5) (BCE/2019/19) agus arna fhoilsiú ag BCE; |
(3) |
ciallaíonn ‘€STR OIS’ babhtáil innéacs thar oíche (overnight index swap, OIS) mar a shainmhínítear in Airteagal 1 (25) de Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/48) (6), i gcás ina dtagraíonn na híocaíochtaí ráta úis comhlúthaigh tréimhsiúla do €STR mar an ráta innéacs thar oíche; |
(4) |
ciallaíonn ‘taiscí beartais neamhairgeadaíochta’ taiscí nach ndéantar a fhorghníomhú chun an beartas airgeadaíochta aonair arna chinneadh ag an gComhairle Rialaithe a chur chun feidhme agus a thagann faoi raon feidhme ceann amháin díobh seo a leanas:
|
Airteagal 2
Luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta
1. Beidh luach saothair na dtaiscí a shealbhaítear le BCNanna agus a thagann faoi raon feidhme Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7) faoi réir na n-uasteorainneacha seo a leanas:
(a) |
do na taiscí rialtais seo a leanas atá ainmnithe in euro:
|
(b) |
i gcás taiscí rialtais atá ainmnithe in airgeadraí seachas in euro: na rátaí comhfhreagracha don airgeadra lena mbaineann agus an raon difríochta céanna dá dtagraítear i bpointe (a) á chur i bhfeidhm; |
(c) |
i gcás taiscí seachas taiscí rialtais, atá ainmnithe in euro:
|
(d) |
i gcás taiscí seachas taiscí rialtais, ainmnithe in airgeadraí eile: cuirfear san áireamh sa luach saothair prionsabail na comhréireachta, neodracht an mhargaidh agus na córa comhionainne: na rátaí comhfhreagracha don airgeadra lena mbaineann agus an raon difríochta céanna dá dtagraítear i bpointe (c) á chur i bhfeidhm. |
2. Is mar seo a leanas a bheidh luach saothair na dtaiscí a shealbhaítear le BCNanna agus a thagann faoi raon feidhme Threoirlíne (AE) 2024/1211 (BCE/2024/13):
(a) |
i gcás seirbhísí infheistíochta airgid thar oíche:
|
(b) |
i gcás taiscí téarma shocraithe:
|
3. Is mar seo a leanas a bheidh luach saothair taiscí a thagann faoi raon feidhme Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) agus Chinneadh 2022/911 (BCE/2022/22):
(a) |
i gcás taiscí rialtais atá ainmnithe in euro arna sealbhú i TARGET, tá feidhm ag an luach saothair a leagtar amach i mír 1(a); |
(b) |
maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta a shealbhaítear i TARGET seachas taiscí rialtais dá dtagraítear I bpointe (a), agus ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (c): nialas faoin gcéad nó €STR lúide 20 bonnphointe, cibé acu is ísle; |
(c) |
e haghaidh iarmhéideanna thar oíche arna sealbhú ar chuntas teicniúil AS TIPS nó ar chuntas teicniúil RTGS AS le haghaidh nós imeachta socraíochta AS D, agus cistí ráthaíochta bhonneagair mhargaidh airgeadais an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, lena n-áirítear iad siúd a shealbhaítear ar chuntas ciste ráthaíochta AS: €STR lúide 0 bonnphointe; |
(d) |
i gcás iarmhéideanna TARGET de BCNanna nasctha:
|
4. Beidh luach saothair na dtaiscí a shealbhaítear le BCE agus a thagann faoi raon feidhme Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) mar seo a leanas:
(a) |
maidir le cuntais a choimeádtar i gcomhréir le Cinntí BCE/2003/14 (8),Cinneadh BCE/2010/4 (9),Cinneadh BCE/2010/17 (10), Cinneadh BCE/2010/31 (11), agus Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle (12):
|
(b) |
I gcás cuntais taisce eile don Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus don tSaoráid Chobhsaíocht Airgeadais Eorpach nach gcumhdaítear faoi phointe (a): €STR lúide 20 bonnphointe; |
(c) |
i gcás an chuntais thiomnaithe a choimeádtar i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá chun na hoibríochtaí iasachtaíochta a riar faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus i gcás na n-oibríochtaí iasachtaithe a bhaineann le hiasachtaí a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa (13) agus ón gComhairle agus a úsáidtear chun críocha sealúchas stuamachta airgid i ndáil le clár NextGenerationEU, an Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+), (14)nó cláir mhaoiniúcháin eile de chuid an Aontais mar a chomhaontaigh BCE agus an Coimisiún Eorpach:
|
5. I gcás ina mbeidh feidhm ag ráta úis diúltach maidir le haon cheann de na taiscí dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh ús ag an sealbhóir taisce ar an BCN ábhartha nó an BCE, agus féadfaidh an BCN ábhartha nó an BCE an cuntas taisce ábhartha a chur chun dochair dá réir.
Airteagal 3
Faisnéis a roinnt maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta
1. I gcás ina measfaidh BCE, ar bhonn cás ar chás, gur gá measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta, roinnfidh BCNanna faisnéis iomlán le BCE maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta, lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
sealbhóir cuntais; |
(b) |
an luach saothair a cuireadh i bhfeidhm; |
(c) |
na suimeanna atá i seilbh an BCN ábhartha. |
2. Déanfar faisnéis a gheobhaidh BCE de bhun mhír 1 a roinnt laistigh de BCE agus laistigh den Eurochóras roinnte ag BCE ar bhonn dianriachtanais eolais.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2024.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 16 Aibreán 2024.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).
(2) Treoirlíne (AE) 2024/xx ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir le soláthar seirbhisí bhainstiú chúlchistí an Eurochórais do bhainc cheannais agus tíortha atá lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta (BCE/2024/13) (IO L, 2024/1211, 3.5.2024, . ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1211/oj).
(3) Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).
(4) Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).
(5) Treoirlíne (AE) 2019/1265 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Iúil 2019 maidir leis an ráta gearrthéarmach euro (€STR) (BCE/2019/19) (IO L 199, 26.7.2019, lch. 8).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Samhain 2014 maidir le staidreamh ar na margaí airgid (BCE/2014/48) (IO L 359, 16.12.2014, lch. 97).
(7) Cinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2022 le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022 lch. 1).
(8) Cinneadh BCE/2003/14 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Samhain 2003 maidir le riar na n-oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach faoin tsaoráid um chúnamh airgeadais meántéarmach (IO L 297, 15.11.2003, lch. 35).
(9) Cinneadh BCE/2010/4 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe chun sochair don Phoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7 (IO L 119, 13.5.2010, lch. 24).
(10) Cinneadh BCE/2010/17 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Deireadh Fómhair 2010 maidir le riar na n-oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (IO L 275, 20.10.2010, lch. 10).
(11) Cinneadh BCE/2010/31 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Nollaig 2010 maidir le cuntais a oscailt chun íocaíochtaí a phróiseáil i ndáil le hiasachtaí de chuid SaorCAE do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu (IO L 10, 14.1.2011, lch. 7).
(12) Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le hionstraim Eorpach a bhunú le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID-19 (IO L 159, 20.5.2020, lch. 1).
(13) C(2021) 2502 final.
(14) Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1209/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)