EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1282
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1282 of 7 May 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2021/128 setting the net balance available for EAGF expenditure
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1282 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1282 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT
C/2024/2892
IO L, 2024/1282, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1282/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1282 |
8.5.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1282 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 ón gCoimisiún (2) an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), chomh maith leis na méideanna atá ar fáil don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) le haghaidh na mblianta airgeadais 2021 go 2027. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, is iad na huasmhéideanna atá socruithe i leith na fo-uasteorann do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a bheidh san uasteorainn bhliantúil le caiteachas CERT le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (3). |
(3) |
Tar éis an athbhreithnithe meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 mar a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, rinneadh modhnú ar an bhfo-uasteorainn do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus d’íocaíochtaí díreacha le haghaidh na mblianta 2025 go 2027 mar a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle (4). |
(4) |
Ní mór, dá bhrí sin, an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT le haghaidh na mblianta 2025 go 2027 mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 a choigeartú. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (IO L 40, 4.2.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/128/oj).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
An t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT
(EUR milliún) |
|||||
Bliain airgeadais |
Méideanna a chuirtear ar fáil do CETFT |
Méideanna a aistrítear ó CETFT |
Athrú tar éis an athbhreithnithe meántéarma ar an CAI mar a leagtar amach I Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 |
An t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT |
|
Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
|||
2021 |
1 099,539 |
58,165 |
600,658 |
|
40 367,954 |
2022 |
1 086,292 |
57,919 |
525,400 |
|
40 638,189 |
2023 |
1 277,253 |
55,858 |
507,322 |
|
40 692,211 |
|
Airteagal 103(1), pointe (a), agus Airteagal 103(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 |
Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 |
Airteagal 103(1), pointe (b), agus Airteagal 103(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 |
|
|
2024 |
1 632,136 |
5,000 |
590,214 |
|
40 602,078 |
2025 |
1 702,286 |
5,000 |
590,214 |
– 136,000 |
40 528,928 |
2026 |
1 807,987 |
5,000 |
590,214 |
– 149,000 |
40 541,227 |
2027 |
1 981,419 |
5,000 |
590,214 |
– 155,000 |
40 495,795 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1282/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)