EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011AP0538

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE)) (Toiliú)

IO L 112, 24.4.2012, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2011/538/oj

24.4.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/5


RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 1 Nollaig 2011

maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarratas a rinne Poblacht na Cróite chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach,

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011),

ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2011)0667),

ag féachaint don Dréachtchonradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, don Phrótacal agus don Ionstraim Chríochnaitheach,

ag féachaint do Riail 74c agus do Riail 81 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A7-0390/2011),

A.

de bhrí go bhfuil na coinníollacha ar a ligfear an tír iarrthach isteach agus na modhnuithe is gá de chionn a haontachais leagtha amach sa Dréachtchonradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, agus de bhrí gur cheart dul i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le haon mhodhnuithe substaintiúla ar an Dréachtchonradh,

B.

de bhrí nach foláir don Choimisiún faireacháin a dhéanamh, lena ngabhfaidh déine agus oibiachtúlacht, ar ullmhúcháin bhreise don aontachas agus cabhrú le húdaráis na Cróite na ceangaltais agus na hoibleagáidí faoina ndeachaigh siad sa chaibidlíocht a chomhall; de bhrí nach foláir don Choimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go rialta a mhéid atá a gceangaltais á n-urramú ag údaráis na Cróite chun go ndéanfaidís a n-oibleagáidí comhaltais a ghlacadh chucu féin go hiomlán tráth an aontachais an 1 Iúil 2013,

1.

Ag toiliú le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach;

2.

Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na Cróite.


Top