EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DP0379

P9_TA(2023)0379 — Iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh (2023/2022(IMM))

IO C, C/2024/2841, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2841/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2841/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2841

8.5.2024

P9_TA(2023)0379

Iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh (2023/2022(IMM))

(C/2024/2841)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Beata Kempa, a thíolaic an XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów an 13 Nollaig 2022 in imeachtaí coiriúla tar éis dó díotáil shibhialta a thaisceadh agus a cuireadh in iúl sa suí iomlánach an 13 Feabhra 2023,

tar éis di éisteacht a thabhairt do Beata Kempa i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019  (1),

ag féachaint d’Airteagal 105(2) agus d’Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, mar aon le hAirteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de dhlí na Polainne ón 9 Bealtaine 1996 ar shainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh,

ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0346/2023),

A.

de bhrí, an 13 Nollaig 2022, gur thíolaic breitheamh den XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Beata Kempa, a toghadh sa Pholainn, a tharscaoileadh, ar iarraidh í a chuir duine aonair faoina bhráid i ngeall ar phostáil a cuireadh suas ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais a líomhnaítear go bhfuil ábhar inti a spreagann fuath náisiúnta, eitneach, ciníoch agus reiligiúnach; de bhrí go bhfuair Cúirt Dúiche Vársá-Mokotów, an 17 Samhain 2021, an díotáil arna cur isteach ag ionadaí an chúisitheora ionadaigh; de bhrí gur iarr an t-ionadaí ar an gcúirt freisin a iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Beata Kempa a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa;

B.

de bhrí gur chuir an t-údarás breithiúnach an iarraidh sin ar tharscaoileadh díolúine pharlaiminteach ar aghaidh i gcomhréir le Riail 9(12) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; ag tabhairt aird, áfach, ar an bhfíric go gceanglaítear faoi Riail 9(1), dá Rialacha Nós Imeachta go mbeidh gach iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh seolta ag ‘údarás inniúil Ballstáit’, agus nach ionann an dá choincheap; de bhrí go gcinntear brí an téarma ‘údarás inniúil Ballstáit’ leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus, i gcás na Polainne, gur cheart tagairt a dhéanamh d’fhorálacha Airteagal 7b(1) de Dhlí na Polainne an 9 Bealtaine 1996 maidir le sainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh, lena bhforáiltear gur tríd an Ard-Ionchúisitheoir a dhéanfar iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Feisire nó Seanadóra i gcás cion is inphionóis le hionchúiseamh poiblí, gur seoladh an iarraidh chuig an Ard-Ionchúisitheoir sa chás seo, a rinne an t-iarratas a tharchur, áfach, ar an bhforas go raibh ‘cúiseamh ionadach’ san áireamh freisin sa ‘cúiseamh príobháideach’ agus go raibh an t-iarratas ar dhíolúine a chur isteach laistigh de dhlínse na cúirte ar tugadh an cás os a comhair;

C.

de bhrí go ndearna ionadaí an chúisitheora ionadaigh iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte ar chead chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh Beata Kempa, inter alia, as gníomhaíocht a thagann faoi Airteagal 256(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

D.

de bhrí, an 17 Deireadh Fómhair 2018, gur foilsíodh fógra toghcháin dar teideal ‘Bezpieczny samorząd’ (bardasacht shlán) ar na meáin shóisialta ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais faoi chuimse na dtoghchán bardasach a reachtáladh an 21 Deireadh Fómhair 2018 sa Pholainn; de bhrí gur chuidigh Beata Kempa, i measc daoine eile, lena scaipeadh; de bhrí go líomhnaítear go spreagtar fuath i gcoinne inimircigh Mhoslamacha sa phostáil;

E.

de bhrí go bhfuil Beata Kempa ar dhuine de na daoine atá i staid chomhchosúil mar gheall ar na cionta líomhnaithe atá i gceist, agus gurb é an t-aon difríocht atá ann faoi láthair go bhfuil díolúine aici mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cheart a cur san áireamh, dá bhrí sin, nach í Beata Kempa an t-aon duine amháin a d’fhéadfaí a chúiseamh sa chás atá i gceist;

F.

de bhrí gur toghadh Beata Kempa chuig Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin an 26 Bealtaine 2019;

G.

de bhrí nach mbaineann an choir líomhnaithe le tuairimí ná vótaí a chaith Beata Kempa i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, sa chás seo, le fíorais a bhaineann le gníomhaíochtaí de chineál áitiúil roimh an stádas a fháil agus dá dhroim sin roimh an díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

H.

de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir í a dhealú ó na dualgais sin;

I.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a Stáit;

J.

de bhrí, de bhun Airteagal 105(2) agus Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne an 2 Aibreán 1997, agus de bhun Airteagal 7 (1), (2) agus (4), Airteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de Dhlí an 9 Bealtaine 1996 maidir le comhlíonadh dhualgais Feisire agus Seanadóra (2), nach bhféadfar éisteacht a thabhairt d’Fheisire mar dhuine atá faoi dhrochamhras agus nach féidir é nó í a chur faoi dhliteanas coiriúil gan údarú ó Pharlaimint na hEorpa;

K.

de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘cosantóir’ (3);

L.

de bhrí, sa chás sin, nár tháinig an Pharlaimint ar fhianaise fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir an nós imeachta dhlíthiúil damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin;

1.

ag cinneadh díolúine Beata Kempa a tharscaoileadh;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Beata Kempa.


(1)  breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.

(2)   Iris Oifigiúil 2022.1339, leagan códaithe.

(3)  breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2841/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top