EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DP0384

P9_TA(2023)0384 — Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Alejandro Blanco Fernández — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le hainmniú Alejandro Blanco Fernández mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0333/2023 – 2023/0806(NLE)) (Comhairliúchán)

IO C, C/2024/2846, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2846/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2846/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2846

8.5.2024

P9_TA(2023)0384

Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Alejandro Blanco Fernández

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le hainmniú Alejandro Blanco Fernández mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0333/2023 – 2023/0806(NLE))

(Comhairliúchán)

(C/2024/2846)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0333/2023),

ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0293/2023),

A.

de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir dar dáta an 8 Meán Fómhair 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Alejandro Blanco Fernández a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.

de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Alejandro Blanco Fernández, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Alejandro Blanco Fernández, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.

de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Alejandro Blanco Fernández, ina dhiaidh sin, an 12 Deireadh Fómhair 2023, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Alejandro Blanco Fernández ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2846/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top