30.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 443/1


CINNEADH Uimh. 2/2020 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 17 Nollaig 2020

lena socraítear an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise [2020/2246]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (an 'Comhaontú Um Tharraingt Siar'), agus go háirithe Airteagal 33(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 33(1) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta do shaoránaigh an Aontais, a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais, beidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainnise, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise ar choinníoll go dtabharfaidh na stáit sin i gcrích agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm comhaontuithe comhfhreagracha leis an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, a mbeidh feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais, agus leis an Aontais, ar an taobh eile, a mbeidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe.

(2)

De bhunadh Airteagal 33(2) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe seo i bhfeidhm, déanfaidh an Comhchoiste an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise, de réir mar is infheidhme, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm.

(3)

Thug an tAontas comhaontuithe comhfhreagracha i gcrích leis an Íoslainn, le Prionsacht Lichtinstéin agus le Ríocht na hIorua (2) agus le Cónaidhme na hEilvéise (3) a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe. Thug an Ríocht Aontaithe comhaontuithe comhfhreagracha i gcrích leis an Íoslainn, le Prionsacht Lichtinstéin agus le Ríocht na hIorua (4) agus le Cónaidhm na hEilvéise (5) a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais.

(4)

I bhfianaise na bhfógraí a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir le dáta theacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe dá dtagraítear in aithris (3), ba cheart gur 1 Eanáir 2021 an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú Um Tharraingt Siar maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é 1 Eanáir 2021 an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú Um Tharraingt Siar maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agusChónaidhm na hEilvéise.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2020.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Michael GOVE


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  Cinneadh Uimh. 210/2020 an 11 Nollaig 2020 ó Chomhchoiste Parlaiminteach LEE lena leasaítear Iarscríbhinn VI (Slándáil Shóisialta) a ghabhann le comhaontú LEE.

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2020 ón gComhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, ar an taobh eile, i ndáil le saorghluaiseacht daoine an 15 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta.

(4)  Comhaontú maidir leis na socruithe idir an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach, as Comhaontú LEE agus as comhaontuithe eile is infheidhme idir an Ríocht Aontaithe agus Stáit CSTE LEE de bhua bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach a síníodh i Londain an 28 Eanáir 2020.

(5)  Comhaontú idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Cearta na Saoránach tar éis Comhaontú Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus agus an Comhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine a síníodh i mBeirn an 25 Feabhra 2019.