17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/93


DEARBHÚ AONTAOBHACH ÓN RÍOCHT AONTAITH E SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN G COMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN G COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú

Meabhraíonn an Ríocht Aontaithe a gealltanas córas láidir faireachais agus forfheidhmithe margaidh a áirithiú i gcomhthéacs na socruithe uathúla a comhaontaíodh leis an Aontas Eorpach i gcomhréir le Creat Windsor (1) chun trádáil laistigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a chosaint, agus áit Thuaisceart Éireann mar chuid dhílis de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, agus sláine mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais Eorpaigh á háirithiú san am céanna.

Cuireann an Ríocht Aontaithe i bhfios go láidir nach mór forfheidhmiú láidir a bheith ann chun a áirithiú nach bhfuil trádálaithe ag baint mí-úsáid as na socruithe trádála inmheánacha nua sin chun earraí a bhogadh isteach san Aontas Eorpach.

Faireachas margaidh

Aithníonn an Ríocht Aontaithe an ról tábhachtach atá ag faireachas margaidh, agus obair na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás inniúil eile, chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, leanfaidh an Ríocht Aontaithe dá áirithiú go gcuirfidh na húdaráis sin clár gníomhaíochtaí ar fáil lena spreagtar sábháilteacht agus comhlíonadh, lena n-áirítear oibriú le gnólachtaí chun a áirithiú go bhfuil siad ar an eolas faoina n-oibleagáidí, measúnú a dhéanamh ar dhoiciméadacht agus táirgí ar an margadh a sheiceáil i gcás inarb ábhartha.

Déanfaidh an Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas fós:

cumas agus acmhainneacht a fhorbairt i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás inniúil eile,

feabhas a chur ar mhodheolaíochtaí maidir le measúnú riosca ar shábháilteacht táirgí,

a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis ábhartha chun gníomhaíocht éifeachtach faireacháin a dhéanamh i gcomhthéacs na teorann idirnáisiúnta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach,

tacú le gníomhaíochtaí rioscabhunaithe agus faisnéisbhunaithe ó údaráis ábhartha, lena n-áirítear iniúchtaí, cigireachtaí agus spotseiceálacha iomchuí, chun comhlíonadh a sheiceáil i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme,

faisnéis stóinseach agus bailiú sonraí a úsáid chun bonn mionsonraithe fianaise a áirithiú chun rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint, lena n-áirítear gluaiseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teacht isteach san Aontas Eorpach,

faisnéis chruinn agus mhionsonraithe a úsáid chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus forfheidhmithe, agus

faisnéis a roinnt agus a fháil trí aon chóras TF ábhartha maidir le gníomhaíochtaí comhlíonta na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás inniúil eile.

Tacóidh an Ríocht Aontaithe fós leis an gcomhar le húdaráis faireachais margaidh i margaí eile, tríd an Oifig Idirchaidrimh Aonair um fhaireachas margaidh.

Forfheidhmiú

Ní bheidh seiceálacha ná rialuithe nua ag an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éire i gceist le forfheidhmiú láidir, ach ciallóidh sé sin gníomhaíocht fheabhsaithe ag údaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, leis an Aontas Eorpach agus le húdaráis na mBallstát i gcás inarb iomchuí, chun margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe agus margadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais Eorpaigh a chosaint, agus chun dul i ngleic go láidir le gníomhaíocht neamhdhleathach agus smuigleáil, lena n-áirítear ag grúpaí coiriúla eagraithe.

Maidir le hearraí atá faoi réir rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta, cuirfidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin tuilleadh feabhais ar na nósanna imeachta sonracha a leagtar amach sna rialacha is infheidhme maidir le teacht isteach na n-earraí sin i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, neartóidh an Ríocht Aontaithe a gníomhaíocht faireacháin agus forfheidhmithe chun bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as earraí a aistrítear le beartán, agus aitheantas á thabhairt don spleáchas ar leith a chuireann tomhaltóirí ar na gluaiseachtaí sin.

Ina theannta sin, coinneoidh an Ríocht Aontaithe a réimeas láidir pionós i leith gníomhaíochtaí neamhdhleathacha trádála agus smuigleála. Coinneofar an méid sin faoi athbhreithniú dlúth, chun pionóis a mhéadú a bhaineann le mí-úsáid na rialacha nua sin trí earraí a aistriú isteach san Aontas Eorpach más gá chun díspreagadh breise a sholáthar.

Déanfaidh an Ríocht Aontaithe gníomhaíocht éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach maidir le neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann. Air sin beidh anailís riosca, gníomhaíocht chomhlíontachta rioscabhunaithe agus measúnuithe riosca leanúnacha ar dhaonraí trádálaithe, agus smachtbhannaí agus pionóis mar bhonn taca leo.


(1)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.