Cód Custaim an Aontais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 — Cód Custaim an Aontais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an rialachán Cód Custaim an Aontais, lena leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta is infheidhme maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Aontais Eorpaigh (AE) nó a bhaintear amach as, arna gcur in oiriúint do shamhlacha trádála nua–aimseartha agus d’uirlisí cumarsáide.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé mar aidhm le Cód Custaim an Aontais agus leis na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe lena mbaineann (arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach faoin rialachán) an méid seo a leanas a dhéanamh:

Gníomhartha cur chun feidhme

Is é is aidhm do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann maidir le Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme agus cur chun feidhme comhchuibhithe nósanna imeachta ag gach Ballstát.

Leasaíodh an gníomh tarmligthe cúpla uair (féach na leaganacha comhdhlúite sa roinn “Doiciméid ghaolmhara” thíos).

Mar shampla, rinneadh é a leasú le déanaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/635 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 maidir leis an modh cruthúnais ar stádas custaim earraí de chuid an Aontais agus forálacha áirithe a bhaineann le nósanna imeachta iompair an Aontais.

Feidhmíonn roinnt gníomhartha cur chun feidhme eile chun earraí áirithe a chur leis an aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte, córas códaithe 8 ndigit ina gcuimsítear cóid an Chórais Chomhchuibhithe agus foranna breise an Aontais.

Deontais eile, mar shampla:

Le príomhghníomh cur chun feidhme, Rialachán (AE) 2023/1070, leagtar amach na socruithe teicniúla chun córais custaim leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ón 1 Meitheamh 2023 i leith, aisghaireadhagus cuireadh in ionad Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/414 é. Baineann sé le:

Tá feidhm aige ar na ríomhchórais seo a leanas:

Gníomhartha tarmligthe

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 forlíontar Rialachán (AE) 952/2013 i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le gnéithe áirithe de Chód Custaim an Aontais. Áirithítear leis go gcuirfear na comhrialacha arna mbunú i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun feidhme ar bhealach níos fearr agus go bhfreastalófar ar riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus riarachán custaim. Leasaíodh an gníomh tarmligthe sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 (an “Ionstraim Tarmligthe Idirthréimhseach”), lena leagtar síos roinnt rialacha idirthréimhseacha go dtí go mbeidh na córais TF riachtanacha i bhfeidhm go hiomlán.

Amhail na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh i ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, rinneadh cuid de na gníomhartha tarmligthe a leasú roinnt uaireanta.

Sna gníomhartha tarmligthe, déileáiltear freisin le gnéithe amhail:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm go huile agus go hiomlán ón 1 Bealtaine 2016. Le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 athbhreithníodh Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuireadh in ionad an Rialacháin sin agus a leasuithe ina dhiaidh sin é.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custam an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1–101).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus imlonnú na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custam an Aontais (IO L, 2023/2879, 22.12.2023).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 143, 2.6.2023, lgh. 65–104).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais, maidir leis an dul chun cinn i bhforbairt na gcóras leictreonach dá bhforáiltear faoin gCód (COM(2023) 68 final, 10.2.2023).

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais, maidir leis an dul chun cinn i bhforbairt na gcóras leictreonach dá bhforáiltear faoin gCód (SWD(2023) 29 final, 10.2.2023).

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis an meastóireacht eatramhach ar chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais (SWD(2022) 158 final/2, 27.6.2022).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An tAontas Custaim a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile: plean gníomhaíochta (COM(2020) 581 final, 28.9.2020).

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — an 2ú Tuarascáil Dhébhliantúil maidir le Dul chun Cinn ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus a Rialachas a fhorbairt (SWD(2020) 213 final, 28.9.2020).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lgh. 1–557).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lgh. 558–893).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.03.2024