Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2848 |
8.5.2024 |
P9_TA(2023)0386
Leasú a dhéanamh ar Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (COM(2021)0725 – C9-0436/2021 – 2021/0380(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2024/2848)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0725), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0436/2021), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meitheamh 2022 (1), |
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022 (2), |
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialacha 57 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0024/2023), |
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0380
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2869).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2848/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)