European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1164

26.4.2024

TREOIRLÍNE (AE) 2024/1164 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 8 Feabhra 2024

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2015/35) (BCE/2024/5)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, Airteagail 9.2, 12.1, 14.3 agus 18.2 agus an chéad mhír d’Airteagal 20 de,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear an ‘Reacht an CEBC’ anseo feasta), féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE), mar aon le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (dá ngairtear na ‘BCNanna’ anseo feasta) oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar bhonn comhthaobhachta leordhóthanaí. Leagtar síos na coinníollacha ginearálta faoina mbeidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta ullamh chun dul i mbun oibríochtaí creidmheasa, lena n-áirítear na critéir lena gcinntear incháilitheacht na comhthaobhachta chun críocha oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais i dTreoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1).

(2)

Tá gach sócmhainn incháilithe le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais faoi réir bearta rialaithe riosca sonracha chun an Eurochórais a chosaint ar chaillteanais airgeadais i gcúinsí ina gcaithfear an chomhthaobhacht a réadú mar gheall ar mhainneachtain contrapháirtí. Déantar athbhreithniú rialta ar chreat rialaithe riosca an Eurochórais chun cosaint leordhóthanach a áirithiú. Tá údar le leasuithe chun soiléiriú a dhéanamh ar láimhseáil caolchorrlaigh luachála deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag BCE sa deireadh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2015/35) (2) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 (BCE/2015/35) mar a leanas:

(1)

cuirtear an mhír 3 seo a leanas le hAirteagal 1:

‘3.   Ní chuirfear aon chaolchorrlach luachála i bhfeidhm maidir le deimhnithe fiachais BCE agus deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag BCNanna roimh an dáta a nglacfar an euro ina mBallstát faoi seach a bhfuil an euro mar airgeadra aige.’

;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir, ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an Aontas Eorpach agus deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, tá siad ar áireamh i gcatagóir caolchorrlaigh I;’;

(3)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

1.   Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do na BCNanna.

2.   Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 6 Bealtaine 2024. Cuirfidh siad na téacsanna agus na meáin a bhaineann leis na bearta sin in iúl don Bhanc Ceannais Eorpach faoin 22 Márta 2024 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Iad sin a bhfuil an Treoirlíne dírithe chucu

Dírítear an Treoirlíne seo chuig na BCNanna.

Arna déanamh in Frankfurt am Main, an 8 Feabhra 2024.

Thar ceann Chomhairle Rialaithe BCE

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (Treoirlíne maidir leis an Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).

(2)  Treoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Samhain 2015 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2015/35) (IO L 14, 21.1.2016, lch. 30).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2016/65 (BCE/2015/35): Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tábla 1:

‘Tábla 1

Catagóirí caolchorrlaigh do shócmhainní indíolta incháilithe bunaithe ar an gcineál eisitheora agus/nó an cineál sócmhainne

Catagóir I

Catagóir II

Catagóir III

Catagóir IV

Catagóir V

ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir

Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an Aontas Eorpach

Deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu

Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha

Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis (institiúidí creidmheasa nó institiúidí neamh-chreidmheasa) arna n-aicmiú ag an Eurosystem mar ghníomhaireachtaí agus a chomhlíonann na critéir chainníochtúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60)

Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta seachas an tAontas Eorpach

Bannaí faoi chumhdach reachtacha

Multi cédulas

Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais, corparáidí in earnáil an rialtais agus gníomhaireachtaí ar institiúidí neamh-chreidmheasa iad nach gcomhlíonann na critéir chainníochtúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60)

Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais, corparáidí in earnáil an rialtais agus gníomhaireachtaí ar institiúidí neamh-chreidmheasa iad nach gcomhlíonann na critéir chainníochtúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60)

Ionstraimí fiachais neamhurraithe arna n-eisiúint ag corparáidí airgeadais seachas institiúidí creidmheasa

Urrúis de bhun sócmhainní’


ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1164/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)