European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1083

17.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1083 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról uathúil ag seirbhísí meán neamhspleácha sa mhargadh inmheánach. Is earnáil iad atá ag athrú go tapa agus atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de agus a chuireann rochtain ar iolrachas tuairimí agus foinsí iontaofa faisnéise ar fáil an tráth céanna do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus a chomhlíonann, dá bhrí sin, feidhm leasa ghinearálta an ‘foras faire poiblí’ agus is gné ríthábhachtach iad i bpróiseas ceaptha thuairim an phobail. Tá níos mó seirbhísí meán ar fáil ar líne agus thar theorainneacha anois ach níl siad faoi réir na rialacha céanna agus an leibhéal céanna cosanta i mBallstáit éagsúla. Cé go ndearnadh roinnt ábhar a bhaineann le hearnáil na meán closamhairc a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá an raon feidhme agus na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir sin teoranta. Ina theannta sin, ní chumhdaítear na hearnálacha raidió agus preasa leis an Treoir sin, in ainneoin a n-ábharthacht thrasteorann a bheith ag dul i méid sa mhargadh inmheánach.

(2)

I bhfianaise a róil uathúil sheirbhísí na meán, is gné riachtanach de mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán é saoirse na meán agus iolrachas na meán mar dhá cheann de phríomhcholúin an daonlathais agus an smachta reachta, a chosaint. Ó thús an 21ú haois, tá athrú substainteach tar éis teacht ar an margadh sin, lena n-áirítear seirbhísí meán closamhairc raidió agus an preas, ó thús an 21ú haois, agus é ag éirí níos digití agus níos idirnáisiúnta. Cuireann sé go leor deiseanna eacnamaíocha ar fáil ach tá roinnt dúshlán roimhe freisin. Ba cheart don Aontas cuidiú le hearnáil na meán ionas go bhféadfaidh sí na deiseanna sin a thapú laistigh den mhargadh inmheánach, agus na luachanna atá i gcoiteann ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, a chosaint an tráth céanna, mar shampla cosaint na gceart bunúsach.

(3)

I spás na meán digiteach, bíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar ábhar meán, agus baineann siad úsáid as ábhar meán agus seirbhísí, atá ar fáil láithreach ar a gcuid gléasanna pearsanta, agus is minice a bhíonn sé sin ag tarlú i gcomhthéacs trasteorann. Is amhlaidh atá i gcás na meán closamhairc, raidió agus an phreasa, agus seirbhísí meán fuaime araon, atá inrochtana go héasca tríd an idirlíon, mar shampla trí phodchraoltaí nó trí thairseacha nuachta ar líne,. Le hinfhaighteacht ábhair i roinnt teangacha agus rochtain éasca orthu trí ghléasanna cliste, ar nós fón cliste nó táibléad, méadaítear ábharthacht trasteorann na seirbhísí meán, mar atá bunaithe cheana féin i mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (5) (‘an Chúirt Bhreithiúnais’). Mar bhonn taca leis an ábharthacht sin tá an méadú atá ag teacht ar úsáid agus ar ghlacadh uirlisí aistriúcháin nó fotheidealaithe uathoibríocha a laghdaíonn na bacainní teanga laistigh den mhargadh inmheánach, agus cóineasú na gcineálacha éagsúla meán, lena gcomhcheanglaítear inneachar closamhairc agus neamh-chlosamhairc sa tairiscint chéanna.

(4)

Níl an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán comhtháite go leor áfach, agus tá sé ag fulaingt mar gheall ar roinnt teipeanna margaidh a bhfuil méadú tar éis teacht orthu mar gheall ar an digiteáil. Ar an gcéad dul síos, feidhmíonn ardáin dhomhanda ar líne mar gheataí chuig ábhar na meán, agus bíonn luí ag múnlaí gnó dí-idirghabháil a dhéanamh maidir le rochtain ar sheirbhísí meán agus ábhar deighilteach agus bréagaisnéis a mhéadú. Is soláthraithe riachtanacha fógraíochta ar líne iad na hardáin sin freisin, a d’aistrigh acmhainní airgeadais ó earnáil na meán, a rinne difear dá inbhuanaitheacht airgeadais, agus dá réir sin d’éagsúlacht an ábhair atá ar fáil. Toisc go bhfuil seirbhísí meán dian ar eolas agus dian ar chaipiteal, éilítear scála leo chun go bhfanfaidh siad iomaíoch, chun freastal ar riachtanais a bpobal meáin, agus chun go mbeidh rath orthu sa mhargadh inmheánach. Chuige sin, tá tábhacht ar leith leis an bhféidearthacht seirbhísí a thairiscint thar theorainneacha agus infheistíocht a fháil, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile. Ar an dara dul síos, cuireann roinnt srianta náisiúnta bac ar an tsaorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach. Go háirithe, de bharr rialacha agus cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta a bhaineann le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta, comhar neamhleor idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta agus leithdháileadh teimhneach éagórach acmhainní eacnamaíocha poiblí agus príobháideacha, bíonn sé deacair do ghníomhaithe i margadh na meán oibriú agus leathnú thar theorainneacha agus is í cothrom na Féinne ar fud an Aontais a leanann astu. Ar an tríú dul síos, cruthaíonn soláthraithe, lena n-áirítear iad siúd atá á rialú ag tríú tíortha áirithe, a bhíonn ag gabháil go córasach den bhréagaisnéis, nó ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, deacrachtaí do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán, agus úsáideann siad saoirsí an mhargaidh inmheánaigh chun críoch mí-úsáideach, rud a chuireann bac ar fheidhmiú cuí dhinimic an mhargaidh.

(5)

Déanann ilroinnt na rialacha agus na gcineálacha cur chuige atá ina saintréith de mhargadh na meán san Aontas difear diúltach, ar leibhéil éagsúla, do na coinníollacha faoina bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse meán in earnálacha éagsúla gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear na hearnálacha closamhairc, raidió agus preasa, agus baineann sí an bonn óna n-inniúlacht oibriú go héifeachtúil trasteorann nó oibríochtaí a bhunú i mBallstáit eile. D’fhéadfadh bearta agus nósanna imeachta náisiúnta a bheith fabhrach d’iolrachas na meán i mBallstát, ach d’fhéadfadh éiginnteacht dhlíthiúil agus costais bhreise a bheith ann do ghnóthais meán atá toilteanach dul isteach i margaí nua mar gheall ar an éagsúlacht agus easpa comhordaithe idir bearta agus nósanna imeachta náisiúnta na mBallstát, agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, cosc a chur orthu tairbhe a bhaint as scála an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán. Thairis sin, dídhreasaíonn bearta náisiúnta idirdhealaitheacha nó caomhnaitheacha a dhéanann difear d’oibriú gnóthais meán infheistíocht trasteorann in earnáil na meán agus i gcásanna áirithe d’fhéadfaidís iallach a chur ar ghnóthais meán atá ag feidhmiú cheana féin i margadh ar leith é a fhágáil. Bíonn tionchar ag na bacainní sin ar ghnóthais meán atá gníomhach san earnáil craoltóireachta lena n-áirítear na hearnálacha closamhairc agus raidió agus san earnáil preasa araon. Cé go mbaineann ilroinnt na gcoimircí neamhspleáchais eagarthóireachta le earnálacha uile na meán, déanann sé difear d’earnáil an phreasa go háirithe ós rud é go bhfuil difríochtaí níos mó idir cineálacha cur chuige rialála nó féinrialála náisiúnta i ndáil leis an bpreas.

(6)

Ceal uirlisí le haghaidh comhar rialála idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear don mhargadh inmheánach do sheirbhísí meán freisin. Tá an comhar sin ríthábhachtach chun a áirithiú nach mbainfidh gníomhaithe i margadh na meán, a bhíonn gníomhach go minic in earnálacha éagsúla na meán, a ghlacann páirt chórasach sa bhréagaisnéis nó i gcúbláil agus cur isteach ar fhaisnéis, tairbhe as scála an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí na meán. Ina theannta sin, cé go n-úsáidtear leithdháileadh claonta acmhainní eacnamaíocha, go háirithe i bhfoirm fógraíocht stáit, chun eagraíochtaí meán in earnálacha uile na meán a fhóirdheonú go folaitheach, is iondúil go mbíonn tionchar diúltach ar leith aige ar an bpreas, preas a lagaíodh mar gheall ar leibhéil laghdaitheacha ioncaim fógraíochta. Leis na dúshláin a eascraíonn as an gclaochlú digiteach is deacra do na gnóthais i ngach earnáil meán, go háirithe sna hearnálacha beaga in earnáil an raidió agus an phreasa, cothroime iomaíochta a fháil agus iad in iomaíocht leis na hardáin ar líne, a bhfuil ról lárnach acu i ndáileadh ábhair ar líne.

(7)

Mar fhreagra ar dhúshláin d’iolrachas na meán agus do shaoirse na meán ar líne, tá bearta rialála glactha ag roinnt Ballstát agus is dócha go ndéanfaidh Ballstáit eile amhlaidh, agus tá an riosca ann go gcuirfear chun cinn an éagsúlacht sna cineálacha cur chuige náisiúnta agus srianta ar an tsaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, is gá gnéithe áirithe de rialacha náisiúnta a bhaineann le hiolrachas na meán agus le neamhspleáchas eagarthóireachta a chomhchuibhiú, agus ar an gcaoi sin ardchaighdeáin a ráthú sa réimse sin.

(8)

Ba cheart faighteoirí seirbhísí meán san Aontas eadhon daoine nádúrtha ar náisiúnaigh de Bhallstáit iad nó a bhaineann tairbhe as cearta a thugtar dóibh le dlí an Aontais agus daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas a bheith in ann sásamh a bhaint as ábhar meán iolraíoch a táirgeadh i gcomhréir le saoirse eagarthóireachta sa mhargadh inmheánach. Tá sé sin ríthábhachtach chun dioscúrsa poiblí agus rannpháirtíocht shibhialta a chothú, toisc go dtugann raon leathan foinsí iontaofa faisnéise agus iriseoireacht ar ardcháilíocht cumhacht do shaoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh, lena n-áirítear maidir le staid a ndaonlathas. Tá sé ríthábhachtach freisin don éagsúlacht chultúrtha agus teanga san Aontas, i bhfianaise ról sheirbhísí meán mar iompróirí léirithe chultúrtha. Ba cheart do na Ballstáit an ceart chun iolrachais ábhair meán a urramú agus rannchuidiú le timpeallacht chumasúcháin meán trína áirithiú go bhfuil na creatdálaí ábhartha i bhfeidhm. Le cur chuige den sórt sin, léirítear an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt agus an ceanglas saoirse na meán agus iolrachas na meán a urramú de bhun Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), i gcomhar le hAirteagal 22 de, lena gceanglaítear ar an Aontas éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú. Anuas air sin, agus sreabhadh trasteorann seirbhísí meán á chothú, ba cheart íosleibhéal cosanta d’fhaighteoirí seirbhísí meán a áirithiú sa mhargadh inmheánach. I dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’iarr na saoránaigh ar an Aontas neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chur chun cinn a thuilleadh, go háirithe trí reachtaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar neamhspleáchas na meán trí íoschaighdeáin ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is gá gnéithe áirithe de rialacha náisiúnta a bhaineann le seirbhísí meán a chomhchuibhiú, agus Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á chur san áireamh freisin, ina n-athdhearbhaítear a thábhachtaí atá sé éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach na mBallstát a urramú. Mar sin féin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a ghlacadh i réimsí sonracha, ar choinníoll go n-áiritheofar leis na rialacha sin leibhéal níos airde cosanta d’iolrachas na meán nó do neamhspleáchas eagarthóireachta, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcomhlíontar dlí an Aontais leo agus nach gcuireann na Ballstáit srian ar shaorghluaiseacht seirbhísí meán ó Bhallstáit eile a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos sna réimsí sin. Ba cheart an deis a bheith go fóill ag na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a ghlacadh chun iolrachas na meán nó neamhspleáchas eagarthóireachta a chaomhnú ar an leibhéal náisiúnta maidir le gnéithe nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo a mhéid a chomhlíonann na bearta sin dlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Is iomchuí a thabhairt chun cuimhne chomh maith go n-urramaíonn an Rialachán seo freagrachtaí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe na cumhachtaí atá acu feidhmeanna bunriachtanacha stáit a choimirciú.

(9)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an sainmhíniú ar sheirbhís meán a theorannú do sheirbhísí mar a shainmhínítear in CFAE agus ba cheart, dá bhrí sin, aon chineál gníomhaíochta eacnamaíche a chumhdach leis. Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar sheirbhís meán, go háirithe craoltaí teilifíse nó raidió, seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, podchraoltaí fuaime nó preasfhoilseacháin. Ba cheart a eisiamh leis ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a uaslódáiltear chuig ardán ar líne ach amháin más gníomhaíocht ghairmiúil í a sholáthraítear de ghnáth chun í a mheas cibé acu de chineál airgeadais nó de chineál eile í. Ba cheart a eisiamh leis freisin comhfhreagras atá go hiomlán príobháideach, mar shampla ríomhphoist agus na seirbhísí uile nach éard is príomhchuspóir dóibh cláir nó preasfhoilseacháin a sholáthar, is é sin ábhar nach bhfuil ach teagmhasach leis an tseirbhís agus nach é is príomhchuspóir di, mar shampla fógraí nó faisnéis a bhaineann le táirge nó le seirbhís a sholáthraíonn láithreáin ghréasáin nach dtairgeann seirbhísí meán. Ba cheart cumarsáid chorparáideach agus dáileadh ábhar faisnéise nó fógraíochta le haghaidh eintitis phoiblí nó phríobháideacha a eisiamh ó raon feidhme an tsainmhínithe sin. Thairis sin, ós rud é go bhféadfadh sé gur i bhfoirmeacha éagsúla a bheadh oibriú soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach, ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar sholáthraí seirbhíse meán raon leathan gníomhaithe gairmiúla meán a thagann faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar sheirbhís meán, lena n-áirítear saoroibrithe.

(10)

Ba cheart a thuiscint gurb iad soláthraithe meán seirbhíse poiblí na soláthraithe sin a gcuirtear sainchúram seirbhíse poiblí de chúram orthu i gcomhthráth agus a fhaigheann cistiú poiblí chun an sainchúram sin a chomhlíonadh. Níor cheart a chumhdach leis sin gnóthais meán phríobháideacha a d’aontaigh, mar chuid theoranta dá ngníomhaíochtaí, cúraimí sonracha áirithe leasa ghinearálta a chur i gcrích i gcomhair íocaíochta.

(11)

I margadh na meán digiteach, d’fhéadfadh soláthraithe ardán comhroinnte físeán nó soláthraithe ardán an-mhór ar líne teacht faoin sainmhíniú ar sholáthraí seirbhíse meán. Go ginearálta, tá ról lárnach ag soláthraithe mar sin in eagrú an ábhair, lena n-áirítear trí mhodhanna uathoibrithe nó trí bhíthin algartaim, ach ní bhíonn freagracht eagarthóireachta orthu as an ábhar a dtugann siad rochtain air. I dtimpeallacht na meán a bhfuil níos mó cóineasú inti, áfach, tá tosaithe ag roinnt soláthraithe ardán comhroinnte físeán nó soláthraithe ardán an-mhór ar líne ar rialú eagarthóireachta a dhéanamh ar roinn nó ar ranna dá seirbhísí. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil freagracht eagarthóireachta ag na soláthraithe sin ar roinn nó ar ranna dá gcuid seirbhísí, d’fhéadfaí iad a cháiliú mar sholáthraí ardáin comhroinnte físeán nó mar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne agus mar sholáthraí seirbhíse meán.

(12)

Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar thomhas pobail meáin córais tomhais arna bhforbairt mar a chomhaontaítear le caighdeáin tionscail laistigh d’eagraíochtaí féinrialála, mar shampla na comhchoistí tionscail, agus córais tomhais a fhorbraítear lasmuigh de na cineálacha cur chuige féinrialála. Na córais tomhais sin, is iondúil gurb iad na páirtithe a bhaineann úsáid astu gníomhaithe áirithe ar líne, lena n-áirítear ardáin ar líne, a dhéanann féintomhas nó a sholáthraíonn don mhargadh a gcórais dílseánaigh tomhaiste pobail meáin, gan cloí leis na caighdeáin tionscail ná na dea-chleachtais a chomhaontaítear. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a bhíonn ag na córais tomhaiste pobail meáin sin ar mhargaí na fógraíochta agus na meán, ba cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo. Go háirithe, leis an acmhainneacht rochtain ar ábhar meán a sholáthar agus an cumas spriocdhíriú ar a n-úsáideoirí le fógraíocht, is féidir le hardáin ar líne dul in iomaíocht leis na soláthraithe seirbhíse meán ar leo an t-inneachar a dháileann siad. Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint leis an sainmhíniú ar ‘tomhas pobail meáin’ go n-áirítear leis freisin córais tomhais lenar féidir faisnéis faoi úsáid ábhair meán agus ábhar arna chruthú ag úsáideoirí ar ardáin ar líne a úsáidtear go príomha chun rochtain a fháil ar an ábhar sin a bhailiú, a léirmhíniú nó a phróiseáil ar bhealach eile. D’áiritheofaí leis sin go mbeadh soláthraithe córas tomhaiste pobail meáin, ar idirghabhálaithe iad a bhfuil baint acu le dáileadh ábhair, trédhearcach faoina ngníomhaíochtaí tomhaiste pobail meáin, rud a chothódh cumas soláthraithe seirbhíse meán agus na bhfógróirí roghanna eolasacha a dhéanamh.

(13)

Ba cheart a thuiscint go ginearálta go gcumhdaítear le fógraíocht stáit, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo í, gníomhaíochtaí promóisin nó féinphromóisin, fógraí poiblí nó feachtais faisnéise arna ndéanamh ag raon leathan údarás nó eintiteas poiblí, ar son réimse leathan údarás poiblí nó eintiteas poiblí nó thar a gceann, lena n-áirítear rialtais náisiúnta nó fonáisiúnta, údaráis nó comhlachtaí rialála agus eintitis arna rialú ag rialtais náisiúnta nó fhonáisiúnta. D’fhéadfadh rialú mar sin teacht as cearta, conarthaí nó aon mhodh eile a thugann an deis tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas. Go háirithe, is gnéithe ábhartha iad úinéireacht chaipitil nó an ceart na sócmhainní uile eintitis nó cuid díobh a úsáid, nó cearta nó conarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgán de chuid eintitis, mar a leagtar síos in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (7). Níor cheart a áireamh leis an sainmhíniú ar fhógraíocht stáit fógraí oifigiúla a bhfuil údar leo mar gheall ar chúis sáraitheach a bhaineann leis an leas poiblí, áfach, ar nós teachtaireachtaí éigeandála ó údaráis nó eintitis phoiblí atá riachtanach, mar shampla, i gcás tubaistí nádúrtha nó géarchéimeanna sláinte, timpistí nó teagmhais thobanna eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhaoine aonair. I gcás ina bhfuil deireadh tagtha leis an staid éigeandála, ba cheart fógraí a bhaineann leis an éigeandáil sin agus a dhéantar a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile a mheas mar fhógraíocht stáit.

(14)

Chun a áirithiú go mbainfidh an tsochaí sochar as an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán, tá sé fíor-riachtanach ní hamháin na saoirsí bunúsacha faoi na Conarthaí a ráthú, ach an deimhneacht dhlíthiúil chomh maith, rud atá riachtanach chun leas a bhaint as na tairbhí a ghabhann le margadh comhtháite forbartha. I margadh inmheánach dea-fheidhmiúil, ba cheart faighteoirí seirbhísí meán a bheith in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí meán d’ardcháilíocht, ar seirbhísí iad a tháirg iriseoirí ar bhealach neamhspleách agus i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla agus iriseoireachta agus lena gcuirtear faisnéis iontaofa ar fáil dá bharr sin. Tá an méid sin ábhartha go háirithe i gcás ábhar nuachta agus cúrsaí reatha, ina bhfuil catagóir leathan d’ábhar spéise polaitiúil, sochaíoch nó cultúrtha, (ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta). D’fhéadfadh ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ról tábhachtach a imirt i múnlú thuairimí an phobail agus tá tionchar díreach aige ar rannpháirtíocht dhaonlathach agus ar dhea-bhail na sochaí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thuiscint go gcumhdaíonn ábhar nuachta agus cúrsaí reatha aon chineál ábhair nuachta agus cúrsaí reatha, gan beann ar an bhfoirm ina bhfuil sé. Is féidir ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur os comhair pobail mheáin i go leor slite, cuir i gcás cláir faisnéise, irisí nó seónna cainte, agus is féidir iad a scaipeadh ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trína n-íoslódáil ar ardáin ar líne. Is cealú iad seirbhísí meán d’ardcháilíocht freisin ar an mbréagaisnéis, agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Ba cheart rochtain ar sheirbhísí mar sin a áirithiú freisin trí chosc a chur le hiarrachtaí iriseoirí a chur ina dtost, ó bhagairtí agus ciapadh go cinsireacht agus tuairimí easaontacha a chealú, iarrachtaí a d’fhéadfadh srian a chur le saorghluaiseacht na faisnéise chun an réimse phoiblí trí cháilíocht agus iolrachas na faisnéise a laghdú. Níl i gceist leis an gceart chun iolrachas ábhar na meán aon oibleagáid chomhfhreagrach ar aon soláthraí seirbhíse meán caighdeáin nach leagtar amach go sainráite le dlí a chomhlíonadh.

(15)

Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a ráthaítear do dhaoine aonair faoin gCairt. I dteannta an dualgais dhiúltaigh atá ar na cumhachtaí poiblí gan cur isteach, is léir don Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil oibleagáid dhearfach orthu, in earnáil atá chomh híogair sin le hearnáil na meán closamhairc, creat reachtach agus riaracháin iomchuí a chur i bhfeidhm chun iolrachas éifeachtach na meán a ráthú (8).

(16)

Tá saorshreabhadh faisnéise iontaofa fíor-riachtanach i margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán. Dá bhrí sin, níor cheart soláthar seirbhísí meán a bheith faoi réir aon srian atá contrártha leis an Rialachán seo nó le rialacha eile de dhlí an Aontais, mar shampla, Treoir 2010/13/AE lena ndéantar foráil maidir le bearta is gá chun úsáideoirí a chosaint ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach. D’fhéadfadh srianta teacht freisin ó bhearta arna gcur i bhfeidhm ag údaráis phoiblí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

(17)

Is réamhchoinníoll é cosaint neamhspleáchais eagarthóireachta chun gníomhaíocht soláthraithe seirbhíse meán agus a n-ionracas gairmiúil a fheidhmiú i dtimpeallacht meán shábháilte. Tá neamhspleáchas eagarthóireachta thar a bheith tábhachtach do sholáthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn ábhar nuachta agus cúrsaí reatha i bhfianaise a róil sa tsochaí mar leas poiblí. Ba cheart soláthraithe seirbhíse meán a bheith in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú gan srianta sa mhargadh inmheánach agus dul san iomaíocht ar chomhchéim i dtimpeallacht ar líne atá ag méadú i gcónaí ina bhfuil faisnéis ag sreabhadh thar theorainneacha.

(18)

Tá cineálacha cur chuige éagsúla glactha ag na Ballstáit maidir le saoirse eagarthóireachta agus neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint, a bhfuil dúshlán níos mó ag baint leis ar fud an Aontais. Tá cur isteach níos mó ar chinntí eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán i roinnt Ballstát, go háirithe. D’fhéadfadh an cur isteach sin a bheith díreach nó indíreach, ón stát nó ó ghníomhaithe eile, lena n-áirítear údaráis phoiblí, oifigigh thofa, oifigigh rialtais agus polaiteoirí, mar shampla chun buntáiste polaitiúil a fháil. D’fhéadfadh scairshealbhóirí agus páirtithe príobháideacha eile a bhfuil leas acu i soláthraithe seirbhíse meán gníomhú ar bhealaí a théann thar an gcothromaíocht is gá idir a saoirse gnó féin agus saoirse chun tuairimí a nochtadh, ar thaobh amháin, agus an tsaoirse eagarthóireachta chun tuairimí a nochtadh agus cearta úsáideoirí chun faisnéis a fháil, ar an taobh eile, agus iad ar thóir buntáiste eacnamaíoch nó eile. I bhfianaise ról sochaíoch na meán, d’fhéadfadh an cur isteach míchuí sin tionchar diúltach a imirt ar phróiseas ceaptha tuairimí an phobail. Thairis sin, le treochtaí le déanaí maidir le dáileadh agus tomhaltas na meán, lena n-áirítear sa timpeallacht ar líne go háirithe, spreagadh na Ballstáit chun breithniú a dhéanamh ar dhlíthe atá dírithe ar sholáthar ábhair meán a rialáil. Tá difríochtaí idir na cineálacha cur chuige a ghlacann soláthraithe seirbhíse meán chun neamhspleáchas eagarthóireachta a áirithiú freisin. Mar thoradh ar an gcur isteach sin agus ar an ilroinnt sin ar rialacháin agus cineálacha cur chuige, imríonn na coinníollacha le haghaidh feidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán tionchar diúltach ar an margadh inmheánach agus, ar deireadh, ar cháilíocht na seirbhísí meán a fhaigheann saoránaigh agus gnólachtaí. Is gá, dá bhrí sin, coimircí éifeachtacha a chur i bhfeidhm lena bhféadfar saoirse eagarthóireachta a fheidhmiú ar fud an Aontais ionas gur féidir le soláthraithe seirbhíse meán a n-ábhar a tháirgeadh agus a dháileadh go neamhspleách thar theorainneacha agus chun go bhféadfaidh faighteoirí seirbhísí meán an t-ábhar sin a fháil.

(19)

Is iad iriseoirí agus eagarthóirí na príomhpháirtithe i dtáirgeadh agus i soláthar ábhar meán iontaofa, go háirithe trí thuairisciú ar nuacht nó ar chúrsaí reatha. Is ionann foinsí agus ‘amhábhar’ d’iriseoirí: tá siad mar bhonn le hábhar na meán a léiriú, go háirithe ábhar nuachta agus cúrsaí reatha. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cosaint a thabhairt do chumas iriseoirí faisnéis a bhailiú, fíricí a sheiceáil agus faisnéis a anailísiú, go háirithe faisnéis a thugtar nó a chuirtear in iúl faoi rún, ar líne agus as líne araon, a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó a d’fhéadfadh iad a shainaithint. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán agus a bhfoireann eagarthóireachta, go háirithe iriseoirí (lena n-áirítear iad siúd a oibríonn i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta, mar shampla, saoroibrithe) a bheith in ann brath ar chosaint láidir d’fhoinsí iriseoireachta agus do chumarsáid rúnda, lena n-áirítear cosaint i gcoinne cur isteach míchuí agus imscaradh teicneolaíochtaí faireachais. Gan an chosaint sin, d’fhéadfaí saorshreabhadh foinsí chuig na soláthraithe seirbhíse meán a dhíspreagadh agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar shaorfheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche ag soláthraithe seirbhíse meán, chun dochair do sholáthar faisnéise don phobal, lena n-áirítear maidir le hábhair a bhaineann le leas an phobail. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí i mbaol leis na bacainní sin saoirse iriseoirí a ngníomhaíocht eacnamaíoch a fheidhmiú agus a ról ríthábhachtach mar ‘fhoras faire poiblí’ a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin tionchar diúltach a imirt ar rochtain ar sheirbhísí meán ardcháilíochta.

(20)

Chun nach dtiocfar timpeall ar chosaint foinsí iriseoireachta agus cumarsáide rúnda agus chun urraim leordhóthanach do shaol príobháideach agus saol teaghlaigh an duine, don bhaile agus don chumarsáid a ráthú i gcomhréir leis an gCairt, ba cheart feidhm a bheith ag coimircí freisin maidir le daoine ar dócha, mar gheall ar a gcaidreamh rialta príobháideach nó gairmiúil le soláthraithe seirbhíse meán nó le baill dá bhfoireann eagarthóireachta, go bhfuil faisnéis acu a d’fhéadfadh foinsí iriseoireachta nó cumarsáid faoi rún a shainaithint. Ba cheart a áireamh leis sin daoine a bhfuil dlúthchaidreamh acu i gcomhtheaghlach agus ar bhonn cobhsaí leanúnach agus daoine a bhfuil nó a raibh baint ghairmiúil acu le hullmhú, le táirgeadh nó le scaipeadh clár nó preasfhoilseachán, nach ndírítear orthu ach amháin mar gheall ar na dlúthnaisc atá acu le soláthraithe seirbhíse meán, le hiriseoirí nó le baill eile den fhoireann eagarthóireachta. Ba cheart cosaint foinsí iriseoireachta agus cumarsáide rúnda a bheith chun tairbhe d’fhoireann na soláthraithe seirbhíse meán freisin, mar shampla, an fhoireann theicniúil, lena n-áirítear saineolaithe cibearshlándála, a bhféadfaí díriú orthu mar gheall ar a ról tábhachtach tacaíochta d’iriseoirí ina gcuid oibre laethúla, rud a éilíonn réitigh chun rúndacht obair na n-iriseoirí a áirithiú agus an dóchúlacht dá bharr sin go mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó cumarsáid rúnda.

(21)

Tá cosaint foinsí iriseoirí agus na cumarsáide rúnda i gcomhréir le agus rannchuidíonn sí le cosaint an chirt bhunúsaigh a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt. Tá sé ríthábhachtach freisin chun ról na soláthraithe seirbhíse meán a chosaint, go háirithe iriseoirí iniúchacha, i sochaithe daonlathacha, agus chun an smacht reachta a chaomhnú. I bhfianaise an mhéid sin, chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú d’fhoinsí iriseoireachta agus cumarsáidí rúnda, ní mór go n-údarófaí bearta chun an fhaisnéis sin a fháil ó údarás atá in ann a mheas go neamhspleách agus go neamhchlaonta an bhfuil údar leis sin ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail, mar shampla, cúirt, breitheamh, ionchúisitheoir atá ag gníomhú i gcáil bhreithiúnach, nó údarás eile mar sin a bhfuil inniúlacht aige na bearta sin a údarú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ceanglaítear leis freisin go mbeidh bearta faireachais faoi réir athbhreithniú rialta arna dhéanamh ag an údarás sin chun a fháil amach an bhfuil na coinníollacha lena dtugtar údar d’úsáid an bhirt á gcomhlíonadh go fóill. Comhlíontar an ceanglas sin freisin i gcás inarb é cuspóir leis an athbhreithniú rialta a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha lena dtugtar údar le síneadh a chur leis an údarú chun an beart a úsáid.

(22)

Ba cheart a mheabhrú freisin, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, maidir le ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach, go nglactar leis, i bprionsabal go mbeidh an duine curtha ar an eolas in am trátha, gan éifeachtacht imscrúduithe leanúnacha a chur i mbaol, faoi na bearta faireachais a rinneadh gan an duine lena mbaineann a chur ar an eolas chun an ceart sin a fheidhmiú go héifeachtach. Chun an ceart sin a neartú tuilleadh, tá sé tábhachtach go mbeidh soláthraithe seirbhíse meán, iriseoirí agus daoine a bhfuil caidreamh rialta nó gairmiúil acu leo in ann brath ar chúnamh leordhóthanach i bhfeidhmiú an chirt sin. D’fhéadfadh an cúnamh sin a bheith de chineál dlíthiúil, airgeadais nó eile, mar shampla, faisnéis a sholáthar maidir le leigheasanna breithiúnacha atá ar fáil. Mar shampla, d’fhéadfadh údarás nó comhlacht neamhspleách an cúnamh sin a chur ar fáil go héifeachtach, nó, i gcás nach ann d’aon údarás ná comhlacht mar sin, d’fhéadfadh comhlacht nó sásra féinrialála é a chur ar fáil. Ní hé is cuspóir don Rialachán seo comhchuibhiú a dhéanamh ar na coincheapa ‘coinneáil’, ‘iniúchadh’, ‘cuardach agus urghabháil’ agus ‘faireachas’.

(23)

Tá cosaint foinsí iriseoirí agus cumarsáide rúnda á rialú go hilchineálach sna Ballstáit faoi láthair. Soláthraíonn roinnt Ballstát cosaint iomlán d’iriseoirí ar iallach a bheith curtha orthu faisnéis a nochtadh ina sainaithnítear a bhfoinse in imeachtaí coiriúla agus riaracháin, lena n-áirítear cumarsáid a dhéantar ar choinníoll rúndachta. Soláthraíonn Ballstáit eile cosaint cháilithe atá teoranta d’imeachtaí breithiúnacha bunaithe ar chúisimh choiriúla áirithe, agus soláthraíonn Ballstáit eile cosaint i bhfoirm prionsabail ghinearálta. Is é an toradh a bhíonn air sin ilroinnt sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán agus caighdeáin mhíchothroma cosanta le haghaidh foinsí iriseoirí agus cumarsáid rúnda ar fud an Aontais. Chuige sin, tugtar isteach leis an Rialachán seo íoschaighdeáin choiteanna chosanta d’fhoinsí iriseoireachta agus do chumarsáid rúnda maidir le bearta comhéigneacha a úsáideann na Ballstáit chun an fhaisnéis sin a fháil. Chun cosaint éifeachtach foinsí iriseoireachta agus cumarsáide rúnda a áirithiú, níor cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na bearta sin, lena n-áirítear bogearraí faireachais chunóraigh a imscaradh, i ndáil le soláthraithe seirbhíse meán, a bhfoireann eagarthóireachta nó aon duine a d’fhéadfadh, mar gheall ar an gcaidreamh rialta nó gairmiúil atá acu le soláthraí seirbhíse meán nó a fhoireann eagarthóireachta, faisnéis a bheith acu a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó cumarsáid rúnda nó a bheadh in ann iad a shainaithint.

(24)

Bíonn gairmithe na meán, go háirithe iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí eagarthóireachta, ag obair níos mó agus níos mó ar thionscadail trasteorann agus iad ag soláthar a gcuid seirbhísí do phobail mheáin thrasteorann, agus do sholáthraithe seirbhíse meán trasteorann dá réir. Mar thoradh air sin, is dócha go mbeidh bacainní, éiginnteacht dhlíthiúil agus coinníollacha míchothroma iomaíochta os comhair soláthraithe seirbhíse meán. Dá bhrí sin, tá gá le cosaint foinsí iriseoireachta agus cumarsáide rúnda a chomhchuibhiú agus a neartú a thuilleadh ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do chosaint bhreise nó do chosaint iomlán ar an leibhéal náisiúnta.

(25)

Is éard atá i mbogearraí faireachais chunóraigh, lena n-áirítear go háirithe an rud dá ngairtear ‘earraí spiaireachta’ go coitianta, cineál faireachais an-ionrach ar ghairmithe na meán agus ar a bhfoinsí. Is féidir iad a úsáid chun glaonna a thaifeadadh go rúnda nó úsáid a bhaint ar bhealach eile as micreafón gléis úsáideora deiridh, scannán nó grianghraf a ghlacadh de dhaoine nádúrtha, de mheaisíní nó dá dtimpeallachtaí, teachtaireachtaí a chóipeáil, rochtain a fháil ar shonraí inneachair chriptithe, gníomhaíocht bhrabhsála a rianú, geoshuíomh a rianú nó sonraí braiteora eile a bhailiú, nó gníomhaíochtaí a rianú ar fud gléasanna éagsúla úsáideora deiridh. Bíonn éifeachtaí athchomhairleacha aige ar fheidhmiú saor na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnáil na meán. Cuireann siad i mbaol, go háirithe, an caidreamh iontaofa idir iriseoirí agus a bhfoinsí, atá i gcroílár ghairm an iriseora. I bhfianaise chineál digiteach agus cunórach na mbogearraí spiaireachta sin agus úsáid na ngléasanna thar theorainneacha, tá tionchar díobhálach ar leith aige ar fheidhmiú ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go mbraitheann soláthraithe seirbhíse meán, lena n-áirítear iriseoirí, atá ag feidhmiú i margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán, ar chosaint chomhchuibhithe láidir i ndáil le himscaradh bogearraí faireachais chunóraigh san Aontas, lena n-áirítear nuair a théann údaráis na mBallstát i muinín páirtithe príobháideacha lena imscaradh.

(26)

Níor cheart bogearraí faireachais chunóraigh a imscaradh ach amháin má tá údar leis ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail, má fhoráiltear dó i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, má tá sé i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais agus le dlí eile de chuid an Aontais, má tá sé údaraithe ex ante, nó, i gcásanna eisceachtúla práinneacha, agus iad deimhnithe ina dhiaidh sin ag údarás breithiúnach nó ag údarás cinnteoireachta neamhspleách neamhchlaonta, má tharlaíonn sé in imscrúduithe ar chionta a liostaítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB (9) ón gComhairle sin ina chion inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann lena ngabhann pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála go ceann uastréimhse 3 bliana ar a laghad nó cionta tromchúiseacha eile atá ina gcionta inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann lena ngabhann pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála lena mbaineann uastréimhse 5 bliana ar a laghad, mar a chinntear le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin, agus mura mbeadh aon bheart eile is lú srian leordhóthanach chun an fhaisnéis atá á lorg a fháil. De réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur le cearta agus saoirsí an duine aonair ach amháin má tá gá leo agus má comhlíonann siad i ndáiríre cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le bogearraí faireachais chunóraigh a imscaradh go sonrach, is gá a fháil amach go mbaineann an cion atá i gceist amach tairseach na tromchúise mar a leagtar síos sa Rialachán seo, gur fiú, don imscrúdú agus ionchúiseamh ar an gcion sin, i bhfianaise measúnú aonair ar na himthosca ábhartha go léir i gcás ar leith, an cur isteach fíorchunórach ar na cearta bunúsacha agus ar na saoirsí eacnamaíocha arb é atá iontu bogearraí faireachais chunóraigh a imscaradh, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh an cion sin, agus go bhfuil imscaradh bogearraí faireachais chunóraigh ábhartha chun na fíorais a bhaineann le himscrúdú agus ionchúiseamh an chiona sin a shuí.

(27)

Tá ról ar leith ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí maidir leis an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán, trína áirithiú go bhfuil rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar thairiscint ábhair ilghnéithigh, lena n-áirítear faisnéis ardcháilíochta agus cumhdach neamhchlaonta sna meáin, mar chuid dá gcúraimí mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Prótacal Uimh. 29 maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit, atá i gceangal le CAE agus le CFAE. Tá ról tábhachtach acu maidir leis an gceart bunúsach chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena ndéantar daoine a chumasú chun faisnéis ilghnéitheach a lorg agus a fháil, agus luachanna an daonlathais, na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhtháthaithe shóisialta a chur chun cinn. Is fóram iad le haghaidh plé poiblí agus bealach chun rannpháirtíocht dhaonlathach níos leithne saoránach a chur chun cinn. Tá ríthábhacht le neamhspleáchas soláthraithe meán seirbhíse poiblí le linn tréimhsí toghcháin chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis neamhchlaonta atá ar ardchaighdeán. Mar sin féin, is féidir le soláthraithe meán seirbhíse poiblí a bheith neamhchosanta go háirithe ar an riosca go gcuirfí isteach orthu, i bhfianaise a gcóngarachta institiúidí don Stát agus i bhfianaise an chistithe phoiblí a fhaigheann siad. D’fhéadfadh an riosca sin a bheith níos measa mar gheall ar chosaintí míchothroma a bhaineann leis an gcumhdach cothrom agus le rialachas neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí san Aontais. Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022, is í sin, Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, agus le Monatóir 2022 ar Iolrachas sna Meáin ón Lárionad um Shaoirse agus Iolrachas na Meán, deimhnítear ilroinnt na gcoimircí sin agus léirítear na rioscaí a eascraíonn as cistiú neamhleor. Mar a léirigh an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc ina dtuarascáil ó 2022 dar teideal Governance and independence of public service media (the ‘EAO report’) [Rialachas agus neamhspleáchas mheáin na seirbhíse poiblí’ (‘tuarascáil EAO’)], ní hionann na ráthaíochtaí maidir le feidhmiú neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí ar fud an Aontais, agus difríochtaí i gceist ina raon feidhme agus sa leibhéal mionsonraithe sna bealaí cur chuige náisiúnta.

(28)

Tá éagsúlacht ar fud an Aontais sna creataí dlíthiúla chun a áirithiú go bhfuil cumhdach cothrom á thabhairt ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí. Thairis sin, tá éagsúlacht sna rialacha ar fud an Aontais maidir le lucht bainistíochta na seirbhíse poiblí a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost. Mar shampla, leagtar amach roinnt foras le dífhostú i bhformhór na ndlíchóras náisiúnta, agus ní dhéanann cinn eile foráil maidir le haon rialacha sonracha. I gcás inarb ann do rialacha, i gcásanna áirithe, ní leor iad nó níl siad éifeachtach sa chleachtas. Tá cásanna ann freisin d’athchóirithe reachtacha sna Ballstáit lena méadaítear rialú rialtais ar sholáthraithe meán seirbhíse poiblí, lena n-áirítear maidir le ceannairí nó comhaltaí a cheapadh ar bhord bainistíochta na meán seirbhíse poiblí. Tá éagsúlacht ann ar fud na mBallstát freisin maidir le leordhóthanacht agus intuarthacht cistiúcháin a áirithiú do sholáthraithe meán seirbhíse poiblí. I gcás nach ann do choimircí nó nach leor iad, tá rioscaí ann maidir le cur isteach polaitiúil ar líne eagarthóireachta nó ar rialachas na meán seirbhíse poiblí. D’fhéadfadh easpa cobhsaíochta sa chistiú a bheith mar thoradh ar gan coimircí a bheith ann nó coimircí neamh-leordhóthanacha a bheith ann, rud a d’fhágfadh go mbeadh soláthraithe meán seirbhíse poiblí neamhchosanta ar an riosca a bheith faoi rialú polaitiúil nó faoi rialú polaitiúil breise. D’fhéadfadh cásanna de thuairisciú páirteach nó clúdach claonta meán ó sholáthraithe meán seirbhíse poiblí a bheith mar thoradh air sin, cásanna ina gcuireann an rialtas isteach ar cheapacháin nó ar dhífhostú a lucht bainistíochta, coigeartuithe treallacha ar na meáin sin nó cistiú éagobhsaí soláthraithe meán seirbhíse poiblí. Bíonn tionchar diúltach aige sin go léir ar an rochtain ar sheirbhísí meán atá neamhspleách agus neamhchlaonta, rud a dhéanann difear don cheart chun tuairimí a nochtadh mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, agus d’fhéadfadh saobhadh iomaíochta a bheith mar thoradh air sin i margadh inmheánach na seirbhísí meán, lena n-áirítear do sholáthraithe seirbhíse meán atá bunaithe i mBallstáit eile.

(29)

I dtimpeallachtaí náisiúnta na meán arb é is príomhthréith iontu cómhaireachtáil soláthraithe seirbhíse meán poiblí agus príobháideacha, rannchuidíonn soláthraithe meán seirbhíse poiblí le hiolrachas na meán a chur chun cinn agus iomaíocht a chothú in earnáil na meán, trí réimse leathan ábhair a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar leasanna, dearcthaí agus ar ghrúpaí déimeagrafacha éagsúla, agus trí dhearcthaí malartacha agus roghanna clársceidealaithe a chur ar fáil lena ndéantar tairiscint shaibhir uathúil. Bíonn soláthraithe meán seirbhíse poiblí in iomaíocht le gnóthais meán phríobháideacha agus le hardáin ar líne, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, chun pobail mheáin agus, i gcás inarb infheidhme, acmhainní fógraíochta a bhaint amach. Baineann sé sin le craoltóirí tráchtála, sna hearnálacha closamhairc agus raidió araon, agus le foilsitheoirí, agus is fíor sin go háirithe i dtimpeallacht reatha na meán digiteach, ina leathnaíonn na meáin uile isteach sa réimse ar líne agus inar mó a gcuireann siad a gcuid seirbhísí ar fáil thar theorainneacha. I gcás ina bhfuil an margadh déach iomaíoch meán sin, atá sainiúil i gcodanna móra den Aontas, ag feidhmiú go maith, áirithítear leis soláthar éagsúil agus cáilíochtúil seirbhísí meán i ngach earnáil. Mar sin féin, i gcás nach gcomhlíontar leis an gcistiú poiblí an sainchúram a théann chun tairbhe na mbreathnóirí go léir agus go mbíonn sé ag freastal ar thuairimí claonta amháin, mar gheall ar chur isteach polaitiúil ar rialachas nó ar an líne eagarthóireachta, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do dhálaí trádála agus d’iomaíocht san Aontas a mhéid a bheadh sé ag teacht salach ar an leas coiteann. Tá sé dearbhaithe ag an gCúirt Chéadchéime ‘nach féidir a dhearbhú go gcomhlíonann cistiú stáit na craoltóireachta seirbhíse poiblí forálacha CFAE maidir le Státchabhair ach amháin sa chás go gcomhlíontar na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach i gcúraimí na seirbhíse poiblí’ (10).

(30)

Cé go bhfuil an riosca a bhaineann le ‘gabháil na meán’, dá dtagraítear go coitianta, ábhartha don mhargadh iomlán seirbhísí meán, tá soláthraithe meán seirbhíse poiblí neamhchosanta go háirithe ar na rioscaí sin, i bhfianaise a ghaire atá siad don stát. D’fhéadfadh coimircí éagsúla nó neamhleor a d’fheidhmiú neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí cosc a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán ó Bhallstáit eile nó iad a dhídhreasú ó thaobh oibriú i margadh meán ar leith nó dul isteach ann. Cé go n-infheistíonn cuideachtaí meán neamhspleácha a n-acmhainní i dtuairisciú ardcháilíochta a chomhlíonann caighdeáin iriseoireachta, d’fhéadfadh soláthraithe meán seirbhíse poiblí áirithe ‘gafa’ nach gcloíonn leis na caighdeáin sin tuairisciú éagothrom a dhéanamh agus fóirdheontas á fháil acu ón Stát. An buntáiste iomaíoch a d’fhéadfadh na meáin neamhspleácha a fháil trí thuairisciú neamhspleách, d’fhéadfaí é a laghdú toisc go bhféadfadh soláthraithe meán seirbhíse poiblí gafa a suíomh ar an margadh a choinneáil go míchuí. Is féidir le margaí polaitithe na meán difear a dhéanamh do mhargaí fógraíochta ina n-iomláine, ós rud é nach mór do ghnólachtaí an pholaitíocht a chur san áireamh chomh maith le feachtais fógraíochta éifeachtacha a cheapadh. Má sholáthraíonn soláthraithe meán seirbhíse poiblí, a mheastar de ghnáth mar fhoinsí iontaofa faisnéise, cumhdach claonta ar an staid pholaitiúil nó eacnamaíoch nó maidir le gníomhaithe eacnamaíocha sonracha mar thoradh ar iad a bheith gafa, d’fhéadfadh sé sin laghdú a dhéanamh ar chumas cuideachtaí iad féin a chur ar an eolas i gceart faoin staid eacnamaíoch i margadh ar leith agus, ar an gcaoi sin, cinntí eolacha gnó a dhéanamh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an ghabháil sin tionchar díobhálach a imirt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ar deireadh, mar thoradh ar thuairisciú claonta a bheith á dhéanamh ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí ‘gafa’ áirithe i roinnt Ballstát, féadfaidh saoránaigh dul i muinín foinsí malartacha faisnéise, go háirithe iad siúd atá ar fáil ar ardáin ar líne, rud a d’fhéadfadh an chothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach a lagú a thuilleadh.

(31)

Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit, agus iad ag tógáil ar na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag An Chomhairle Eorpach i ndáil leis sin, coimircí dlíthiúla éifeachtacha a chur i bhfeidhm d’fheidhmiú neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí, ar fud an Aontais, agus sin saor ó leasanna rialtais, polaitiúla, eacnamaíocha nó príobháideacha, gan dochar do dhlí bunreachtúil náisiúnta atá i gcomhréir leis an gCairt. Ba cheart a áireamh leis sin prionsabail a oireann d’eagrú a meán seirbhíse poiblí arna dhéanamh ag na Ballstáit, mar shampla iad siúd atá ann i gcreataí dlí náisiúnta riaracháin nó i gcreataí dlí náisiúnta corparáide de réir mar is infheidhme freisin maidir le gnóthais príobháideacha liostaithe, chun daoine nó comhlachtaí a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, ar daoine nó comhlachtaí iad a bhfuil ról acu maidir le beartais eagarthóireachta a chinneadh nó arb iad an t-údarás cinnteoireachta is airde ina leith sin laistigh den soláthraí meán seirbhíse poiblí. Ba cheart na prionsabail sin a leagan amach ar an leibhéal náisiúnta. Is gá freisin a ráthú, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, go mbainfidh soláthraithe meán seirbhíse poiblí tairbhe as nósanna imeachta cistiúcháin trédhearcacha oibiachtúla, lena ráthaítear acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cobhsaí chun a sainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, lena gcumasaítear intuarthacht maidir lena bpróisis phleanála agus lena gcuirtear ar a gcumas forbairt laistigh dá gcúraimí seirbhíse poiblí. Más féidir, ba cheart an cistiú sin a chinneadh agus a leithreasú ar bhonn ilbhliantúil, i gcomhréir le cúraimí seirbhíse poiblí na soláthraithe meán seirbhíse poiblí, chun an fhéidearthacht a sheachaint go n-imreodh caibidlíochtaí buiséadacha bliantúla tionchar míchuí. Ní dhéanann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh do chistiú soláthraithe meán na seirbhíse poiblí mar a chumhdaítear i bPrótacal Uimh. 29.

(32)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios go cinnte ag faighteoirí seirbhísí meán cé atá ina n-úinéirí ar na meáin nuachta agus atá taobh thiar díobh ionas gur féidir leo coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a thuiscint, rud atá ina réamhriachtanas chun tuairimí eolasacha a fhoirmiú agus dá thoradh sin a bheith rannpháirteach go gníomhach sa daonlathas. Uirlis éifeachtach dídhreasaithe is ea an trédhearcacht sin freisin chun srian a chur ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach ar neamhspleáchas eagarthóireachta dá réir. Thairis sin, rannchuidíonn sé le timpeallacht mhargaidh atá oscailte agus cothrom agus feabhsaíonn sé cuntasacht na meán vis-à-vis faighteoirí seirbhísí meán, rud a chuireann, ar deireadh, le cáilíocht na seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais choiteanna faisnéise a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhíse meán ar fud an Aontais. Ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin ceanglais chomhréireacha agus spriocdhírithe a nochtann soláthraithe seirbhíse meán faisnéis ábhartha maidir lena n-úinéireacht agus maidir leis an ioncam fógraíochta a fhaightear ó údaráis nó ó eintitis phoiblí. Tá an fhaisnéis sin riachtanach chun go dtuigfidh faighteoirí seirbhísí meán coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil úinéirí na meán nochta go polaitiúil, agus go mbeidh siad in ann fiosrú a dhéanamh fúthu, mar réamhchoinníoll dá gcumas measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na faisnéise a fhaigheann siad. Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin má bhíonn faisnéis sholáimhsithe agus cothrom le dáta faoi úinéireacht na meán ar fáil d’fhaighteoirí seirbhísí meán ar bhealach soláimhsithe don úsáideoir, go háirithe nuair a bhíonn siad ag féachaint ar ábhar meán, ag éisteacht leis nó ag léamh an ábhair, ionas gur féidir leo an t-ábhar a chur sa chomhthéacs ceart agus an tuiscint cheart a bhaint as. Dá bhrí sin, dá nochtfaí faisnéis spriocdhírithe faoi úinéireacht na meán, bheadh buntáistí ann ar léir gur mhó iad ná aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an oibleagáid nochta ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun saol phríobháidigh agus saoil teaghlaigh agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Sa chomhthéacs sin, níor cheart difear a dhéanamh do na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse meán ábhartha an fhaisnéis is gá a nochtadh i bhformáidí leictreonacha, mar shampla, ar a suíomhanna gréasáin nó ar mheán eile a bhfuil rochtain éasca agus díreach air.

(33)

Chun rannchuidiú a thuilleadh le hardleibhéal trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán, ba cheart do na Ballstáit é a chur de chúram ar údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, nó ar údaráis agus comhlachtaí inniúla eile bunachair sonraí maidir le húinéireacht na meán a fhorbairt. Ba cheart na bunachair sonraí sin a bheith ag obair mar ionad ilfhreastail lenar féidir le faighteoirí seirbhísí meán an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le soláthraí seirbhíse meán ar leith a sheiceáil go héasca. I bhfianaise sainiúlachtaí náisiúnta riaracháin agus d’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu cén t-údarás nó cén comhlacht a bheidh i gceannas ar fhorbairt na mbunachar sonraí sin maidir le húinéireacht meán. D’fhéadfadh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta, nó comhlacht riaracháin eile, a bheith i gceist leis sin, mar shampla, a d’fhéadfadh brath ar chúnamh ó chomhlacht eile ag a bhfuil saineolas ábhartha chun an cúram sin a chomhlíonadh.

(34)

Éilítear le hionracas na meán freisin cur chuige réamhghníomhach chun neamhspleáchas eagarthóireachta gnóthais meán a sholáthraíonn ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur chun cinn, go háirithe trí bhíthin chosaintí inmheánacha. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán bearta comhréireacha a ghlacadh chun saoirse na n-eagarthóirí cinntí eagarthóireachta a dhéanamh laistigh de líne eagarthóireachta fhadtéarmach bhunaithe an tsoláthraí seirbhíse meán a ráthú. Leis an gcuspóir cinntí eagarthóireachta a chosaint, go háirithe na cinntí sin a dhéanann príomheagarthóirí agus eagarthóirí, maidir le píosaí sonracha ábhair ó chur isteach míchuí, rannchuidítear le cothroime iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí meán agus do cháilíocht na seirbhísí sin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta sin a áirithiú go n-urramófar na caighdeáin neamhspleáchais le linn an phróisis eagarthóireachta ar fad laistigh de na meáin, lena n-áirítear d’fhonn ionracas an ábhair iriseoireachta a choimirciú. Tá an cuspóir sin i gcomhréir leis an gceart bunúsach freisin faisnéis a fháil agus a thabhairt faoi Airteagal 11 den Chairt. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán trédhearcacht coinbhleachtaí leasa iarbhír nó ionchasacha a áirithiú vis-à-vis faighteoirí a seirbhísí meán.

(35)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán coimircí inmheánacha a ghlacadh d’fhonn neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta atá saincheaptha i gcomhréir lena méid, lena struchtúr agus lena riachtanais a ráthú. Soláthraítear le Moladh (AE) 2022/1634 ón gCoimisiún (12) catalóg de choimircí inmheánacha deonacha is féidir a ghlacadh laistigh de ghnóthais meán i dtaca leis sin. Níor cheart an Rialachán seo a fhorléiriú chun go mbainfeadh sé d’úinéirí soláthraithe seirbhíse meán príobháideacha a sainchumas spriocanna straitéiseacha nó ginearálta a shocrú nó chun fás agus inmharthanacht airgeadais a ngnóthas a chothú. I ndáil leis sin, ba cheart a aithint sa Rialachán seo gur gá an sprioc maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú a réiteach le cearta agus leasanna dlisteanacha úinéirí meán príobháideacha, mar shampla an ceart chun líne eagarthóireachta an tsoláthraí seirbhíse meán a chinneadh agus comhdhéanamh a bhfoirne eagarthóireachta a mhúnlú.

(36)

Tá údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta neamhspleácha lárnach chun dlí na meán a chur i bhfeidhm i gceart ar fud an Aontais. Cé gur minic nach mbíonn inniúlachtaí a bhaineann le hearnáil an phreasa ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, is fearr is féidir leo a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart na ceanglais a bhaineann le comhar rialála agus margadh dea-fheidhmiúil do sheirbhísí meán i gcoitinne, mar a bheartaítear sa Rialachán seo. Ba cheart na hacmhainní is gá a bheith ag údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun a gcúraimí a chomhlíonadh ó thaobh foirne, saineolais agus acmhainní airgeadais de, lena n-áirítear chun a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Meán (‘an Bord’) a chumasú. Ba cheart acmhainní teicniúla a chur ar fáil dóibh, mar shampla uirlisí digiteacha ábhartha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit, na hacmhainní a leithdháiltear ar údaráis nó ar chomhlachtaí rialála náisiúnta a mhéadú, a mhéid is gá, agus na cúraimí breise a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á gcur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí iomchuí a bheith ag údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta freisin, go háirithe chun faisnéis agus sonraí a iarraidh ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis, nó a d’fhéadfadh, chun críocha a bhaineann lena gceird, lena ngnó nó lena ngairm, an fhaisnéis agus na sonraí is gá a bheith acu, i ndáil le cearta agus leas na ndaoine sin.

(37)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo agus dlíthe eile an Aontais maidir leis na meáin i bhfeidhm go comhsheasmhach, is gá an Bord a bhunú, mar chomhlacht comhairleach neamhspleách ar leibhéal an Aontais lena mbailítear na húdaráis nó na comhlachtaí sin agus lena gcomhordaítear a ngníomhaíochtaí. I gcomhlíonadh a chúraimí agus i bhfeidhmiú a chumhachtaí, ba cheart don Bhord a bheith go hiomlán neamhspleách, lena n-áirítear ó aon tionchar polaitiúil nó eacnamaíoch, agus níor cheart dó treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas, institiúid (náisiúnta, fornáisiúnta nó idirnáisiúnta), ná duine ná comhlacht poiblí nó príobháideach. Bhí Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA), a bunaíodh le Treoir 2010/13/AE, bunriachtanach chun cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach sin a chur chun cinn. Ba cheart don Bhord, dá bhrí sin, cur le ERGA agus é a ionadú. Chuige sin, is gá leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar Threoir 2010/13/AE chun Airteagal 30b, lena mbunaítear ERGA, a scriosadh, agus, dá thoradh sin, chun tagairtí do ERGA agus dá chúraimí a ionadú. Tá údar leis an leasú ar Threoir 2010/13/AE leis an Rialachán seo toisc go bhfuil sé teoranta d’fhoráil nach gá do na Ballstáit a thrasuí agus atá dírithe ar institiúidí an Aontais.

(38)

Ba cheart don Bhord ionadaithe sinsearacha ó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a thabhairt le chéile. Ba cheart do na húdaráis nó na comhlachtaí rialála naisiúnta na hionadaithe sin a cheapadh. I gcásanna ina bhfuil roinnt údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ábhartha ag na Ballstáit, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart ionadaí comhpháirteach a roghnú trí bhíthin nósanna imeachta iomchuí agus ba cheart leanúint den cheart vótála a theorannú d’aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit. Chun críocha a ngníomhaíochtaí laistigh den Bhord, ba cheart údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta a bheith in ann dul i gcomhairle le húdaráis nó comhlachtaí inniúla ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, le comhlachtaí féinrialála ina mBallstáit, agus comhordú a dhéanamh leo. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear don fhéidearthacht atá ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta eile a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí, i gcruinnithe an Bhoird. Ba cheart an deis a bheith ag an mBord freisin cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha freastal ar a chruinnithe ar bhonn cás ar chás. Ba cheart an deis a bheith aige, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, breathnóirí buana a ainmniú chun freastal ar a chruinnithe, lena n-áirítear go háirithe údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ó thíortha is iarrthóirí, ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, nó toscairí ad hoc ó údaráis náisiúnta inniúla eile.

(39)

I ngeall ar íogaireacht earnáil na meán agus de réir chleachtas maidir le cinntí ERGA mar a leagtar amach lena rialacha nós imeachta, ba cheart don Bhord a chinntí a ghlacadh ar bhonn tromlach dhá thrian de na vótaí. Ba cheart a shonrú i rialacha nós imeachta an Bhoird, go háirithe, ról, cúraimí agus nósanna imeachta ceapacháin an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh agus na socruithe maidir le coinbhleachtaí leasa chomhaltaí an Bhoird a chosc agus a bhainistiú. Chun tacú leis an gCathaoirleach agus leis an Leas-Chathaoirleach, ba cheart an deis a bheith ag an mBord Grúpa Stiúrtha a bhunú. Ba cheart prionsabal na cothromaíochta geografaí a chur san áireamh i gcomhdhéanamh an Ghrúpa Stiúrtha. Ba cheart don Bhord na socruithe sonracha don Ghrúpa Stiúrtha a shonrú ina rialacha nós imeachta. Ba cheart do Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ERGA, agus comhairle á fáil acu ó chomhaltaí Bhord ERGA, aistriú ordúil, trédhearcach agus éifeachtach ó ERGA go dtí an Bord a éascú, go dtí go dtoghfar Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird.

(40)

I gcás ina ndéileálann an Bord le hábhair lasmuigh d’earnáil na meán closamhairc, ba cheart dó brath ar shásra comhairliúcháin éifeachtach ina mbeadh páirtithe leasmhara ó na hearnálacha meán ábhartha atá gníomhach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfaí comhairlí preasa, comhlachais iriseoireachta, ceardchumainn agus comhlachais ghnó a áireamh ar na páirtithe leasmhara sin. Ba cheart don Bhord an deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara sin aird an Bhoird a tharraingt ar na forbairtí agus ar na saincheisteanna atá ábhartha dá n-earnálacha. Ba cheart don sásra comhairliúcháin sin a chur ar chumas an Bhoird ionchur spriocdhírithe a bhailiú ó na páirtithe leasmhara ábhartha agus faisnéis ábhartha a fháil a thacaíonn le hobair an Bhoird. Ba cheart a chur san áireamh sna socruithe praiticiúla a bhaineann le sásra comhairliúcháin mar sin, atá le bunú ag an mBord ina rialacha nós imeachta, an gá atá le trédhearcacht, éagsúlacht agus ionadaíocht chothrom gheografach. Ba cheart don Bhord a bheith in ann dul i gcomhairle leis an saol acadúil freisin chun faisnéis ábhartha bhreise a bhailiú.

(41)

Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, tá sé bunriachtanach go n-oibreoidh an Coimisiún agus an Bord i ndlúthchomhar le chéile, ag cur ar chumas an Bhoird comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún maidir le hábhair a bhaineann le seirbhísí meán laistigh dá inniúlacht. Ba cheart don Bhord tacú go gníomhach leis an gCoimisiún ina chúraimí maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart don Bhord, go háirithe, comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla atá ábhartha le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn agus tuairimí a tharraingt suas sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus aird á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar an staid maidir le saoirse agus iolrachas na meán sna margaí meán lena mbaineann. Níor cheart na tuairimí sin a bheith ceangailteach ó thaobh dlí de ach ba cheart dóibh a bheith úsáideach mar threoir do na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann agus d’fhéadfadh an Coimisiún iad a chur san áireamh ina chuid cúraimí maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE a áirithiú. Trí dhícheall a dhéanamh tuairim an Bhoird a chur chun feidhme, nó trí mhíniú cuí a thabhairt ar aon diall ón tuairim sin, ba cheart a mheas go bhfuil a seacht ndícheall déanta ag údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta tuairim an Bhoird a chur san áireamh.

(42)

Chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go neamhspleách, ba cheart cúnamh a bheith ag an mBord ó rúnaíocht atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí an Bhoird. Ba cheart don Choimisiún an rúnaíocht a soláthar. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an rúnaíocht chun a cúraimí a chomhlíonadh. Gan dochar do neamhspleáchas institiúideach agus buiséadach an Choimisiúin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh na riachtanais a chuireann an Bord in iúl, go háirithe maidir le cáilíochtaí, saineolas agus próifíl fhoireann na rúnaíochta chun a cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart freisin don rúnaíocht a bheith in ann brath ar shaineolas agus ar acmhainní na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta. Bheadh sé sin ríthábhachtach chun cabhrú leis an mBord nuair atá a chuid spriocanna á n-ullmhú aige. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh sa rúnaíocht líon iomchuí foirne atá ar iasacht ó na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun tairbhe a bhaint as a scileanna agus a dtaithí. Sa mhisean atá aici rannchuidiú le cúraimí an Bhoird a chur i gcrích go neamhspleách, níor cheart don rúnaíocht treoracha an Bhoird a leanúint ach amháin nuair a bheidh sí ag tacú leis an mBord agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Ba cheart don rúnaíocht tacaíocht shubstainteach, riaracháin agus eagraíochtúil a chur ar fáil don Bhord, agus cúnamh a thabhairt don Bhord agus a chúraimí á ndéanamh aige, go háirithe trí ghníomhaíochtaí ábhartha taighde nó bailithe faisnéise a dhéanamh.

(43)

Tá comhar rialála idir údaráis nó comhlachtaí neamhspleácha rialála na meán bunriachtanach chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán mar is ceart. Mar sin féin, ní dhéantar foráil i dTreoir 2010/13/AE maidir le creat comhair struchtúrtha d’údaráis ná do chomhlachtaí rialála náisiúnta. Ó rinneadh athbhreithniú ar chreat an Aontais maidir le seirbhísí meán closamhairc trí bhíthin Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lenar leathnaíodh a raon feidhme chuig ardáin comhroinnte físeán, tá gá le dlúthchomhar i measc na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, go háirithe chun cásanna trasteorann a réiteach. Tá údar leis an ngá sin freisin i bhfianaise na ndúshlán nua i dtimpeallacht meán an Aontais a bhféachtar leis an Rialachán seo aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear trí chúraimí nua a chur ar údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta.

(44)

Agus iad ar an eolas faoi na dúshláin sin, agus chun freagairt ar an ngá le comhar níos dlúithe i réimse seirbhísí meán closamhairc, tháinig ERGA ar chomhaontú in 2020 maidir le Meabhrán Tuisceana, ina leagtar amach sásraí neamhcheangailteacha don chomhar trasteorann chun cur i bhfeidhm rialacha an Aontais atá ábhartha do sheirbhísí meán closamhairc agus do sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a neartú. Ag cur leis an gcreat deonach sin agus chun forfheidhmiú éifeachtach dhlí meán an Aontais a áirithiú, chun cruthú bacainní breise sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí meán a sheachaint agus chun cosc a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán bradacha teacht timpeall ar na rialacha is infheidhme, tá sé bunriachtanach foráil a dhéanamh maidir le creat soiléir, atá ceangailteach ó thaobh dlí, le go bhféadfaidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta comhoibriú go héifeachtach agus go héifeachtúil le chéile laistigh den chreat dlíthiúil atá bunaithe. Tá creat mar sin ríthábhachtach chun seasamh le prionsabal na tíre tionscnaimh, ar bunchloch de Threoir 2010/13/AE é agus chun a áirithiú go mbeidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta in ann maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhíse meán ábhartha. Ba cheart é a bheith de chuspóir cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú agus Treoir 2010/13/AE, mar shampla trí mhalartú rianúil faisnéise idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta a áirithiú nó trí chead a thabhairt aghaidh a thabhairt go tapa ar cheisteanna a bhaineann le saincheisteanna dlínse. I gcás ina malartaíonn údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta faisnéis, ba cheart dlí ábhartha uile an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha uile maidir le malartú faisnéise, lena n-áirítear an dlí ábhartha maidir le cosaint sonraí, a urramú. Tá an comhar sin, agus go háirithe an comhar brostaithe, ríthábhachtach chun tacú le gníomhaíochtaí chun an margadh inmheánach a chosaint ar sholáthraithe seirbhíse meán bradacha mar sin, agus comhlíonadh na gceart bunúsach á áirithiú ag an am céanna, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Go háirithe, tá gá le comhar brostaithe mar sin ionas nach leanfar de sheirbhísí meán a chuirtear ar fionraí i mBallstáit áirithe faoi Airteagal 3(3) agus (5) de Threoir 2010/13/AE a sholáthar trí shatailít nó trí mhodhanna eile sna Ballstáit sin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú, i gcomhréir le dlí an Aontais, le ‘effet utile’ na mbeart náisiúnta ábhartha. Beidh tuairimí an Bhoird tábhachtach d’fheidhmiú éifeachtach an tsásra comhair.

(45)

Mar gheall ar chineál uile-Eorpach na n-ardán comhroinnte físeán, ní mór d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta uirlis thiomnaithe a bheith acu chun úsáideoirí seirbhísí ardáin comhroinnte físeán a chosaint ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach áirithe, lena n-áirítear cumarsáid tráchtála. Go háirithe, gan dochar do phrionsabal na tíre tionscnaimh, tá gá le sásra chun é a chur ar chumas aon údarás nó comhlacht rialála náisiúnta ábhartha a iarraidh ar a chontrapháirtí gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar na hoibleagáidí ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán a fhorfheidhmiú faoi Airteagal 28b(1), (2) agus (3) de Threoir 2010/13/AE. Tá sé sin ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar pobail mheáin, agus go háirithe mionaoisigh, a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais agus rochtain á fáil acu ar an ábhar ar ardáin comhroinnte físeán agus gur féidir leo brath ar an leibhéal iomchuí trédhearcachta a mhéid a bhaineann le cumarsáid tráchtála ar líne. Cuideoidh idirghabháil arna soláthar ag an mBord agus tuairimí an Bhoird lena áirithiú go mbeidh torthaí a bheidh inghlactha go frithpháirteach agus sásúil ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann. I gcás nach mbeidh réiteach cairdiúil mar thoradh ar úsáid an tsásra sin, ní féidir srian a chur leis an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus má leantar an nós imeachta a leagtar amach ann.

(46)

Tá sé bunriachtanach cleachtas rialála comhsheasmhach agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE a áirithiú. Chun na críche sin, agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme cóineasaithe dhlí an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le hábhair thrasteorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2010/13/AE araon nuair is gá. Agus cinneadh á dhéanamh treoirlínte a eisiúint, agus i bhfianaise an phlé ábhartha leis an gcoiste teagmhála arna bhunú le Treoir 2010/13/AE maidir le hábhair a bhaineann leis an Treoir sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar shaincheisteanna rialála a dhéanann difear do líon suntasach Ballstát nó saincheisteanna rialála a bhfuil gné thrasteorann acu. I bhfianaise fhlúirse na faisnéise agus úsáid mhéadaitheach na modhanna digiteacha chun rochtain a fháil ar na meáin, tá sé tábhachtach tosaíocht a áirithiú d’ábhar leasa ghinearálta, chun cothroime iomaíochta a bhaint amach sa mhargadh inmheánach agus chun an ceart bunúsach chun faisnéis a fháil faoi Airteagal 11 den Chairt a chomhlíonadh. I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta náisiúnta arna nglacadh faoi Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán, bheadh treoirlínte ón gCoimisiún tábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach sa réimse sin. Bheadh sé úsáideach freisin treoir a chur ar fáil maidir le bearta arna nglacadh faoi Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE lena áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana, cruinn agus cothrom le dáta ar fáil don phobal maidir le húinéireacht na meán agus maidir leis an dualgas atá ar sholáthraithe seirbhíse meán faisnéis áirithe atá cothrom le dáta a chur ar fáil go héasca agus go díreach d’fhaighteoirí a seirbhísí. Agus a threoirlínte á n-ullmhú acu, ba cheart don Bhord cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Bhord, go háirithe, a shaineolas rialála, teicniúil agus praiticiúil maidir leis na réimsí agus na topaicí a chumhdaítear leis na treoirlínte ábhartha a chomhroinnt leis an gCoimisiún.

(47)

Tá saineolas praiticiúil sonrach ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta a chuireann ar a gcumas cothromaíocht éifeachtach a bhaint amach idir leasanna soláthraithe seirbhíse meán agus faighteoirí seirbhísí meán, agus urraim don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á háirithiú agus iolrachas na meán á choimirciú agus á chur chun cinn an tráth céanna. Tá sé sin ríthábhachtach go háirithe maidir leis an margadh inmheánach a chosaint ar sheirbhísí meán ó lasmuigh den Aontas, gan beann ar na bealaí trína ndéantar iad a dháileadh nó a bhfaightear rochtain orthu, a dhíríonn nó a théann i bhfeidhm ar phobail mheáin san Aontas, i gcás, inter alia, i bhfianaise an rialú a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, ina bhféadfaidís dochar a dhéanamh don tslándáil phoiblí nó a d’fhéadfadh riosca a bheith ag baint leo go ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí leo. D’fhéadfadh baint a bheith ag rioscaí dochair don tslándáil phoiblí le briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le feachtais chórasacha idirnáisiúnta maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis d’fhonn an tAontas ina iomláine nó Ballstáit áirithe a dhíchobhsú. I ndáil leis sin, ní mór an comhordú idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun aghaidh a thabhairt le chéile ar bhagairtí féideartha slándála poiblí a eascraíonn as seirbhísí meán mar sin a neartú agus creat dlíthiúil a thabhairt chun éifeachtacht agus comhordú féideartha na mbeart náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú.

(48)

Is gá comhordú a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a fhéadfar a ghlacadh chun cur i gcoinne bagairtí ar an tslándáil phoiblí ó sheirbhísí meán a thagann ón Aontas nó atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá dírithe ar phobail mheáin san Aontas, lena n-áirítear an fhéidearthacht don Bhord, i gcomhairle leis an gCoimisiún, tuairimí a eisiúint maidir leis na bearta sin, de réir mar is iomchuí, go háirithe i gcás ina ndéanfaí difear do roinnt Ballstát. I ndáil leis sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar na rioscaí don tslándáil phoiblí i bhfianaise na ngnéithe fíorasacha agus dlíthiúla ábhartha uile, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear aon mheasúnuithe atá ann cheana ar an gcaoi a scaiptear nó a bhfaightear an tseirbhís meán lena mbaineann ar chríoch an Aontais. Ba cheart é a bheith mar chuspóir go mbeidh cur chuige níos comhordaithe ann do na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann i ndáil le srianta ar dháileadh na seirbhísí meán sin, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát nó a n-údarás nó a gcomhlachtaí rialála náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. I ndáil leis sin, ba cheart na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann a bheith in ann tuairimí an Bhoird a chur san áireamh agus breithniú á dhéanamh acu ar bhearta a dhéanamh i gcoinne soláthraí seirbhíse meán. Tá an méid sin gan dochar d’inniúlacht an Aontais faoi Airteagal 215 den CFAE.

(49)

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’údaráis nó do chomhlachtaí rialála náisiúnta ina ról maidir leis an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán a chosaint ar sholáthraithe seirbhíse meán bradacha, ba cheart don Bhord liosta a tharraingt suas de chritéir a bhaineann leis na soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó nach de thionscnamh an Aontais iad. Chuideodh an liosta sin leis na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann i gcásanna ina bhfuil dlínse á lorg ag soláthraí seirbhíse meán ábhartha i mBallstát, nó i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil riosca tromchúiseach don tslándáil phoiblí ag baint le soláthraí seirbhíse meán atá faoi dhlínse Ballstáit cheana féin. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh na heilimintí atá le cumhdach i liosta mar sin, inter alia, le húinéireacht, bainistíocht, struchtúir mhaoiniúcháin, neamhspleáchas eagarthóireachta ó thríú tíortha nó le comhlíonadh sásraí comhrialála nó féinrialála lena rialaítear caighdeáin eagarthóireachta i mBallstát amháin nó níos mó.

(50)

Feidhmíonn ardáin an-mhóra ar líne do go leor úsáideoirí mar thairseach chun rochtain a fháil ar ábhar meán agus seirbhísí meán. Tá ról ríthábhachtach ag soláthraithe seirbhíse meán a fheidhmíonn freagracht eagarthóireachta as a n-ábhar i ndáileadh faisnéise agus i bhfeidhmiú an chirt chun faisnéis a fháil agus a thabhairt ar líne. Agus freagracht eagarthóireachta mar sin á feidhmiú acu, táthar ag súil go ngníomhóidh soláthraithe seirbhíse meán go dícheallach agus go gcuirfidh siad faisnéis ar fáil atá iontaofa agus urramach do chearta bunúsacha, i gcomhréir leis na ceanglais rialála nó leis na sásraí comhrialála nó féinrialála a bhfuil siad faoina réir sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i bhfianaise an ceart atá ag úsáideoirí faisnéis a fháil agus a thabhairt i gcás ina measann soláthraí ardáin an-mhór ar líne go bhfuil ábhar a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán mar sin ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha, ba cheart dóibh saoirse agus iolrachas na meán a bhreithniú go cuí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065 agus na mínithe is gá a sholáthar, a luaithe is féidir, do sholáthraithe seirbhíse meán sa ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2022/2065. Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag aon srian ar an ábhar sin ar cheart na n-úsáideoirí faisnéis a fháil agus a thabhairt, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne an ráiteas ar chúiseanna a chur isteach sula ngabhfaidh éifeacht le fionraí nó srianadh infheictheachta. Ina theannta sin, ba cheart dóibh deis a thabhairt don soláthraí seirbhíse meán freagra a thabhairt ar an ráiteas ar chúiseanna, laistigh de 24 uair an chloig, sula gcuirfear srian le hinfheictheacht nó sula ngabhfaidh éifeacht le fionraí. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag creat ama níos giorra i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, go háirithe chun aird a thabhairt ar an ngá práinneach atá ann an t-ábhar ábhartha a mhodhnú sna himthosca eisceachtúla sin.

(51)

Níor cheart an úsáid a bhaineann soláthraithe ardán an-mhór ar líne as lipéadú nó córas fíoraithe aoise i gcomhréir lena dtéarmaí seirbhíse agus i gcomhréir le dlí an Aontais a thuiscint mar shrian ar infheictheacht. Tar éis don soláthraí seirbhíse meán freagra a thabhairt, nó in éagmais an fhreagra sin laistigh den tréimhse áirithe ama, ba cheart do sholáthraí ardáin an-mhór ar líne an soláthraí seirbhíse meán a chur ar an eolas má tá sé ar intinn aige dul ar aghaidh le soláthar a seirbhísí idirghabhála i ndáil le hábhar arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse meán a chur ar fionraí nó le srian a chur ar infheictheacht an ábhair sin. Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d’oibleagáidí ardán an-mhór ar líne bearta a dhéanamh in aghaidh ábhar neamhdhleathach a scaiptear trína seirbhísí, nó chun measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a bhaineann lena seirbhísí, mar shampla trí bhréagaisnéis, nó chun mionaoisigh a chosaint. Sa chomhthéacs sin, níor cheart aon ní sa Rialachán seo a fhorléiriú mar ní a imíonn ó oibleagáidí soláthraithe ardán an-mhór ar líne de bhun Airteagail 28, 34, agus 35 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Airteagail 28b de Threoir 2010/13/AE.

(52)

I bhfianaise an tionchair dhearfaigh a mheastar a bheidh ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, tá údar maith leis, i gcás ina gcloíonn soláthraithe seirbhíse meán le caighdeáin rialála, comhrialála nó féinrialála áirithe, go gcaithfear le gearáin in aghaidh cinntí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.

(53)

Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne, a sholáthraíonn rochtain ar ábhar meán, feidhmiúlacht a sholáthar ar a gcomhéadan ar líne chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse meán a dhearbhú go gcomhlíonann siad ceanglais áirithe agus, an tráth céanna, an fhéidearthacht a choinneáil gan glacadh leis an bhféindearbhú sin i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin. I gcás ina ndearbhaíonn soláthraí seirbhíse meán go gcomhlíonann sé ceanglais rialála nó sásra comhrialála nó féinrialála, ba cheart dó a bheith in ann sonraí teagmhála an údaráis nó an chomhlachta náisiúnta rialála ábhartha nó sonraí teagmhála ionadaithe an tsásra chomhrialála nó an tsásra féinrialála a sholáthar, lena n-áirítear iad siúd arna soláthar ag comhlachais ghairmiúla atá aitheanta go forleathan agus a dhéanann ionadaíocht d’earnáil ar leith agus atá ag oibriú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. I gcás amhras réasúnach, chuirfeadh an fhaisnéis sin ar chumas an ardáin an-mhór ar líne a dhearbhú leis na húdaráis nó na comhlachtaí sin go bhfuil an soláthraí seirbhíse meán faoi réir na gceanglas nó na sásraí sin. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne brath ar fhaisnéis maidir le comhlíonadh na gceanglas sin, mar shampla, caighdeán meaisín-inléite an Tionscnaimh Iontaobhais Iriseoireachta, arna fhorbairt faoi choimirce an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú, nó cóid iompair ábhartha eile. Ba cheart an deis a bheith ag eagraíochtaí aitheanta sochaí sibhialta, eagraíochtaí seiceála fíricí agus eagraíochtaí gairmiúla ábhartha eile a aithníonn ionracas fhoinsí na meán ar bhonn caighdeáin arna gcomhaontú le tionscal na meán aon saincheist fhéideartha maidir le comhlíontach ag soláthraithe seirbhíse meán leis na ceanglais ábhartha maidir leis an bhféindearbhú a chur in iúl do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne. Bheadh treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún ríthábhachtach chun cur chun feidhme éifeachtach na feidhmiúlachta sin a éascú. Ba cheart do na treoirlínte rannchuidiú leis na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid fhéideartha na feidhmiúlachta a íoslaghdú, go háirithe ag soláthraithe seirbhíse meán atá i mbun bréagaisnéise, ionramháil faisnéise agus trasnaíochta go córasach, lena n-áirítear iad siúd atá á rialú ag tríú tíortha áirithe, agus na critéir atá le forbairt ag an mBord maidir le soláthraithe seirbhíse meán ó lasmuigh den Aontas á gcur san áireamh. Chun na críche sin, d’fhéadfaí a chumhdach leis na treoirlínte sin socruithe a bhaineann le rannpháirtíocht eagraíochtaí aitheanta sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí seiceála fíricí, san athbhreithniú ar na dearbhuithe nó chun dul i gcomhairle le na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta nó comhlachtaí comhrialála nó féinrialála.

(54)

Aithnítear sa Rialachán seo an tábhacht a bhaineann le sásraí comhrialála nó féinrialála i gcomhthéacs seirbhísí meán a sholáthar ar ardáin an-mhór ar líne. Is éard atá na sásraí sin cineál tionscnaimh dheonaigh, mar shampla i bhfoirm cód iompair, lena gcuirtear ar chumas soláthraithe seirbhíse meán nó a n-ionadaithe treoirlínte comhchoiteanna a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le caighdeáin eiticiúla, earráidí a cheartú nó gearáin a láimhseáil, eatarthu féin agus dóibh féin. Féinrialáil láidir chuimsitheach a nglactar léi go forleathan, is ráthaíocht éifeachtach atá inti ar cháilíocht agus gairmiúlacht sheirbhísí na meán agus rud atá ríthábhachtach chun ionracas eagarthóireachta a chosaint.

(55)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne dul i mbun idirphlé le soláthraithe seirbhíse meán a urramaíonn caighdeáin inchreidteachta agus trédhearcachta agus a mheasann go bhforchuireann soláthraithe ardán an-mhór ar líne srianta nó fionraí ar a n-ábhar arís is arís eile gan forais leordhóthanacha, chun teacht ar réiteach cairdiúil chun aon srian nó fionraí gan údar a fhoirceannadh agus chun iad a sheachaint amach anseo. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne páirt a ghlacadh san idirphlé sin de mheon macánta, agus aird ar leith á tabhairt ar shaoirse na meán agus saoráil faisnéise a choimirciú. Ba cheart don Bhord an Coimisiún a chur ar an eolas faoina thuairimí maidir le toradh an idirphlé sin. D’fhéadfadh an Coimisiún na tuairimí sin chur san áireamh i gcomhthéacs fhorfheidhmiú Rialachán (AE) 2022/2065.

(56)

Ag tógáil ar an ról úsáideach atá ag ERGA maidir le faireachán a dhéanamh ar Chód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagaisnéis a bheith á chomhlíonadh ag sínitheoirí an chóid, ba cheart don Bhord, ar bhonn bliantúil ar a laghad, idirphlé struchtúrtha a eagrú idir soláthraithe ardán an-mhór ar líne, ionadaithe ó sholáthraithe seirbhíse meán agus ionadaithe na sochaí sibhialta chun rochtain ar thairiscintí éagsúla na meán neamhspleách ar ardáin an-mhór ar líne a chothú, taithí agus dea-chleachtais a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a phlé, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na próisis mhodhnaithe arna ndéanamh ag ardáin an-mhór ar líne, agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh tionscnamh féinrialála arb é is aidhm dóibh an tsochaí a chosaint ar ábhar díobhálach, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar chur in aghaidh na bréagaisnéise. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, scrúdú a dhéanamh ar na tuarascálacha ar thorthaí an idirphlé struchtúrtha sin agus measúnú á dhéanamh aige ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais agus é ag cur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2065 agus féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord tacú chun na críche sin.

(57)

Ba cheart d’fhaighteoirí seirbhísí meán a chuireann cláir ar fáil a bheith in ann an t-ábhar ar mian leo féachaint air nó éisteacht leis a roghnú go héifeachtach de réir a sainroghanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh cleachtais tráchtála in earnáil na meán srian a chur ar a saoirse sa réimse sin, mar shampla, comhaontuithe maidir le tosaíocht a thabhairt d’ábhar idir soláthraithe seirbhíse meán agus monaróirí gléasanna nó soláthraithe comhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán a chuireann cláir ar fáil agus úsáid na seirbhísí sin, teilifíseáin nasctha nó córais fuaime gluaisteán. Is féidir ord tosaíochta a chur chun feidhme, mar shampla, ar scáileán baile gléis, trí shocruithe crua-earraí nó aicearraí bogearraí, feidhmchláir agus limistéir chuardaigh, a bhfuil impleachtaí acu d’iompraíocht na bhfaighteoirí, a d’fhéadfaí a dhreasú go míchuí chun tairiscintí áirithe meán a roghnú thar chinn eile. D’fhéadfadh rogha an úsáideora a bheith teoranta freisin ag ciorcaid iata d’fheidhmchláir réamhshuiteáilte. Ba cheart an deis a bheith ag úsáideoirí cumraíocht seirbhísí meáin a chuireann cláir ar fáil a athrú ag aon uair, ar bhealach inrochtana simplí soláimhsithe, lena n-áirítear réamhshocraithe gléis, ar cianrialtáin iad, comhéadan úsáideora, nó úsáid na seirbhísí sin nó rochtain orthu a bhainistiú. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear leis sin gnéithe saincheaptha uile na ngléasanna nó na gcomhéadan úsáideora lena ndírítear nó lena dtreoraítear úsáideoirí agus iad ag roghnú seirbhísí meán nó ábhair ar mian leo rochtain a fháil orthu, agus lena gcuirtear ar a gcumas teacht ar na seirbhísí nó ar an ábhar sin nó iad a aimsiú, agus an sprioc maidir le rochtain chothrom ar sheirbhísí meán ina n-éagsúlacht uile á cur san áireamh, ó thaobh úsáideoirí agus soláthraithe seirbhíse meán araon. Níor cheart go gcumhdódh an ceart sin míreanna aonair, amhail cláir, laistigh de chatalóg seirbhíse ar éileamh agus atá gan dochar do bhearta chun a áirithiú go dtabharfar tosaíocht iomchuí do sheirbhísí meán closamhairc ar mhaithe leis an leas ginearálta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 7a de Threoir 2010/13/AE chomh maith leo siúd lena gcuirtear Airteagal 7b den Treoir sin chun feidhme, arna ndéanamh chun breithnithe dlisteanacha beartais phoiblí a shaothrú. Ba cheart do mhonaróirí, d’fhorbróirí agus d’allmhaireoirí a bheith in ann soláimhsitheacht éifeachtach don úsáideoir a léiriú maidir leis an bhfeidhmiúlacht is gá agus a dtáirgí ábhartha á gcur ar an margadh acu. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, trí bhearta iomchuí, go gcomhlíonann gléasanna agus comhéadain a chuireann gníomhaithe margaidh ábhartha ar a margadh na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na gníomhaithe margaidh sin.

(58)

Is iad brandaí, lógónna, trádmharcanna nó tréithe saintréitheacha eile atá i gceist le sainaitheantais fhíseacha soláthraithe seirbhíse meán agus cuireann siad ar chumas faighteoirí seirbhísí meán a sholáthraíonn cláir a chinneadh go héasca cé air a bhfuil an fhreagracht eagarthóireachta as an tseirbhís. Is príomhshócmhainn iomaíoch iad sainaitheantais fhíseacha freisin do sholáthraithe seirbhíse meán, rud a chuireann ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh ar a dtairiscint meán ar an margadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcaomhnaítear sainaitheantais fhíseacha na soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn cláir nuair a bhíonn rochtain ag úsáideoirí ar a seirbhísí meán trí ghléasanna éagsúla agus comhéadain úsáideora éagsúla. Chuige sin, ba cheart do mhonaróirí, d’fhorbróirí agus d’allmhaireoirí gléasanna agus comhéadain úsáideora a áirithiú nach ndéanfar na sainaitheantais fhíseacha sin arna soláthar ag na soláthraithe seirbhíse meán sin a bhaint ná a mhodhnú

(59)

Chun cothroime iomaíochta a áirithiú i soláthar seirbhísí éagsúla meán a chuireann cláir ar fáil le linn forbairtí teicneolaíocha sa mhargadh inmheánach agus chun rochtain chothrom ar sheirbhísí meán ina n-éagsúlacht uile a áirithiú, is gá forbairt caighdeán comhchuibhithe coiteann a chur chun cinn le haghaidh gléasanna agus comhéadain úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán a chuireann cláir ar fáil agus úsáid na seirbhísí sin nó le haghaidh gléasanna a bhfuil comharthaí digiteacha acu lena n-iompraítear an t-ábhar ón bhfoinse go dtí an ceann scríbe. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach nach gcruthófar bacainní agus costais bhreise don tionscal agus do thomhaltóirí trí chaighdeáin theicniúla éagsúla a chruthú agus, an tráth céanna, forbairt réiteach a spreagadh chun na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le seirbhísí meán a chur chun feidhme.

(60)

D’fhéadfadh údar maith a bheith le bearta reachtacha, rialála nó riaracháin éagsúla agus d’fhéadfaidís a bheith fabhrach d’iolrachas na meán. Mar sin féin, d’fhéadfadh roinnt beart bac a chur ar fheidhmiú na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar in earnáil na meán, nó an tsaoirse sin a laghdú, rud a rachadh chun dochair d’iolrachas na meán nó do neamhspleáchas eagarthóireachta na soláthraithe seirbhíse meán atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist leis na bearta sin, lena n-áirítear, mar shampla, rialacha chun teorainn a chur le gnóthais meán a bheith faoi úinéireacht gnóthais eile atá gníomhach in earnáil na meán nó in earnálacha nach mbaineann leis na meáin. Áirítear leo freisin cinntí a bhaineann le ceadúnú, mar shampla, ceadúnais soláthraithe seirbhíse meán a chúlghairm, nó athnuachan ceadúnas soláthraithe seirbhíse meán a dhéanamh níos deacra, chomh maith le cinntí a bhaineann le húdarú nó le réamhfhógra do sholáthraithe seirbhíse meán. Chun an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith acu ar iolrachas na meán nó ar neamhspleáchas eagarthóireachta na soláthraithe seirbhíse meán atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach a mhaolú agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí meán, tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaidh na bearta sin prionsabail an réasúnaithe oibiachtúil, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. Ba cheart bearta riaracháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iolrachas nó do neamhspleáchas eagarthóireachta na meán a ghlacadh laistigh de thréimhsí ama intuartha. Ba cheart an tréimhse ama sin a bheith fada go leor chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse meán measúnú leordhóthanach ar na bearta agus ar na hiarmhairtí intuartha a bhaineann leo. Thairis sin, ba cheart an ceart a bheith ag soláthraithe seirbhíse meán a ndéanann bearta rialála nó riaracháin difear dóibh ina n-aonar agus go díreach, achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart sin os comhair comhlacht achomhairc neamhspleách. Mura bhfuil an comhlacht achomhairc ina chúirt, ba cheart na hacmhainní leordhóthanacha a bheith aige is gá chun go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtach.

(61)

Gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta agus státchabhrach an Aontais agus bearta náisiúnta arna ndéanamh i gcomhréir leis na rialacha sin, tá sé ríthábhachtach go dtabharfar de chumhacht don Bhord, i gcás inar dócha go ndéanfaidh bearta rialála nó riaracháin náisiúnta difear suntasach d’oibriú soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach, tuairimí a eisiúint. Ba cheart tuairimí an Bhoird a dhíriú ar bhearta náisiúnta a d’fhéadfadh cur isteach ar ghníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach, mar shampla trí chosc nó bac a chur ar a n-oibriú ar bhealach a dhéanfadh dochar tromchúiseach do sholáthar a seirbhísí meán i margadh ar leith. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina ndírítear beart riaracháin náisiúnta go sonrach ar sholáthraí seirbhíse meán a sholáthraíonn a sheirbhísí do níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina mbaineann sé le soláthraí seirbhíse meán a bhfuil tionchar suntasach aige, mar gheall, inter alia, ar a sciar den mhargadh, dul i gcion ar a phobal meáin nó a leibhéal cúrsaíochta, ar bhunú thuairimí an phobail sa Bhallstát sin, agus go gcuireann sé cosc ar na soláthraithe seirbhíse meán sin oibriú go héifeachtach i margadh ar leith nó dul isteach i margadh nua. Féadfaidh an Bord tuairimí den sórt sin a eisiúint ar a thionscnamh féin agus ba cheart dó tuairimí den sórt sin a eisiúint arna iarraidh sin don Choimisiún. Ba cheart don Bhord freisin tuairimí a eisiúint maidir leis na bearta sin arna iarraidh sin do sholáthraithe seirbhíse meán a ndéantar difear dóibh ina n-aonar agus go díreach. Chuige sin, ba cheart don soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe, a bhfuil údar cuí léi, a chur faoi bhráid an Bhoird. San iarraidh uaidh, ba cheart don soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann a léiriú go háirithe an bhfuil na leigheasanna náisiúnta uile atá ar fáil ídithe aige cheana féin trí agóid a dhéanamh in aghaidh na mbeart a chonspóidtear os comhair na gcúirteanna náisiúnta nó os comhair údarás nó comhlachtaí náisiúnta inniúla eile, agus cineál an chinnidh nó na gcinntí a d’eascair as sin. Ba cheart a chur in iúl go háirithe san iarraidh freisin na cúiseanna a measann an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann go ndéanann an beart nó na bearta atá á gconspóid difear suntasach dá oibriú sa mhargadh inmheánach, chomh maith leis na cúiseanna a measann sé go ndéanann bearta den sórt sin difear go díreach agus go leithleach dá staid dhlíthiúil.

(62)

Déantar measúnú éagsúil ar chomhchruinnithe i margadh na meán ar fud an Aontais ó thaobh iolrachas na meán de. Ní hionann na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe i margadh na meán ar fud an Aontais. Braitheann roinnt Ballstát ar mheasúnuithe iomaíochta amháin, ach tá creataí tiomnaithe ag Ballstáit eile chun measúnú sonrach a dhéanamh ar iolrachas na meán ar chomhchruinnithe. Sa dara cás, tá difríochtaí suntasacha ann. I gcásanna áirithe, déantar grinnscrúdú ar gach idirbheart meán, is cuma an sroicheann siad tairseacha áirithe, agus i gcásanna eile ní dhéantar measúnú ach amháin nuair a sháraítear tairseacha sonracha nó nuair a chomhlíontar critéir cháilíochtúla áirithe. Mar shampla, chun críocha an mheasúnaithe sin, cuireann roinnt Ballstát iolraitheoirí ioncaim i bhfeidhm chun a áirithiú go mbraitear bagairtí iomaíocha agus go gcuirtear faoi ghrinnscrúdú iad fiú nuair a bhíonn ioncam íseal ag na hasraonta lena mbaineann. I gcás inarb ann dóibh, tá difríochtaí freisin sna nósanna imeachta is infheidhme maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar idirbhearta margaidh chun críocha iolrachas na meán. Is minic a dhéanann an rialtóir meán an grinnscrúdú sin go neamhspleách trí mheasúnú neamhspleách nó déantar é le rannpháirtíocht an rialtóra meán leis an údarás inniúil (trí thuairim, a d’fhéadfadh a bheith ina rannchuidiú neamhspleách nó tuairimí nó barúlacha i scríbhinn i gcomhthéacs measúnú leanúnach). Cuireann rialacha náisiúnta áirithe ar chumas aireachtaí nó comhlachtaí rialtais idirghabháil a dhéanamh sa ghrinnscrúdú ar mhargadh na meán ar fhorais neamheacnamaíocha, ó chosaint iolrachas na meán go coimirciú na slándála poiblí nó leasanna ginearálta eile.

(63)

D’fhéadfadh éiginnteacht dhlíthiúil a bheith mar thoradh ar éagsúlacht agus easpa comhordaithe idir rialacha agus nósanna imeachta na mBallstát is infheidhme maidir le comhchruinnithe i margadh na meán chomh maith le hualaí rialála, riaracháin nó eacnamaíocha ar ghnóthais meán atá toilteanach oibriú thar theorainneacha, rud a shaobhann an iomaíocht sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí meán. I gcásanna áirithe, is féidir le bearta náisiúnta sa réimse seo cosc éifeachtach a chur ar ghnóthais meán atá bunaithe san Aontas a dhul isteach i margadh náisiúnta eile, gan a bheith dírithe i ndáiríre ar iolrachas na meán a chur chun cinn (17). I ndeireadh na dála, in ionad níos mó iolrachais sna meáin a bhaint amach, d’fhéadfadh sé sin an olagaplacht i margadh na meán a threisiú. Chun bacainní a laghdú a chuireann bac ar chumas soláthraithe seirbhíse meán oibriú sa mhargadh inmheánach, tá sé tábhachtach go leagtar amach leis an Rialachán seo creat coiteann chun measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe i margadh na meán ar fud an Aontais.

(64)

Tá ról cinntitheach ag na meáin maidir le tuairimí an phobail a mhúnlú agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil do shaoránaigh chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha. Sin an fáth ar cheart do na Ballstáit, go neamhspleách ar mheasúnuithe de réir dhlí na hiomaíochta, foráil a dhéanamh maidir le rialacha agus nósanna imeachta sa dlí náisiúnta chun measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a cheadú a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart iolrachas na meán a thuiscint mar fhéidearthacht rochtain a bheith ag na meáin ar réimse leathan seirbhísí meán agus ábhair meán lena léirítear tuairimí, guthanna agus anailísí éagsúla. Is féidir tionchar a bheith ag rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta ar an tsaoirse seirbhísí meán a sholáthar sa mhargadh inmheánach agus ní mór iad a cheapadh i gceart agus a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaíonn comhchruinnithe i margadh na meán atá faoi réir na rialacha sin na comhchruinnithe sin a bhféadfadh a bheith mar thoradh air go rialódh eintiteas aonair seirbhísí meán an margadh lena mbaineann nó go mbeadh leasanna suntasacha aige ann agus go mbeadh, dá bharr sin, tionchar substaintiúil aige ar thuairim an phobail a chruthú i margadh áirithe meán i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Critéar tábhachtach atá le cur san áireamh is ea laghdú ar thuairimí iomaíocha laistigh den mhargadh sin mar thoradh ar chomhchruinniú i margadh na meán.

(65)

Ba cheart d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, a bhfuil saineolas sonrach acu i réimse iolrachas na meán, a bheith rannpháirteach sa mheasúnú ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta i gcás nach iad na húdaráis nó na comhlachtaí ainmnithe iad féin. Ba cheart rannpháirtíocht na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta sin a bheith substainteach, mar shampla trína áirithiú go gcuirtear a gcuid tuairimí san áireamh sa mheasúnú iomaíochta. Chun deimhneacht dhlíthiúil a chothú agus chun a áirithiú go mbeidh na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta lenar féidir measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a cheadú a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta dírithe i ndáiríre ar iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint, tá sé fíor-riachtanach go leagfar amach critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha chun an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta a fhógairt agus a mheasúnú.

(66)

I gcás inarb é atá i gcomhchruinniú i margadh na meán comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, níor cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná aon rialacha nó nósanna imeachta arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn an Rialacháin seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus ba cheart dóibh a bheith ar leithleach óna chéile. Aon bheart arna ghlacadh ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ainmnithe nó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann, ar bhonn a measúnuithe ar chomhchruinnithe i margadh na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, ba cheart dó a bheith dírithe dá bhrí sin ar leasanna dlisteanacha a chosaint de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ba cheart iad a bheith i gcomhréir le prionsabail ghinearálta agus le forálacha eile de dhlí an Aontais. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta níos mionsonraithe is infheidhme maidir le comhchruinnithe i margadh na meán atá ag tarlú, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil.

(67)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord tuairimí a thabhairt maidir le dréachtmheasúnuithe ó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ainmnithe nó dréacht-tuairimí ó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann, i gcás inar dócha go ndéanfaidh comhchruinnithe i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás ina mbaineann éadálacha ar ghnóthas nó arna déanamh ag gnóthas atá bunaithe i mBallstát eile nó ag feidhmiú thar theorainneacha leis na comhchruinnithe sin, nó go mbíonn mar thoradh air tionchar suntasach ag soláthraithe seirbhíse meán ar thuairimí an phobail a chruthú i margadh meán ar leith a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar phobail mheáin sa mhargadh inmheánach. I gcás nár rinneadh measúnú ar an gcomhchruinniú i margadh na meán nó i gcás nárbh fhéidir measúnú a dhéanamh air maidir lena thionchar ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, arna dhéanamh ag na húdaráis nó na comhlachtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta nó i gcás nach mbeidh na húdaráis ná na comhlachtaí rialála náisiúnta tar éis dul i gcomhairle leis an mBord maidir le comhchruinniú ar leith i margadh na meán, ach go meastar gur dócha go ndéanfaidh sé sin difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, féadfaidh an Bord tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin agus ba cheart dó tuairim a thabhairt arna iarraidh sin don Choimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún an fhéidearthacht a choinneáil maidir lena chuid tuairimí féin a eisiúint.

(68)

D’fhonn margaí iolraíocha meán a áirithiú, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord na heilimintí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord breithniú a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ag comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán, lena n-áirítear, go háirithe, an éifeacht atá acu ar thuairim an phobail a chruthú, agus an timpeallacht ar líne á cur san áireamh. Ar an mbonn sin, agus go háirithe i gcás inarb ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar bhunú tuairimí an phobail i gcodanna suntasacha de mhargadh meán ar leith, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord raon geografach na n-eintiteas a bhfuil baint acu leis an gcomhchruinniú i margadh na meán a chur san áireamh freisin. An tráth céanna, ba cheart breithniú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh asraonta meán eile, a sholáthraíonn inneachar éagsúil agus malartach, fós sa mhargadh nó sna margaí áirithe tar éis an chomhchruinnithe i margadh na meán atá i gceist. Ba cheart a áireamh ar choimircí le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta scrúdú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go mbeadh cur isteach míchuí ón úinéir ionchasach, ó struchtúr bainistíochta nó rialachais i gcinntí eagarthóireachta an eintitis a fuarthas nó an eintitis chumaiscthe. Ba cheart na coimircí inmheánacha atá ann cheana nó atá beartaithe a chur san áireamh freisin arb é is aidhm dóibh neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta aonair laistigh de na gnóthais meán lena mbaineann a chaomhnú mar aon leis na caighdeáin phroifisiúnta agus eiticiúla. Ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord breithniú a dhéanamh freisin ar éifeachtaí an chomhchruinnithe i margadh na meán atá i gceist ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi réir an chomhchruinnithe agus, in éagmais an chomhchruinnithe, an mbeidís inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, sa chiall go mbeidís in ann leanúint de sheirbhísí meán ardcháilíochta atá inmharthana ó thaobh airgeadais de, a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus atá oiriúnaithe ó thaobh na teicneolaíochta de sa mhargadh a sholáthar agus a fhorbairt a thuilleadh. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta ina measúnaithe agus don Bhord ina thuairimí a chur san áireamh freisin na gealltanais a fhéadfaidh aon cheann de na páirtithe lena mbaineann a thairiscint chun a áirithiú go ráthaítear le comhchruinniú ábhartha i margadh na meán iolrachas agus neamhspleáchas eagarthóireachta na meán. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord torthaí thuarascálacha bliantúla an Choimisiúin ar an smacht reachta a bhaineann le hiolrachas na meán agus saoirse na meán a chur san áireamh freisin ina measúnú.

(69)

Bíonn tionchar díreach ag tomhas pobail meáin ar leithdháileadh agus praghsanna fógraíochta, ar príomhfhoinse ioncaim d’earnáil na meán é. Is uirlis ríthábhachtach é chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht ábhar na meán agus chun roghanna an phobail meáin a thuiscint chun táirgeadh ábhair amach anseo a phleanáil. Dá réir sin, ba cheart gníomhaithe i margadh na meán, go háirithe soláthraithe seirbhíse meán agus fógróirí, a bheith in ann brath ar shonraí oibiachtúla agus inchomparáide maidir le pobal meáin a eascraíonn as réitigh thrédhearcacha neamhchlaonta infhíoraithe tomhaiste pobail meáin. I bprionsabal, ba cheart tomhas pobail meáin a dhéanamh i gcomhréir le sásraí féinrialála tionscail a nglactar leo go forleathan. Mar sin féin, ní chloíonn gníomhaithe nua áirithe atá tagtha chun cinn in éiceachóras na meán, ardáin ar líne, cuir i gcás, leis na caighdeáin tionscail ná leis na dea-chleachtais a comhaontaíodh trí shásraí ábhartha féinrialála tionscail agus soláthraíonn siad a seirbhísí tomhais dílseánaigh gan faisnéis a chur ar fáil maidir lena modheolaíochtaí. D’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin; réitigh neamh-inchomparáide tomhaiste pobail meáin, neamhshiméadrachtaí faisnéise i measc gníomhaithe i margadh na meán, agus saobhadh féideartha ar an margadh – rud a dhéanfadh dochar don chomhionannas deiseanna le haghaidh soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go n-áirithítear leis na córais agus modheolaíochtaí tomhaiste pobail meáin a chuirtear ar fáil ar an margadh leibhéal iomchuí trédhearcachta, neamhchlaontachta, cuimsitheachta, comhréireachta, neamh-idirdhealaithe, inchomparáideachta agus infhíoraitheachta.

(70)

Go traidisiúnta, thagadh gníomhaithe ábhartha margaidh ar chomhaontú maidir le sraith modheolaíochtaí chun tomhas pobail meáin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus iontaofa agus chun tagarmharcanna neamhchlaonta iontaofa a fhorbairt lena n-úsáid agus feidhmíocht ábhair meán agus fógraíochta á measúnú acu. Feictear na modheolaíochtaí tomhais sin i gcaighdeáin ábhartha tionscail agus i ndea-chleachtais ábhartha nó eagraíonn agus comhdhlúthaíonn comhlachtaí féinrialála iad, na comhchoistí tionscail, cuir i gcás, atá bunaithe i roinnt Ballstát agus a thugann le chéile na príomhpháirtithe leasmhara uile atá ag feidhmiú i dtionscal na meán agus na fógraíochta. Chun feabhas a chur ar infhíoraitheacht, iontaofacht agus inchomparáideacht na modheolaíochtaí tomhaiste pobail meáin, go háirithe ar líne, ba cheart oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos do sholáthraithe córas dílseánaigh tomhais pobail meáin nach leanann na caighdeáin tionscail ná na dea-chleachtais ábhartha agus nach gcloíonn leis na tagarmharcanna tionscail a comhaontaíodh laistigh de na comhlachtaí féinrialála ábhartha. Faoi na hoibleagáidí sin, ba cheart do na gníomhaithe sin, nuair a iarrtar sin orthu agus a mhéid is féidir, faisnéis a chur ar fáil d’fhógróirí agus do sholáthraithe seirbhíse meán nó do pháirtithe atá ag gníomhú thar a gceann, ar faisnéis í ina ndéantar cur síos ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun an pobal meáin a thomhas. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bhfaisnéis sin eilimintí a sholáthar, mar shampla méid an tsampla a thomhaistear, sainmhíniú ar na táscairí a thomhaistear, na méadrachtaí, na modhanna tomhais, an tréimhse thomhais, cumhdach an tomhais agus an lamháil earráide. Chun leibhéal leordhóthanach éifeachtachta a áirithiú maidir leis an oibleagáid trédhearcachta sin agus chun iontaofacht na gcóras dílseánaigh tomhaiste pobail meáin a chothú, ba cheart na modheolaíochtaí agus a gcur i bhfeidhm a bheith faoi réir iniúchtaí neamhspleácha ar bhonn bliantúil. Ina theannta sin, chun cuidiú le cothroime iomaíochta a bhaint amach agus chun soiléireacht agus inchoimhlinteacht na faisnéise ábhartha a chuirtear ar fáil don mhargadh a chothú, tá sé ríthábhachtach freisin go gcuirfear torthaí an tomhais pobail meáin ar fáil. Ar an gcúis sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán a bheith in ann a iarraidh ar sholáthraithe córas dílseánaigh tomhaiste pobail meáin faisnéis a chur ar fáil maidir le torthaí an tomhais pobail meáin a bhaineann lena n-ábhar agus a seirbhísí meán féin. Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe córas dílseánaigh tomhaiste pobail meáin a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm chaighdeánach tionscail, go n-áireofar inti na sonraí ábhartha nach bhfuil comhiomlánaithe, agus go mbeidh sé d’ardcháilíocht agus go mbeidh mionsonraí ag baint leis lena gcuirfear ar chumas na soláthraithe seirbhíse meán iarrthacha measúnú éifeachtach fóinteach a dhéanamh ar rochtain agus feidhmíocht a n-ábhar agus a seirbhísí meán. Ba cheart an gá atá le trédhearcacht agus inchoimhlinteacht na gcóras dílseánaigh tomhaiste pobail meáin a réiteach le saoirse a thabhairt do sholáthraithe córas tomhaiste pobail meáin a gcórais tomhais féin a fhorbairt, mar chuid dá saoirse fiontraíochta. Go háirithe, ba cheart na hoibleagáidí trédhearcachta ar ceart do sholáthraithe córas tomhaiste pobail meáin cloí leo de bhun an Rialacháin seo a bheith gan dochar do chosaint a thabhairt do rúin trádála na soláthraithe seirbhísí tomhaiste pobail meáin mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith gan dochar freisin d’aon oibleagáidí a bhfuil feidhm acu maidir le soláthraithe seirbhísí tomhaiste pobail meáin faoi Rialachán (AE) 2019/1150 nó Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le rangú, féintosaíocht, nó rochtain a sholáthar ar uirlisí tomhaiste feidhmíochta agus ar na sonraí ábhartha.

(71)

Maidir le cóid iompair, arna dtarraingt suas ag soláthraithe córas tomhaiste pobail meáin nó ag eagraíochtaí nó comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, in éineacht le soláthraithe seirbhíse meán, agus soláthraithe ardán ar líne agus páirtithe leasmhara ábhartha eile chomh maith lena n-eagraíochtaí ionadaíocha„ d’fhéadfaidís rannchuidiú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a spreagadh. Baineadh úsáid cheana féin as sásraí féinrialála a aithnítear go forleathan i dtionscal na meán chun ardchaighdeáin cháilíochta a chothú i réimse a bhaineann le tomhas pobail meáin, lena n-áirithítear neamhchlaontacht na dtomhas agus inchomparáideacht na dtorthaí. D’fhéadfaí breathnú ar a bhforbairt bhreise mar uirlis éifeachtach chun go dtiocfaidh an tionscal ar chomhaontú maidir leis na réitigh phraiticiúla is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar córais tomhaiste pobail meáin agus prionsabail na trédhearcachta, na neamhchlaontachta, na cuimsitheachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe, na neamhchlaontachta agus na hinfhíoraitheachta i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a ghabhann leo. Agus na cóid iompair sin á dtarraingt suas, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile agus go háirithe le soláthraithe seirbhíse meán agus soláthraithe ardán ar líne, d’fhéadfaí aird a thabhairt go háirithe ar dhigiteáil mhéadaitheach earnáil na meán agus ar an ngá go ndéanfaí na réitigh dhifriúla maidir le tomhas pobail meáin atá ar fáil ar an margadh níos inchomparáide. Go deimhin, tá inchomparáideacht thorthaí an tomhais pobail meáin ríthábhachtach chun cothroime iomaíochta a bhaint amach i measc gníomhaithe i margadh na meán mar cuireann sí ar chumas soláthraithe seirbhíse meán agus fógróirí luach a dtairiscintí a thomhas ar bhealach níos fearr, a bhfuil úsáideoirí ag baint níos mó úsáid astu anois ar na gléasanna agus ar na hardán éagsúla. Ar an gcúis sin, ba cheart na gníomhaithe tionscail ábhartha a spreagadh chun úsáid a bhaint as cóid iompair agus sásraí féinrialála eile chun forbairt ar réitigh maidir le tomhas pobail meáin a chothú, ar réitigh iad atá inchomparáide ar fud na meán agus na n-ardán éagsúil. Ina theannta sin, ba cheart do na cóid iompair sin forbairt ar réitigh a chothú lena n-áiritheofar go dtomhaisfear go cuí pobal soláthraithe seirbhíse meán beaga.

(72)

Is foinse thábhachtach ioncaim iad cistí poiblí chun críocha na fógraíochta stáit agus conarthaí soláthairtí nó seirbhísí do go leor soláthraithe seirbhíse meán agus soláthraithe ardán ar líne, rud a chuireann lena n-inbhuanaitheacht eacnamaíoch. Ní mór rochtain ar na cistí sin a dheonú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach d’aon soláthraí seirbhíse meán nó soláthraí ardáin ar líne ó aon Bhallstát atá in ann roinnt de na daoine ábhartha den phobal, nó iad ar fad, a bhaint amach go leordhóthanach, chun comhdheiseanna a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Lena chois sin, féadfaidh cistí poiblí chun críoch fógraíochta stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse soláthraithe seirbhíse meán agus soláthraithe ardán ar líne a dhéanamh leochaileach do thionchar míchuí stáit nó leasanna páirteacha chun aimhleasa na saoirse chun seirbhísí agus cearta bunúsacha a sholáthar. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é leithdháileadh doiléir claonta na gcistí sin chun tionchar a imirt ar shaoirse eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán, chun soláthraithe seirbhíse meán a ‘ghabháil’ nó chun na soláthraithe sin a fhóirdheonú faoi cheilt chun buntáiste polaitiúil nó tráchtála éagothrom a fháil nó chun cumhdach fabhrach a fháil. Déantar cistí poiblí chun críoch fógraíochta stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse a rialáil go pointe áirithe trí chreat ilroinnte de bhearta a bhaineann go sonrach leis na meáin agus rialacha soláthair phoiblí an Aontais, nach dtugann cosaint leordhóthanach i gcoinne dáileadh fabhrach nó claonta. Go háirithe, níl feidhm ag Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) maidir le conarthaí seirbhíse poiblí chun ábhar clár atá ceaptha do sheirbhísí meán closamhairc nó do sheirbhísí meán raidió a fháil, a fhorbairt, a léiriú nó a chomhléiriú. Tá difríochtaí suntasacha idir rialacha a bhaineann go sonrach leis na meáin maidir le cistí poiblí chun críoch fógraíochta stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse, i gcás inarb ann dóibh, ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. D’fhéadfaidís sin neamhshiméadracht faisnéise a chruthú do ghníomhaithe i margadh na meán agus tionchar diúltach a bheith acu ar ghníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann i margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán. Níos tábhachtaí fós, d’fhéadfaidís iomaíocht a shaobhadh, infheistíocht a dhíspreagadh agus dochar a dhéanamh do chothroime iomaíochta i margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán.

(73)

Chun iomaíocht neamhshaofa idir soláthraithe seirbhíse meán agus soláthraithe ardán ar líne a áirithiú agus chun an riosca a bhaineann le fóirdheontais cheilte agus tionchar polaitiúil míchuí ar na meáin a sheachaint, is gá ceanglais choiteanna a bhunú maidir le trédhearcacht, oibiachtúlacht, comhréireacht agus neamh-idirdhealú i leithdháileadh cistí poiblí nó acmhainní stáit eile ar sholáthraithe seirbhíse meán agus soláthraithe ardán ar líne chun críche fógraíochta stáit nó earraí nó seirbhísí seachas fógraíocht stáit a cheannach uathu, mar shampla, léiriúcháin chlosamhairc, sonraí margaidh agus seirbhísí comhairliúcháin nó oiliúna. Nuair is féidir, agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta agus áitiúla na margaí meán ábhartha, le samhlacha rialachais náisiúnta agus roinnt na n-inniúlachtaí idir an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sna Ballstáit, agus aird á tabhairt go háirithe ar mhéid na n-acmhainní stáit a leithdháiltear agus líon na soláthraithe féideartha seirbhísí fógraíochta ábhartha nó earraí nó seirbhísí ábhartha seachas fógraíocht, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an leithdháileadh sin iolrachas sna meáin a áirithiú go háirithe trí dhul chun tairbhe do sholáthraithe seirbhíse éagsúla meán agus soláthraithe éagsúla ardán ar líne. Níor cheart go mbeadh buntáiste gan údar nó díréireach ann do sholáthraithe áirithe mar thoradh ar an leithdháileadh sin. Chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfar na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun cistí poiblí a leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán agus ar sholáthraithe ardán ar líne chun críoch fógraíochta stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse a chur ar fáil go poiblí roimh ré trí mhodhanna leictreonacha agus so-úsáidte. Leis na comhcheanglais maidir le fógraíocht stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse, ba cheart an leithdháileadh a dhéantar go díreach nó go hindíreach araon a chumhdach, cur i gcás trí idirghabhálaithe speisialaithe amhail gníomhaireachtaí fógraíochta agus soláthraithe malartaithe fógraíochta. Is gá ceanglais choiteanna a bhunú freisin chun faisnéis a fhoilsiú maidir le faighteoirí caiteachais fógraíochta stáit agus na méideanna a chaitear. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a bhaineann le fógraíocht stáit ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach atá éasca a fheiceáil, a rochtain agus a íoslódáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála. Is gá freisin d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta nó d’údaráis nó comhlachtaí inniúla neamhspleácha eile sna Ballstáit faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar leithdháileadh cistí poiblí chun críoch fógraíochta stáit do sholáthraithe seirbhíse meán agus soláthraithe ardán ar líne. I gcás ina n-iarrfaidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta é, nó údaráis nó comhlachtaí inniúla neamhspleácha eile, ba cheart d’údaráis phoiblí agus eintitis phoiblí an fhaisnéis bhreise a sholáthar dóibh a bhfuil gá léi chun measúnú a dhéanamh ar iomláine na faisnéise a fhoilsítear agus ar chur i bhfeidhm na gcritéar agus na nósanna imeachta a úsáidtear do leithdháileadh na gcistí sin. Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí agus státchabhair.

(74)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéantar faireachán neamhspleách agus leanúnach ar rioscaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán mar chuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán (‘an cleachtadh faireacháin’). Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an bhfaireachán sin sonraí mionsonraithe agus measúnuithe cáilíochtúla a sholáthar, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena mhéad atá margadh na meán comhchruinnithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus na rioscaí a bhaineann le ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Ba cheart do, shaineintiteas acadúil i gcomhar le taighdeoirí ó na Ballstáit é a dhéanamh go neamhspleách, ar bhonn liosta láidir de phríomhtháscairí feidhmíochta agus coimircí modheolaíochta, atá forbartha agus tugtha cothrom le dáta go rialta ag an gCoimisiún, i gcomhairle leis an mBord. I bhfianaise chineál na rioscaí agus na bhforbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn go tapa i margadh inmheánach na meán, ba cheart don fhaireachán inmharthanacht ionchasach eacnamaíoch mhargadh inmheánach na meán a mheas, chun aird a tharraingt ar leochaileachtaí maidir le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta, agus chun cuidiú le hiarrachtaí chun rialachas, cáilíocht sonraí agus bainistiú riosca a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart leibhéal na gníomhaíochta agus na hinfheistíochta trasteorann, an chomhair rialála agus an chóineasaithe i rialáil na meán, bacainní ar sholáthar seirbhísí meán, lena n-áirítear i dtimpeallacht dhigiteach agus suíomh soláthraithe seirbhíse meán inti, chomh maith le trédhearcacht agus cothroime maidir le hacmhainní eacnamaíocha a leithdháileadh i margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán a chumhdach leis an bhfaireachán. Ba cheart breathnú freisin ar threochtaí níos leithne i margadh inmheánach na meán agus i margaí náisiúnta na meán chomh maith le reachtaíocht náisiúnta a dhéanann difear do sholáthraithe seirbhíse meán. Ina theannta sin, ba cheart forléargas ginearálta a thabhairt san fhaireachán ar na bearta a rinne soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta a ráthú, lena n-áirítear na cinntí sin a mholtar sa Mholadh a ghabhann leis seo (AE) 2022/1634, agus anailís ar a bpoitéinseal chun rioscaí maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán a laghdú. Chun na caighdeáin is airde maidir leis an bhfaireachán sin a áirithiú, ba cheart don Bhord a bheith rannpháirteach go cuí, ós rud é go dtugann sé le chéile eintitis a bhfuil saineolas speisialaithe ar mhargaí na meán acu. Thairis sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart a chur san áireamh sa chleachtadh faireacháin sin torthaí Ardán Chomhairle na hEorpa chun cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí agus mearfhreagairt shaoirse na meán a chur chun cinn, i bhfianaise a éifeachtaí atá siad ó thaobh rioscaí nó bagairtí d’iriseoirí agus soláthraithe seirbhíse meán a shainaithint, ar rioscaí nó bagairtí iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhargadh inmheánach na meán freisin.

(75)

Ba cheart a mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir leis an bhfreagracht atá air de bhun Airteagal 17 de CAE. I ndáil leis an méid sin, tá sé ráite ag an gCoimisiún ina theachtaireacht an 19 Eanáir 2017 dar teideal EU law: Better results through better application [Dlí an Aontais: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr], go bhfuil sé tábhachtach go ndíríonn sé agus go dtabharfaidh sé tús áite dá iarrachtaí forfheidhmithe ar na sáruithe is suntasaí ar dhlí an Aontais, a dhéanann difear do leasanna shaoránaigh agus ghnólachtaí an Aontais.

(76)

Cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán a áirithiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach toisc nach bhféadann nó nach bhféadfadh dreasachtaí a bheith acu chun an comhchuibhiú agus an comhar is gá a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, ach go bhféadann, de bharr an táirgeadh, an dáileadh agus an tomhaltas ábhair meán a bheith ag éirí níos digití agus gné thrasteorann níos mó a bheith ag baint leo, agus de bharr an róil uathúil atá ag seirbhísí meán, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(77)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt, go háirithe Airteagail 7, 8, 11, 16, 47, 50 agus 52 di. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm agus urraim chuí á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail sin. Go háirithe, níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a chuireann isteach ar shaoráil faisnéise, saoirse eagarthóireachta nó saoirse an phreasa mar atá cumhdaithe sna dlíthe bunreachtúla náisiúnta atá comhsheasmhach leis an gCairt, ná mar ní a spreagann na Ballstáit chun ceanglais a thabhairt isteach maidir le hábhar eagarthóireachta i bpreasfhoilseacháin.

(78)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus thug sé tuairim an 11 Samhain 2022 (22),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán agus bunaítear an Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán, agus iolrachas agus neamhspleáchas seirbhísí na meán á gcoimirciú an tráth céanna.

2.   Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do rialacha a leagtar síos leo seo a leanas:

(a)

Treoir 2000/31/CE;

(b)

Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(c)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(d)

Rialachán (AE) 2022/2065;

(e)

Rialachán (AE) 2022/1925;

(f)

Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(g)

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

3.   Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a ghlacadh sna réimsí a chumhdaítear le Caibidil II, Caibidil III, Roinn 5, agus Airteagal 25, ar choinníoll go n-áiritheofar leis na rialacha sin leibhéal cosanta níos airde d’iolrachas na meán nó do neamhspleáchas eagarthóireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcomhlíontar dlí an Aontais leo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘seirbhís meán’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagail 56 agus 57 CFAE, i gcás inarb é príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di cláir nó preasfhoilseacháin, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán, a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, trí mheán ar bith, chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil;

(2)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse meán’ duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghníomhaíocht ghairmiúil é seirbhís meán a sholáthar agus a bhfuil freagracht eagarthóireachta ar an duine sin as ábhar na seirbhíse meán a roghnú agus a chinneann an bealach ina n-eagraítear é;

(3)

ciallaíonn ‘soláthraí meán seirbhíse poiblí’ soláthraí seirbhíse meán a gcuirtear sainchúram seirbhíse poiblí air faoin dlí náisiúnta agus a fhaigheann cistiú poiblí náisiúnta chun an sainchúram sin a chomhlíonadh;

(4)

ciallaíonn ‘clár’ sraith íomhánna gluaisteacha nó fuaimeanna gluaisteacha ar mír aonair í, gan beann ar a fhad, laistigh de sceideal nó de chatalóg arna bhunú ag soláthraí seirbhíse meán;

(5)

ciallaíonn ‘preasfhoilseachán’ preasfhoilseachán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2019/790;

(6)

ciallaíonn ‘seirbhís meán closamhairc’ seirbhís meán closamhairc mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Threoir 2010/13/AE;

(7)

ciallaíonn ‘cinneadh eagarthóireachta’ cinneadh a dhéantar ar bhonn rialta chun freagracht eagarthóireachta a fheidhmiú agus atá nasctha le hoibriú laethúil soláthraí seirbhíse meán;

(8)

ciallaíonn ‘freagracht eagarthóireachta’ rialú éifeachtach a fheidhmiú maidir le roghnú na gclár nó na bpreasfhoilseachán agus maidir lena n-eagrú, chun seirbhís meán a sholáthar, gan beann ar dhliteanas a bheith ann faoin dlí náisiúnta i leith na seirbhíse a sholáthraítear;

(9)

ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065;

(10)

ciallaíonn ‘soláthraí ardáin an-mhór ar líne’ soláthraí ardáin ar líne arna ainmniú mar ardán an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(11)

ciallaíonn ‘seirbhís ardáin comhroinnte físeán’ seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;

(12)

ciallaíonn ‘soláthraí ardáin comhroinnte físeán’ soláthraí ardáin comhroinnte mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (da), de Threoir 2010/13/AE;

(13)

ciallaíonn ‘údarás nó comhlacht rialála náisiúnta’ aon údarás nó comhlacht arna ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE;

(14)

ciallaíonn ‘comhéadan úsáideora’ seirbhís lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán agus úsáid seirbhísí meán lena soláthraítear cláir agus lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí rogha a dhéanamh idir seirbhísí nó ábhair na meán;

(15)

ciallaíonn ‘comhchruinniú i margadh na meán’ comhchruinniú mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a bhfuil soláthraí seirbhíse meán amháin ar a laghad nó soláthraí amháin ardáin ar líne a sholáthraíonn rochtain ar ábhar meán páirteach ann;

(16)

ciallaíonn ‘tomhas pobail meáin’ an ghníomhaíocht arb é atá ann sonraí a bhailiú, a léirmhíniú nó a phróiseáil ar bhealach eile maidir le líon agus saintréithe úsáideoirí seirbhísí meán nó úsáideoirí ábhair atá ar ardáin ar líne chun críoch cinntí maidir le leithdháileadh fógraíochta, praghsáil fógraíochta, ceannacháin fógraíochta nó díolacháin fógraíochta nó maidir le pleanáil, nó dáileadh ábhar;

(17)

ciallaíonn ‘tomhas dílseánaigh pobail meáin’ tomhas pobail meáin nach leanann caighdeáin tionscail agus dea-chleachtais arna gcomhaontú trí shásraí féinrialála;

(18)

ciallaíonn ‘údarás nó eintiteas poiblí’ rialtas náisiúnta nó fonáisiúnta, údarás nó comhlacht rialála, nó eintiteas atá faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag rialtas náisiúnta nó fonáisiúnta;

(19)

Ciallaíonn ‘fógraíocht stáit’ teachtaireacht fógraíochta nó féinfhógraíochta nó fógra poiblí nó feachtas faisnéise a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh, in aon seirbhís meán nó ardán ar líne, de ghnáth ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile, ag údarás nó eintiteas poiblí nó thar a cheann;

(20)

ciallaíonn ‘bogearraí faireachais chunóraigh’ aon táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a saindearadh chun teacht i dtír ar leochaileachtaí i dtáirgí eile a bhfuil eilimintí digiteacha acu lena gcumasaítear faireachas ceilte a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha trí fhaireachán, asbhaint, bailiú nó anailísiú a dhéanamh ar shonraí ó tháirgí mar sin nó ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann na táirgí sin, lena n-áirítear ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

(21)

ciallaíonn ‘litearthacht sna meáin’ scileanna, eolas agus tuiscint a chuireann ar chumas saoránach na meáin a úsáid go héifeachtach agus go sábháilte agus ar scileanna iad nach bhfuil teoranta d’fhoghlaim faoi uirlisí agus teicneolaíochtaí ach a bhfuil sé d’aidhm acu na scileanna smaointeoireachta criticiúla is gá a thabhairt do shaoránaigh chun breithiúnas a fheidhmiú, anailís a dhéanamh ar réaltachtaí casta agus an difríocht idir tuairimí agus fíricí a aithint.

CAIBIDIL II

CEARTA AGUS DUALGAIS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE MEÁN AGUS FAIGHTEOIRÍ SEIRBHÍSÍ MEÁN

Airteagal 3

Ceart faighteoirí seirbhísí meán

Urramóidh na Ballstáit an ceart atá ag faighteoirí seirbhísí meán rochtain a bheith acu ar iolrachas ábhair meán atá neamhspleách ó thaobh eagarthóireachta de agus áiritheoidh siad go bhfuil creatchoinníollacha i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo chun an ceart sin a choimirciú, ar mhaithe le dioscúrsa saor agus daonlathach.

Airteagal 4

Cearta soláthraithe seirbhíse meán

1.   Beidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhíse meán a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach gan srianta seachas na srianta a cheadaítear de bhun dhlí an Aontais.

2.   Urramóidh na Ballstáit saoirse eagarthóireachta agus neamhspleáchas éifeachtach soláthraithe seirbhíse meán agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí gairmiúla. Ní chuirfidh na Ballstáit, lena n-áirítear a n-údaráis agus a gcomhlachtaí rialála náisiúnta, isteach ar bheartais eagarthóireachta agus ar chinntí eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán ná ní fhéachfaidh siad le tionchar a imirt orthu.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foinsí iriseoireachta agus cumarsáid rúnda a chosaint go héifeachtach. Ní dheanfaidh na Ballstáit aon cheann de na bearta seo a leanas:

(a)

oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán nó ar a bhfoireann eagarthóireachta, faisnéis a nochtadh a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó cumarsáidí rúnda nó atá in ann foinsí iriseoireachta nó cumarsáid rúnda a shainaithint, nó iallach a chur ar aon duine a d’fhéadfadh faisnéis den sórt sin a nochtadh, mar gheall ar a gcaidreamh rialta nó gairmiúil le soláthraí seirbhíse meán nó lena fhoireann eagarthóireachta;

(b)

soláthraithe seirbhíse meán nó a bhfoireann eagarthóireachta a choinneáil, pionós a ghearradh orthu, a idircheapadh nó a iniúchadh, nó iad nó a n-áitreabh corparáideach nó príobháideach a chur faoi réir faireachais nó cuardaigh agus urghabhála chun faisnéis a fháil a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó cumarsáidí rúnda nó a shainaithint nó atá in ann, mar gheall iad a shainaithint, nó aon duine a choinneáil, pionós a ghearradh orthu, a idircheapadh nó a iniúchadh, ar daoine iad a d’fhéadfadh, mar gheall ar a gcaidreamh rialta nó gairmiúil le soláthraí seirbhíse meán nó lena fhoireann eagarthóireachta, an fhaisnéis sin a bheith acu nó d’fhéadfadh siad iad nó a n-áitreabh corparáideach nó príobháideach a chur faoi réir faireachais nó cuardaigh agus urghabhála chun faisnéis den sórt sin a fháil;

(c)

bogearraí faireachais chunóraigh a imscaradh, ar aon ábhar, gléas digiteach, meaisín nó uirlis a úsáideann soláthraithe seirbhíse meán, a bhfoireann eagarthóireachta nó aon duine a bhféadfadh, mar gheall ar a gcaidreamh rialta nó gairmiúil le soláthraí seirbhíse meán nó a fhoireann eagarthóireachta, faisnéis a bheith acu a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó le cumarsáid rúnda nó atá in ann na foinsí sin a shainaithint.

4.   De mhaolú ar mhír 3, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit beart dá dtagraítear ann a dhéanamh, ar choinníoll:

(a)

go bhforáiltear dó le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(b)

go gcomhlíontar leis Airteagal 52(1) den Chairt agus dlí eile de chuid an Aontais;

(c)

go bhfuil údar leis ar bhonn cás ar chás de bharr cúis sháraitheach leasa phoiblí agus go bhfuil sé comhréireach; agus

(d)

go bhfuil sé faoi réir údarú a fháil roimh ré ó údarás breithiúnach nó ó údarás cinnteoireachta neamhspleách agus neamhchlaonta nó, i gcásanna eisceachtúla agus práinneacha a bhfuil údar cuí leo, go n-údaraíonn údarás den sórt sin é ina dhiaidh sin gan moill mhíchuí.

5.   De mhaolú ar mhír 3, pointe (c), féadfaidh na Ballstáit bogearraí faireachais chunóraigh a úsáid, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar leis an imscaradh na coinníollacha a liostaítear i mír 4 agus

(b)

go ndéantar é chun críoch imscrúduithe a dhéanamh ar dhuine de na daoine dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), le haghaidh:

(i)

cionta a liostaítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad; nó

(ii)

le haghaidh coireanna tromchúiseacha eile atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 5 bliana ar a laghad, mar a chinntear le dlí an Bhallstáit sin.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit beart dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), i gcás ina mbeadh beart dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír sin leormhaith agus leordhóthanach chun an fhaisnéis atá á lorg a fháil.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údarás breithiúnach nó údarás cinnteoireachta neamhspleách agus neamhchlaonta athbhreithniú rialta ar na bearta faireachais dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), agus ar imscaradh bogearraí faireachais chunóraigh dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha lena dtugtar údar lena n-úsáid fós á gcomhlíonadh.

7.   Na coimircí dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), lena n-áirítear an ceart atá ag an ábhar sonraí an fhaisnéis a fháil agus rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á bpróiseáil, beidh feidhm acu maidir le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs imscaradh na mbeart faireachais dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), den Airteagal seo nó i gcomhthéacs imscaradh bogearraí faireachais chunóraigh dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhíse meán, ag a bhfoireann eagarthóireachta, nó ag aon duine a d’fhéadfadh, mar gheall ar a gcaidreamh rialta nó gairmiúil le soláthraí seirbhíse meán nó a fhoireann eagarthóireachta, faisnéis a bhaineann le foinsí iriseoireachta nó cumarsáidí rúnda a bheith acu, nó a bheadh in ann iad a aithint, go mbeidh sé de cheart acu cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, i gcásanna a bhaineann le sáruithe ar mhíreanna 3 go 7 den Airteagal seo.

Cuirfidh na Ballstáit de chúram ar údarás nó comhlacht neamhspleách saineolas ábhartha a chur ar fáil chun cúnamh a thabhairt do na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le feidhmiú an chirt sin. I gcás nach ann d’údarás ná do chomhlacht mar sin, féadfaidh na daoine sin cúnamh a lorg ó chomhlacht nó ó shásra féinrialála.

9.   Go ndéantar freagrachtaí na mBallstát, mar a leagtar síos in CAE agus in CFAE iad, a urramú.

Airteagal 5

Coimircí le haghaidh feidhmiú neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh soláthraithe meán seirbhíse poiblí neamhspleách ó thaobh eagarthóireachta agus feidhme de, agus go soláthróidh siad iolrachas faisnéise agus tuairimí dá bpobail meáin ar bhealach neamhchlaonta, i gcomhréir lena sainchúram seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Prótacal Uimh. 29.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é is aidhm do na nósanna imeachta maidir le ceann bainistíochta nó comhaltaí bhord bainistíochta na soláthraithe meán seirbhíse poiblí a cheapadh agus a dhífhostú, neamhspleáchas na soláthraithe meán seirbhíse poiblí a ráthú.

Is ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha, oscailte, éifeachtacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus ar bhonn critéir thrédhearcacha oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha a leagfar síos roimh ré ar an leibhéal náisiúnta a cheapfar ceann bainistíochta agus comhaltaí bhord rialaithe na soláthraithe meán seirbhíse poiblí. Beidh fad a dtéarma oifige leordhóthanach le haghaidh neamhspleáchas éifeachtach na soláthraithe meán seirbhíse poiblí.

Cinntí maidir leis an gceann bainistíochta nó comhaltaí bhord bainistíochta na soláthraithe meán seirbhíse poiblí a dhífhostú roimh dheireadh a dtéarma oifige, beidh údar cuí leo, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin ar bhonn eisceachtúil i gcás nach gcomhlíonann siad na coinníollacha is gá a thuilleadh chun a ndualgais a chomhlíonadh de réir na gcritéar a leagtar síos roimh ré ar an leibhéal náisiúnta, beidh siad faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na daoine lena mbaineann agus áireofar iontu go bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla a leagfar síos roimh ré a bheidh na nósanna imeachta cistiúcháin le haghaidh na soláthraithe meán seirbhíse poiblí bunaithe. Leis na nósanna imeachta cistiúcháin sin, ráthófar go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha, inbhuanaithe agus intuartha ag na soláthraithe meán seirbhíse poiblí lena gcomhfhreagrófar do chomhlíonadh a sainchúraim seirbhíse poiblí agus dá gcumas forbartha faoi chuimsiú an tsainchúraim sin. Beidh na hacmhainní airgeadais sin amhlaidh chun go gcosnófar neamhspleáchas eagarthóireachta na soláthraithe meán seirbhíse poiblí.

4.   Ainmneoidh Ballstáit údarás nó comhlacht neamhspleách amháin nó níos mó nó cuirfidh siad sásraí ar bun a bheidh saor ó thionchar polaitiúil ó rialtais, chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1, 2 agus 3. Cuirfear torthaí an fhaireacháin sin ar fáil don phobal.

Airteagal 6

Dualgais na soláthraithe seirbhíse meán

1.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhíse meán rochtain éasca agus dhíreach d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí ar an bhfaisnéis seo a leanas a bheidh cothrom le dáta:

(a)

a n-ainm dlíthiúil nó a n-ainmneacha dlíthiúla agus a gcuid sonraí teagmhála;

(b)

ainm nó ainmneacha a n-úinéara dhírigh nó indírigh nó a n-úinéirí díreacha nó indíreacha a shealbhaíonn scaireanna a chuireann ar a gcumas dóibh tionchar a imirt ar an oibríocht agus ar an gcinnteoireacht straitéiseach, lena n-áirítear úinéireacht dhíreach nó indíreach ag stát nó ag údarás poiblí nó ag eintiteas poiblí;

(c)

ainm nó ainmneacha a n-úinéirí tairbhiúla mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849;

(d)

méid iomlán bliantúil na gcistí poiblí le haghaidh fógraíocht stáit a leithdháiltear orthu agus méid iomlán bliantúil an ioncaim fógraíochta a fuarthas ó údaráis nó ó eintitis phoiblí tríú tíortha.

2.   Cuirfidh na Ballstáit de chúram ar údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta nó ar údaráis nó comhlachtaí inniúla eile bunachair sonraí náisiúnta a fhorbairt maidir le húinéireacht meán, ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1.

3.   Gan dochar do dhlí bunreachtúil náisiúnta atá comhsheasmhach leis an gCairt, glacfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha na bearta a mheasann siad a bheith iomchuí d’fhonn neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta a áirithiú. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag na bearta sin:

(a)

a ráthú gur féidir cinntí eagarthóireachta a dhéanamh gan bhac laistigh de líne eagarthóireachta sheanbhunaithe an tsoláthraí seirbhíse meán lena mbaineann; agus

(b)

a áirithiú go nochtfar aon choinbhleachtaí leasa a bheadh ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar nuachta agus cúrsaí reatha.

CAIBIDIL III

CREAT LE HAGHAIDH COMHAR RIALÁLA AGUS MARGADH INMHEÁNACH DEA-FHEIDHMIÚIL LE HAGHAIDH SEIRBHÍSÍ MEÁN

ROINN 1

Údaráis neamhspleácha meán

Airteagal 7

Údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta

1.   Áiritheoidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcás inarb infheidhme trí chomhairliúchán nó trí chomhordú le húdaráis nó comhlachtaí ábhartha eile, nó, i gcás inarb ábhartha, le comhlachtaí féinrialála ina mBallstáit go gcuirfear an Chaibidil seo i bhfeidhm.

2.   Beidh na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE i ndáil le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh leis an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun a gcúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

4.   I gcás ina mbeidh gá leo chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a iarraidh ar na daoine seo a leanas, laistigh de thréimhse réasúnta ama, faisnéis agus sonraí a sholáthar atá comhréireach agus riachtanach chun na cúraimí faoin gCaibidil seo a dhéanamh:

(a)

na daoine nádúrtha lena mbaineann an Chaibidil seo nó na daoine dlítheanacha lena mbaineann an Chaibidil seo; agus

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a d’fhéadfadh, go réasúnta, chun críoch a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó nó lena ghairm, a bheith i seilbh na faisnéise sin.

ROINN 2

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán

Airteagal 8

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán

1.   Bunaítear leis seo An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán (‘an Bord’).

2.   Gabhfaidh an Bord ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas ar Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) arna bhunú le hAirteagal 30b de Threoir 2010/13/AE.

Airteagal 9

Neamhspleáchas an Bhoird

Gníomhóidh an Bord go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á ndéanamh nó a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige. Go háirithe, agus a chúraimí á ndéanamh nó a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, ní iarrfaidh nó ní ghlacfaidh an Bord le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine ná comhlacht. Ní dhéanfaidh an méid sin difear d’inniúlachtaí an Choimisiúin ná inniúlachtaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe údarás nó comhlachtaí rialála náisiúnta.

2.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord.

3.   Déanfaidh an Bord cinntí trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála.

4.   I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin ag Ballstát, comhordóidh na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta sin le chéile mar is gá agus ceapfaidh siad ionadaí comhpháirteach. Feidhmeoidh an t-ionadaí comhpháirteach an ceart vótála.

5.   Toghfaidh an Bord Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as a chomhaltaí. Aon bhliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Féadfaidh an Bord Grúpa Stiúrtha a chur ar bun. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird ionadaíocht thar ceann an Bhoird.

6.   Ainmneoidh an Coimisiún ionadaí chuig an mBord. Beidh ionadaí an Choimisiúin páirteach sa phlé a dhéanfaidh an Bord, ach ní bheidh cearta vótála aige. Coimeádfaidh Cathaoirleach an Bhoird an Coimisiún ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an Bhoird.

7.   Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, do bhreathnóirí buana freastal ar a chuid cruinnithe.

8.   Glacfaidh an Bord lena rialacha nós imeachta, i gcomhairle leis an gCoimisiún. Áireofar sna rialacha nós imeachta sin na socruithe chun coinbhleachtaí leasa chomhaltaí an Bhoird a chosc agus a bhainistiú.

Airteagal 11

Rúnaíocht an Bhoird

1.   Beidh rúnaíocht de chúnamh ag an mBord. Cuirfidh an Coimisiún an rúnaíocht ar fáil, agus na riachtanais arna sonrú ag an mBord á gcur san áireamh. Beidh acmhainní leordhóthanacha ag an rúnaíocht chun a cúraimí a chomhlíonadh.

2.   Is é an príomhchúram a bheidh ar an rúnaíocht rannchuidiú le comhlíonadh neamhspleách chúraimí an Bhoird a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2010/13/AE. Gníomhóidh an rúnaíocht de réir threoracha an Bhoird agus sin amháin maidir lena cúraimí faoin Rialachán seo.

3.   Cuirfidh an rúnaíocht tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil ar fáil don Bhord maidir lena ghníomhaíochtaí. Cabhróidh an rúnaíocht go substaintiúil leis an mBord freisin a chúraimí a dhéanamh.

Airteagal 12

Sásra comhairliúcháin

1.   I gcás ina mbeidh ábhair eile seachas ábhar a bhaineann le hearnáil na meán closamhairc á meas ag an mBord, rachaidh sé i gcomhairle le hionadaithe ó earnálacha ábhartha na meán a oibríonn ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Leagfaidh an Bord amach, ina rialacha nós imeachta, na socruithe chun an comhairliúchán dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích. Áiritheofar le socruithe den sórt sin gur féidir le roinnt ionadaithe a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí.

3.   I gcás inar féidir, cuirfidh an Bord torthaí na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí.

Airteagal 13

Cúraimí an Bhoird

1.   Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, tabharfaidh an Bord comhairle agus tacaíocht don Choimisiún maidir le hábhair a bhaineann le seirbhísí meán atá laistigh d’inniúlacht an Bhoird agus cuirfidh sé chun cinn cur i bhfeidhm na Caibidle seo agus cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach Threoir 2010/13/AE ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas:

(a)

saineolas teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an gcúram atá air i ndáil le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach na Caibidle seo a áirithiú agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE a áirithiú ar fud gach Ballstáit, gan dochar do chúraimí na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta;

(b)

comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí meán, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Treoir 2010/13/AE, go háirithe maidir le hAirteagail 3, 4 agus 7 den Treoir sin;

(c)

tuairimí a sholáthar faoi na saincheisteanna teicniúla agus fíorasacha a thagann chun cinn i ndáil le hAirteagal 2(5c), Airteagal 3(2) agus (3), Airteagal 4(4), pointe (c), agus Airteagal 28a(7) de Threoir 2010/13/AE, nuair a iarrann an Coimisiún sin air;

(d)

i gcomhairle leis an gCoimisiún, tuairimí a tharraingt suas i ndáil leis an méid seo a leanas:

(i)

iarrataí ar chomhar idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den Rialachán seo;

(ii)

iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin i gcás easaontaithe idir an t-údarás nó an comhlacht iarrthach agus an t-údarás nó an comhlacht iarrtha, lena n-áirítear gníomhartha inmholta, de bhun Airteagal 15(3) den Rialachán seo;

(iii)

bearta náisiúnta a bhaineann le seirbhísí meán ó lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo;

(e)

arna iarraidh sin do sholáthraí seirbhíse meán lena raibh soláthraí ardáin an-mhór ar líne páirteach in idirphlé dá dtagraítear in Airteagal 18(6) den Rialachán seo, déanfaidh sé tuairimí a tharraingt suas maidir le toradh idirphlé den sórt sin;

(f)

ar a thionscnamh féin, nó arna iarraidh sin don Choimisiún, nó ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi agus atá réasúnaithe go cuí a fháil ó sholáthraí seirbhíse meán a ndéantar difear dó as féin agus go díreach, tuairimí a tharraingt suas maidir le bearta rialála nó riaracháin ar dócha go ndéanfaidh siad difear suntasach d’oibriú soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) den Rialachán seo;

(g)

tuairimí a tharraingt suas maidir le dréachtmheasúnuithe nó dréachtbharúlacha údaráis nó chomhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán seo;

(h)

ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairimí a tharraingt suas maidir le comhchruinnithe i margadh na meán ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 23(1) den Rialachán seo;

(i)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas i ndáil leis an méid seo a leanas:

(i)

cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán seo;

(ii)

na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 22(2), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo i gcomhréir le mír (3) den Airteagal sin;

(iii)

cur i bhfeidhm Airteagal 24(1), (2) agus (3) den Rialachán seo de bhun mhír (4) den Airteagal sin;

(j)

arna iarraidh sin do cheann amháin ar a laghad de na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann, idirghabháil a dhéanamh i gcás easaontuithe idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Rialachán seo;

(k)

comhar a chothú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a bhaineann le dearadh gléasanna nó comhéadan úsáideora nó comharthaí digiteacha arna n-iompar ag na gléasanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 20(5) den Rialachán seo;

(l)

bearta ábhartha arna nglacadh ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann a chomhordú, ar bearta iad a bhaineann le scaipeadh ábhair nó rochtain ar ábhar seirbhísí meán ó lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar, nó a shroicheann pobail mheáin san Aontas, i gcás ina ndéanann na seirbhísí meán sin dochar nó ina ngabhann riosca tromchúiseach mór leo go ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Rialachán seo agus sraith critéar dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin a fhorbairt, i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(m)

idirphlé struchtúrtha a eagrú idir soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus ionadaithe do sholáthraithe seirbhíse meán agus don tsochaí shibhialta, agus torthaí an idirphlé sin a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo;

(n)

malartú dea-chleachtas a chothú a bhaineann le himscaradh córas tomhaiste pobail meáin, i gcomhréir le hAirteagal 24(5) den Rialachán seo;

(o)

taithí agus dea-chleachtais maidir le litearthacht sna meáin a mhalartú, lena n-áirítear chun forbairt agus úsáid beart agus uirlisí éifeachtacha a chothú chun litearthacht sna meáin a neartú;

(p)

tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe a tharraingt suas maidir lena ghníomhaíochtaí agus lena chúraimí.

Cuirfidh an Bord an tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (p) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí. Nuair a iarrfar sin air, cuirfidh an Cathaoirleach an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa..

2.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún comhairle nó tuairimí ar an mBord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.

3.   Cuirfidh an Bord a chuid spriocanna ar aghaidh chuig an gcoiste teagmhála arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 2010/13/AE (‘an coiste teagmhála’).

ROINN 3

Comhar agus cóineasú rialála

Airteagal 14

Comhar struchtúrtha

1.   Féadfaidh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta (‘an t-údarás iarrthach’) comhar, a iarraidh aon tráth ar údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin eile nó níos mó (‘na húdaráis iarrtha’) comhoibriú leis, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú nó trí bhíthin cúnamh frithpháirteach, le haghaidh chur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach na Caibidle seo nó chur chun feidhme Threoir 2010/13/AE.

2.   San iarraidh ar chomhar, beidh an fhaisnéis uile is gá a bhaineann leis, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata ar chomhar agus na cúiseanna atá léi.

3.   Ní fhéadfaidh an t-údarás iarrtha diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ar chomhar ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl sé inniúil maidir le hábhar na hiarrata ar chomhar nó chun an cineál comhair a iarrtar air a chur ar fáil;

(b)

le feidhmiú na hiarrata ar chomhar, shárófaí an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE nó reachtaíocht eile an Aontais nó dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais agus a bhfuil an t-údarás iarrtha faoina réir;

(c)

ní raibh údar cuí le raon feidhme nó ábhar na hiarrata ar chomhar nó tá sé díréireach.

Tabharfaidh an t-údarás iarrtha ar chomhar, gan moill mhíchuí, cúiseanna le haon diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ar chomhar. I gcás inar dhiúltaigh an t-údarás iarrtha iarraidh ar chomhar faoi phointe (a) den chéad fhomhír, léireoidh sé an t-údarás inniúil, nuair is féidir.

4.   Déanfaidh an t-údarás iarrtha a dhícheall aghaidh agus freagra a thabhairt ar an iarraidh ar chomhar gan moill mhíchuí agus tabharfaidh sé nuashonruithe tráthrialta maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le feidhmiú na hiarrata a fhorghníomhú.

5.   I gcás ina measfaidh an t-údarás iarrthach nach bhfuil aghaidh nó freagra leordhóthanach tugtha ag an údarás iarrtha ar a iarraidh ar chomhar, cuirfidh sé an t-údarás iarrtha ar an eolas faoin méid sin gan moill mhíchuí, agus míneoidh sé na cúiseanna lena sheasamh. I gcás ina dtagann an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar chomhar, féadfaidh ceachtar údarás an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird. I gcomhréir leis na hamlínte atá le bunú ag an mBord ina rialacha nós imeachta, eiseoidh an Bord, i gcomhairle leis an gCoimisiún, tuairim ar an ábhar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí molta. Déanfaidh na húdaráis lena mbaineann a ndícheall tuairim an Bhoird a chur san áireamh.

6.   I gcás ina measann údarás iarrthach go bhfuil riosca tromchúiseach mór ann go ndéanfaí teorannú ar an tsaoirse chun seirbhísí meán a sholáthar nó a fháil sa mhargadh inmheánach nó go bhfuil riosca tromchúiseach mór ann go ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí, féadfaidh sé a iarraidh ar údarás iarrtha comhar brostaithe a sholáthar, agus comhlíonadh na gceart bunúsach á áirithiú ag an am céanna, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear chun críoch cur i bhfeidhm éifeachtach beart náisiúnta dá dtagraítear Airteagal 3 de Threoir 2010/13/AE a áirithiú.. Tabharfaidh an t-údarás iarrtha freagra ar iarrataí ar chomhar brostaithe agus déanfaidh sé a dhícheall aghaidh a thabhairt orthu laistigh de 14 lá féilire.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo maidir le hiarrataí ar chomhar brostaithe.

7.   Déanfaidh an Bord mionsonraí breise a leagan amach ina rialacha nós imeachta maidir le nós imeachta an chomhair struchtúrtha dá dtagraítear san Airteagal.

Airteagal 15

Iarrataí ar fhorfheidhmiú oibleagáidí ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán

1.   Gan dochar d’Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, féadfaidh údarás iarrthach iarraidh a bhfuil údar cuí léi a chur faoi bhráid údarás iarrtha atá inniúil maidir le hábhair na hiarrata gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun na hoibleagáidí arna bhforchur ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán faoi Airteagal 28b(1), (2) agus (3) de Threoir 2010/13/AE a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

2.   Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás iarrthach ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh, nó faoi na cúiseanna nach ndearnadh gníomhaíochtaí, de bhun iarraidh ar fhorfheidhmiú faoi mhír 1. Bunóidh an Bord na hamlínte chun na críche sin ina rialacha nós imeachta.

3.   I gcás ina mbeidh easaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe nó mainneachtain gníomhaíochtaí a dhéanamh tar éis iarraidh ar fhorfheidhmiú faoi mhír 1, féadfaidh ceachtar údarás an t-ábhar a tharchur chuig an mBord le haghaidh idirghabhála chun teacht ar réiteach cairdiúil.

I gcás nach dtagtar ar aon réiteach cairdiúil tar éis idirghabháil ón mBord, féadfaidh an t-údarás iarrthach nó an t-údarás iarrtha a iarraidh ar an mBord tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar. I dtuairim uaidh, déanfaidh an Bord measúnú ar ar tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an iarraidh ar fhorfheidhmiú dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbreithníonn an Bord nár thug an t-údarás iarrtha aghaidh go leordhóthanach ar an iarraidh sin, molfaidh an Bord gníomhaíochtaí chun go dtabharfar aghaidh ar an iarraidh ar fhorfheidhmiú. Eiseoidh an Bord a thuairim, i gcomhairle leis an gCoimisiún, gan moill mhíchuí.

4.   Tar éis dó an tuairim dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, a fháil, cuirfidh an t-údarás iarrtha, gan moill mhíchuí agus laistigh de na hamlínte a bhunóidh an Bord ina rialacha nós imeachta, an Bord, an Coimisiún agus an t-údarás iarrthach ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh i ndáil leis an tuairim.

Airteagal 16

Treoraíocht maidir le hábhair rialála na meán

1.   Cothóidh an Bord malartú dea-chleachtas i measc na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, na bpáirtithe leasmhara comhairliúcháin i gcás inarb iomchuí, maidir le gnéithe ábhartha rialála, teicniúla nó praiticiúla maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach na Caibidle seo agus le cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE.

2.   I gcás ina n-eisíonn an Coimisiún treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE, tabharfaidh an Bord cúnamh dó trí shaineolas maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla a sholáthar, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tosaíocht mar is iomchuí a thabhairt do sheirbhísí meán closamhairc a bhaineann leis an leas ginearálta faoi Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE;

(b)

rochtain a thabhairt ar fhaisnéis faoi struchtúr úinéireachta soláthraithe seirbhíse meán closamhairc, dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE agus Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

I gcás ina n-eisíonn an Coimisiún treoirlínte a bhaineann le cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE, rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoiste.

3.   I gcás ina n-eiseoidh an Coimisiún tuairim ar ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó le cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 17

Comhordú na mbeart a bhaineann le seirbhísí meán ó lasmuigh den Aontas

1.   Gan dochar d’Airteagal 3 de Threoir 2010/13/AE, ar iarraidh ó na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ó dhá Bhallstát ar a laghad, déanfaidh an Bord bearta ábhartha arna ndéanamh ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann a chomhordú, ar bearta iad a bhaineann le scaipeadh seirbhísí meán nó le rochtain ar na seirbhísí sin ar de thionscnamh lasmuigh den Aontas iad, nó a chuireann soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar fáil, gan beann ar modh dáilte ná a modh rochtana, seirbhísí lena ndírítear ar nó lena mbaintear amach pobail mheáin san Aontas i gcás, inter alia i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, ina ndéanann seirbhísí meán mar sin dochar tromchúiseach mór don tslándáil phoiblí, nó i gcás ina mbaineann riosca tromchúiseach mór leo go ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí.

2.   Féadfaidh an Bord, i gcomhairle leis an gCoimisiún, tuairimí a eisiúint maidir le bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 1. Gan dochar dá gcumhachtaí faoin dlí náisiúnta, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann, lena n-áirítear na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta, a ndícheall tuairimí an Bhoird a chur san áireamh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear bac ar na húdaráis ná na comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann tuairim arna heisiúint ag an mBord faoi mhír 2 a chur san áireamh agus breithniú á dhéanamh acu ar bhearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh in aghaidh soláthraí seirbhíse meán.

4.   Forbróidh an Bord, i gcomhairle leis an gCoimisiún, sraith critéar maidir le húsáid údarás nó comhlachtaí rialála náisiúnta nuair a fheidhmeoidh siad a gcumhachtaí rialála maidir le soláthraithe seirbhíse meán dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta a ndícheall na critéir sin a chur san áireamh.

ROINN 4

Soláthar seirbhísí meán agus rochtain orthu i dtimpeallacht dhigiteach

Airteagal 18

Ábhar soláthraithe seirbhíse meán ar ardáin an-mhór ar líne

1.   Soláthróidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a gcumas d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a dhearbhú gur soláthraithe seirbhíse meán iad

(b)

a dhearbhú go gcomhlíonann siad Airteagal 6(1);

(c)

a dhearbhú go bhfuil siad neamhspleách, ó thaobh eagarthóireachta de, ar Bhallstáit, páirtithe polaitiúla, tríú tíortha agus eintitis arna rialú nó arna maoiniú ag tríú tíortha;

(d)

a dhearbhú go bhfuil siad faoi réir na gceanglas rialála le haghaidh feidhmiú freagrachta eagarthóireachta i mBallstát amháin nó níos mó agus faoi réir maoirseacht ag údarás nó comhlacht rialála náisiúnta inniúil, nó go gcloíonn siad le sásra comhrialála nó féinrialála lena rialaítear caighdeáin eagarthóireachta a aithnítear go forleathan agus a nglactar leo in earnáil ábhartha na meán i mBallstát amháin nó níos mó;

(e)

a dhearbhú nach soláthraíonn siad ábhar arna ghiniúint le córais intleachta saorga gan athbhreithniú daonna nó rialú eagarthóireachta a dhéanamh air;

(f)

a n-ainm dlíthiúil agus sonraí teagmhála a sholáthar, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, trínar féidir le soláthraí an ardáin an-mhór ar líne cumarsáid a dhéanamh leo go tapa agus go díreach; agus

(g)

sonraí teagmhála na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta ábhartha nó ionadaithe na sásraí comhrialála nó féinrialála dá dtagraítear i bpointe (d) a sholáthar.

I gcás amhras réasúnta maidir le pointe (d) den chéad fhomhír a bheith á chomhlíonadh ag an soláthraí seirbhíse meán, cuardóidh soláthraí ardáin an-mhór ar líne dearbhú ar an ábhar ón údarás nó ón gcomhlacht rialála náisiúnta ábhartha nó ón sásra comhrialála nó féinrialála ábhartha.

2.   Áiritheoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne go ndéanfar an fhaisnéis a dhearbhaítear faoi mhír 1, cé is moite den fhaisnéis a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (f), a chur ar fáil go poiblí ar bhealach atá inrochtana go héasca ar a gcomhéadan ar líne.

3.   Admhóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne go bhfuarthas dearbhuithe arna dtíolacadh de bhun mhír 1 agus cuirfidh siad ar fáil a sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, trínar féidir leis an soláthraí seirbhíse meán cumarsáid a dhéanamh leo go díreach agus go tapa.

Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne le fios, gan moill mhíchuí, an nglacann siad leis na dearbhuithe arna dtíolacadh de bhun mhír 1 nó nach nglacann.

4.   I gcás ina bhfuil rún ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne cinneadh a dhéanamh lena gcuirtear a chuid seirbhísí idirghabhála ar fionraí i ndáil le hábhar arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse meán a bhfuil dearbhú curtha isteach aige de bhun mhír 1 den Airteagal seo, nó cinneadh maidir le hinfheictheacht an ábhair sin a shrianadh ar na forais go bhfuil an t-ábhar sin ar neamhréir lena théarmaí agus coinníollacha, sula ngabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh sin infheictheacht a chur ar fionraí nó a shrianadh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1150 agus in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2022/2065 a chur in iúl don soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann mar gheall ar an gcinneadh atá beartaithe aige infheictheacht a chur ar fionraí nó a shrianadh; agus

(b)

deis a thabhairt don soláthraí seirbhíse meán freagra a thabhairt ar an ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo laistigh de 24 uair an chloig tar éis é a fháil nó, i gcás géarchéim dá dtagraítear in Airteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, laistigh de thréimhse ama níos giorra a thugann dóthain ama don soláthraí seirbhíse meán freagra a thabhairt ar bhealach fóinteach.

I gcás, tar éis freagra dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír nó in éagmais freagra den sórt sin, ina gcinneann soláthraí ardáin an-mhór ar líne infheictheacht a chur ar fionraí nó a shrianadh, cuirfidh sé an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina gcuireann soláthraithe ardán an-mhór ar líne a seirbhísí i ndáil le hábhar arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse meán ar fionraí nó ina gcuireann siad srian le hinfheictheacht ábhair mar sin i gcomhréir lena n-oibleagáidí de bhun Airteagail 28, 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Airteagal 28b de Threoir 2010/13/AE nó lena n-oibleagáidí a bhaineann le hábhar neamhdhleathach de bhun dhlí an Aontais.

5.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla uile is gá chun a áirithiú go bpróiseálfar gearáin arna dtaisceadh ag soláthraithe seirbhíse meán faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1150 nó faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan moill mhíchuí. Féadfaidh comhlacht ionadaíocht a dhéanamh ar an soláthraí seirbhíse meán sa phróiseas inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear sna hAirteagail sin.

6.   I gcás ina mbreithníonn soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 gur chuir soláthraí ardáin an-mhór ar líne srian arís agus arís eile, gan forais leordhóthanacha, ar sholáthar a chuid seirbhísí nó gur chuir sé ar fionraí arís agus arís eile iad, ar seirbhísí iad i ndáil le hábhar a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse meán, rachaidh soláthraí ardáin an-mhór i mbun idirphlé fiúntach agus éifeachtach leis an soláthraí seirbhíse meán, arna iarraidh sin dó, de mheon macánta agus d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil, laistigh de thréimhse réasúnta, chun deireadh a chur le srianta nó fionraíocht gan údar agus iad a sheachaint amach anseo. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán fógra faoi thoradh agus sonraí an idirphlé sin a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán tuairim a iarraidh ón mBord maidir le toradh an idirphlé sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, gníomhaíochtaí molta do sholáthraí ardáin an-mhór ar líne. Cuirfidh an Bord a thuairim in iúl don Choimisiún.

7.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraí ardán an-mhór ar líne dearbhú ó sholáthraí seirbhíse meán arna thíolacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a dhiúltú nó a neamhbhailíochtú, nó i gcás nár thángthas ar réiteach cairdiúil tar éis an idirphlé de bhun mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann an sásra idirghabhála faoi Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/1150 a úsáid nó dul i muinín an réitigh díospóide lasmuigh den chúirt faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2022/2065. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann fógra a thabhairt don Bhord faoi thoradh na hidirghabhála sin nó faoi thoradh an réitigh díospóide lasmuigh den chúirt.

8.   Cuirfidh soláthraí ardán an-mhór ar líne faisnéis mhionsonraithe ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

méid na gcásanna inar fhorchuir siad aon srian nó fionraí ar an bhforas go raibh an t-ábhar a sholáthar soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 neamh-chomhoiriúnach lena gcuid téarmaí agus coinníollacha;

(b)

na forais le haghaidh srianta nó fionraíocht mar sin a fhorchur, lena n-áirítear na clásail shonracha ina théarmaí agus coinníollacha a raibh ábhar na soláthraithe seirbhíse meán ar neamhréir leo;

(c)

líon na n-idirphléití le soláthraithe seirbhíse meán de bhun mhír 6;

(d)

líon na gcásanna inar dhiúltaigh siad dearbhuithe arna dtíolacadh ag soláthraí seirbhíse meán de bhun mhír 1 agus na forais ar diúltaíodh dóibh;

(e)

líon na gcásanna ina ndearna sé dearbhú arna thíolacadh ag soláthraí seirbhíse meán de bhun mhír 1 a neamhbhailíochtú agus na forais don neamhbhailíochtú sin.

9.   D’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach an Airteagail seo a éascú, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte chun cur chun feidhme éifeachtach na feidhmiúlachta dá dtagraítear i mír 1 a éascú.

Airteagal 19

Idirphlé struchtúrtha

1.   Eagróidh an Bord idirphlé struchtúrtha go rialta idir soláthraithe ardán an-mhór ar líne, ionadaithe soláthraithe seirbhíse meán agus ionadaithe na sochaí sibhialta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

taithí agus dea-chleachtais i gcur i bhfeidhm Airteagal 18 a phlé, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le feidhmiú ardán an-mhór ar líne agus a bpróisis chun ábhar a chuireann soláthraithe seirbhíse meán ar fáil a mhodhnú;

(b)

rochtain ar thairiscintí éagsúla na meán neamhspleách ar ardáin an-mhór ar líne a chothú; agus

(c)

faireachán a dhéanamh ar mhéid a chloítear le tionscnaimh féinrialála arb é is aidhm dóibh úsáideoirí a chosaint ar ábhar díobhálach, lena n-áirítear bréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis.

2.   Tabharfaidh an Bord tuarascáil don Choimisiún maidir le torthaí an idirphlé struchtúrtha dá dtagraítear i mír 1. I gcás inar féidir, cuirfidh sé torthaí an idirphlé struchtúrtha ar fáil go poiblí.

Airteagal 20

An ceart an tairiscint meán a shaincheapadh

1.   Beidh sé de cheart ag úsáideoirí cumraíocht, lena n-áirítear socruithe réamhshocraithe, aon ghléis nó aon chomhéadain úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán a chuireann cláir ar fáil agus úsáid na seirbhísí sin a athrú go héasca, chun an tairiscint i leith na meán a oiriúnú i gcomhréir lena leasanna nó lena dtosaíochtaí féin i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh an mhír sin difear do bhearta náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 7a nó 7b de Threoir 2010/13/AE chun feidhme.

2.   Nuair a chuirfidh monaróirí, forbróirí agus allmhaireoirí na gléasanna agus na comhéadain úsáideora dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, áiritheoidh siad go bhfuil feidhmiúlacht san áireamh leis na gléasanna sin agus leis na comhéadain úsáideora sin lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí athrú a dhéanamh go héasca, tráth ar bith, ar a gcumraíocht, lena n-áirítear ar na réamhshocraithe lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar na seirbhísí meán a thairgtear.

3.   Áiritheoidh monaróirí, forbróirí agus allmhaireoirí na ngléasanna agus na gcomhéadan úsáideora dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh sainaitheantas físeach na soláthraithe seirbhíse meán, a dtugann a ngléasanna agus a gcomhéadain úsáideora rochtain ar a seirbhísí, le feiceáil go comhsheasmhach agus go soiléir do na húsáideoirí.

4.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh monaróirí, forbróirí agus allmhaireoirí feistí agus comhéadan úsáideora dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

5.   Cothóidh an Bord comhar idir soláthraithe seirbhíse meán, comhlachtaí um chaighdeánú nó aon pháirtí leasmhar ábhartha eile chun forbairt caighdeán comhchuibhithe a chur chun cinn a bhaineann le dearadh gléasanna nó comhéadan úsáideora dá dtagraítear i mír 1, nó le comharthaí digiteacha a bhíonn á n-iompar ag na gléasanna sin.

ROINN 5

Ceanglais maidir le bearta agus nósanna imeachta le haghaidh margadh meán dea-fheidhmiúil

Airteagal 21

Bearta náisiúnta a dhéanann difear do sholáthraithe seirbhíse meán

1.   Bearta reachtaíochta, rialála nó riaracháin arna ndéanamh ag Ballstát lenarbh fhéidir difear a dhéanamh d’iolrachas na meán nó do neamhspleáchas eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach, beidh údar cuí leo agus beidh siad comhréireach. Beidh na bearta sin réasúnaithe, trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

2.   Aon nós imeachta náisiúnta a úsáidfear chun críoch beart riaracháin dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, leanfaidh sé tráthchláir, a leagfar amach roimh ré. Cuirfear i gcrích na nósanna imeachta sin gan moill mhíchuí.

3.   Beidh an ceart ag aon soláthraí seirbhíse meán a bheidh faoi réir beart rialála nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis ar bhonn aonair agus díreach, beidh sé de cheart aige achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhirt sin os comhair comhlacht achomhairc. Beidh an comhlacht sin, a bhféadfaidh cúirt a bheith i gceist leis, neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a d’fhéadfadh measúnú neamhspleách an chomhlachta ar na hábhair a chuirfear os a chomhair a chur i mbaol. Beidh an saineolas iomchuí aige chun go mbeidh sé in ann a fheidhmeanna a dhéanamh go héifeachtach agus go tráthúil.

4.   I gcás inar dócha go ndéanfaidh beart rialála nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1 difear suntasach d’oibriú soláthraithe seirbhíse meán sa mhargadh inmheánach, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do sholáthraí seirbhíse meán a bhfuil údar cuí léi agus a ndéanann an beart difear dó, tuairim a tharraingt suas maidir leis an mbeart. Gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar. Cuirfidh an Bord agus an Coimisiún a dtuairimí ar fáil go poiblí.

5.   Chun críoch tuairim a tharraingt suas faoi mhír 4, féadfaidh an Bord, agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, faisnéis ábhartha a iarraidh ar údarás nó comhlacht náisiúnta a ghlac beart rialála nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanann difear do sholáthraí seirbhíse meán ar bhonn aonair agus díreach. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta nó an comhlacht náisiúnta lena mbaineann an fhaisnéis sin a sholáthar gan moill mhíchuí trí bhíthin modhanna leictreonacha.

Airteagal 22

Measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos sa dlí náisiúnta, rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta lena gceadaítear measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe i margadh na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Maidir leis na rialacha sin:

(a)

beidh siad trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

ceanglóidh siad ar na páirtithe atá páirteach i gcomhchruinniú den sórt sin i margadh na meán fógra maidir leis an gcomhchruinniú sin a thabhairt roimh ré do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta ábhartha nó na cumhachtaí iomchuí a sholáthar do na húdaráis nó do na comhlachtaí sin chun an fhaisnéis is gá a fháil ó na páirtithe sin chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhchruinniú;

(c)

ainmneoidh siad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta mar na húdaráis nó na comhlachtaí a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh nó áiritheoidh siad go mbeidh baint shubstainteach acu leis an measúnú;

(d)

leagfaidh siad critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha amach roimh ré maidir le fógra a thabhairt faoi na comhchruinnithe sin i margadh na meán agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta; agus

(e)

sonróidh siad roimh ré na tráthchláir chun an measúnú a chur i gcrích.

Beidh an measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán dá dtagraítear sa mhír seo ar leithligh ó mheasúnuithe dhlí iomaíochta an Aontais agus dlí iomaíochta náisiúnta, lena n-áirítear leo na measúnuithe dá bhforáiltear faoi rialacha rialála cumaisc. Beidh an measúnú gan dochar d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás inarb infheidhme.

2.   Cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh i measúnú ar comhchruinnithe i margadh na meán dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an tionchar a mheastar a bheidh ag an gcomhchruinniú i margadh na meán ar iolrachas na meán, lena n-áirítear a éifeacht fhoirmiú thuairimí an phobail a chruthú agus ar éagsúlacht na seirbhísí meán agus na dtairiscint meán ar an margadh, agus an timpeallacht ar líne agus leasanna na bpáirtithe sna meáin eile nó i ngnólachtaí nach gnólachtaí meán iad á gcur san áireamh;

(b)

na coimircí maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta, lena n-áirítear na bearta arna nglacadh ag soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta a ráthú;

(c)

cibé acu, in éagmais an chomhchruinnithe i margadh na meán, a bheadh nó nach mbeadh na páirtithe a bhfuil baint acu le comhchruinniú i margadh na meán fós inbhuanaithe ar bhonn eacnamaíoch, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon roghanna eile ann chun a n-inbhuanaitheacht eacnamaíoch a áirithiú;

(d)

i gcás inarb ábhartha, torthaí thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar an smacht reachta maidir le hiolrachas na meán agus saoirse na meán; agus

(e)

i gcás inarb infheidhme, na gealltanais a d’fhéadfadh aon cheann de na páirtithe a bhfuil baint acu le comhchruinniú i margadh na meán a thairiscint chun iolrachas agus neamhspleáchas eagarthóireachta na meán a choimirciú.

3.   Eiseoidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, treoirlínte maidir leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c).

4.   I gcás inar dóchúil go ndéanfaidh comhchruinniú i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, rachaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta lena mbaineann i mbun comhairle leis an mBord roimh ré maidir lena dhréachtmheasúnú nó lena dhréacht-tuairim.

5.   Laistigh d’amlínte atá le bunú ag an mBord ina rialacha nós imeachta, déanfaidh an Bord tuairim a tharraingt suas maidir leis an dréachtmheasúnú nó an dréacht-tuairim dá dtagraítear i mír 4, agus na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh, agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig an údarás nó comhlacht rialála náisiúnta lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún.

6.   Tabharfaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 lánaird ar an tuairim dá dtagraítear i mír 5. I gcás nach gcloíonn an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta sin leis an tuairim, go hiomlán nó go páirteach, soláthróidh sé, laistigh d’amlínte atá le bunú ag an mBord ina rialacha nós imeachta, údar cuí réasúnaithe don Bhord agus don Choimisiún, ina míneoidh sé a sheasamh.

Airteagal 23

Tuairimí maidir le comhchruinnithe i margadh na meán

1.   In éagmais measúnú nó comhairliúchán de bhun Airteagal 22, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairim a tharraingt suas maidir leis an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh comhchruinniú i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Bunóidh an Bord a thuairim ar na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 22(2). Féadfaidh an Bord aird an Choimisiúin a tharraingt ar na comhchruinnithe i margadh na meán sin.

2.   Gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar.

3.   Cuirfidh an Bord agus an Coimisiún a dtuairimí dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil go poiblí.

ROINN 6

Leithdháileadh trédhearcach cóir acmhainní eacnamaíocha

Airteagal 24

Tomhas pobail meáin

1.   Áiritheoidh soláthraithe córas tomhaiste pobail meáin go gcomhlíonfaidh a gcórais tomhaiste pobail meáin agus an mhodheolaíocht a úsáideann a gcórais tomhaiste pobail meáin prionsabail na trédhearcachta, na neamhchlaontachta, na cuimsitheachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe, na hinchomparáideachta agus na hinfhíoraitheachta.

2.   Gan dochar don chosaint do rúin trádála gnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943, déanfaidh soláthraithe córas dílseánaigh tomhaiste pobail meáin faisnéis chruinn, mhionsonraithe, chuimsitheach, intuigthe agus cothrom le dáta maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear ina gcórais tomhaiste pobail meáin a sholáthar, gan moill mhíchuí agus saor ó chostais, do sholáthraithe seirbhíse meán agus d’fhógróirí, agus do thríú páirtithe arna n-údarú ag soláthraithe seirbhíse meán agus fógróirí.

Áiritheoidh soláthraithe córas dílseánaigh tomhaiste pobail meáin go ndéanfar iniúchadh neamhspleách uair sa bhliain ar an modheolaíocht a úsáideann a gcórais tomhaiste pobail meáin agus ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm í. Arna iarraidh sin do sholáthraí seirbhíse meán, cuirfidh soláthraí córais dhílsithe tomhaiste pobail meáin faisnéis ar fáil dó maidir le torthaí an tomhais pobail meáin, lena n-áirítear sonraí neamh-chomhiomlánaithe, a bhaineann lena ábhar meán agus le seirbhísí meán an tsoláthraí seirbhíse meán sin.

Ní dhéanfaidh an mhír seo difear do rialacha cosanta sonraí agus rúndachta an Aontais.

3.   Spreagfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta soláthraithe córas tomhaiste pobail meáin chun cóid iompair a tharraingt suas, in éineacht le soláthraithe seirbhíse meán, soláthraithe ardán ar líne, a n-eagraíochtaí ionadaíocha agus aon pháirtithe leasmhara eile, nó spreagfaidh siad soláthraithe córas tomhaiste pobail meáin chun cóid iompair arna gcomhaontú go comhpháirteach agus arna nglacadh go forleathan ag soláthraithe seirbhíse meán, ag a n-eagraíochtaí ionadaíocha agus ag aon pháirtithe leasmhara eile, a chomhlíonadh.

Leis na cóid iompair dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beartófar faireachán rialta, neamhspleách agus trédhearcach a chur chun cinn ar an ngnóthú éifeachtach a gcuspóirí agus ar chomhlíonadh na bprionsabal dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear trí iniúchtaí neamhspleácha agus trédhearcacha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, treoirlínte a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil mhíreanna 1, 2 agus 3, agus cóid iompair dá dtagraítear i mír 3 á gcur san áireamh i gcás inarb iomchuí.

5.   Cothóidh an Bord malartú dea-chleachtas a bhaineann le córais tomhaiste pobail meáin a imscaradh trí idirphlé rialta idir ionadaithe na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, ionadaithe soláthraithe córas tomhaiste pobail meáin, ionadaithe soláthraithe seirbhíse meán, ionadaithe soláthraithe ardán ar líne agus páirtithe leasmhara eile.

Airteagal 25

Leithdháileadh cistí poiblí le haghaidh fógraíocht stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse

1.   Cistí poiblí nó aon chomaoin nó buntáiste eile arna gcur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ag údaráis nó eintitis phoiblí do sholáthraithe seirbhíse meán nó do sholáthraithe ardán ar líne chun críoch fógraíochta stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse arna dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhíse meán nó soláthraithe ardán ar líne, déanfar iad a dhámhachtain i gcomhréir le critéir thrédhearcacha, oibiachtúla, chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, a chuirfear ar fáil go poiblí roimh ré trí mheán leictreonach agus soláimhsithe don úsáideoir, agus trí bhíthin nósanna imeachta atá oscailte, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar an caiteachas poiblí bliantúil foriomlán, a leithdháiltear ar fhógraíocht stáit, a dháileadh ar iolracht leathan na soláthraithe seirbhíse meán a bhfuil ionadaíocht á déanamh dóibh ar an margadh, agus sainiúlachtaí náisiúnta agus áitiúla na margaí meán lena mbaineann á gcur san áireamh.

Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do dhámhachtain conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais faoi rialacha soláthair phoiblí an Aontais ná do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair.

2.   Cuirfidh údaráis nó eintitis phoiblí faisnéis faoina gcaiteachas poiblí ar fhógraíocht stáit ar fáil ar bhonn bliantúil go poiblí trí mhodhanna leictreonacha agus soláimhsithe don úsáideoir. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis sin:

(a)

ainmneacha dlíthiúla na soláthraithe seirbhíse meán nó na soláthraithe ardán ar líne ónar ceannaíodh seirbhísí;

(b)

i gcás inarb infheidhme, ainmneacha dlíthiúla na ngrúpaí gnó a bhfuil aon soláthraithe seirbhíse meán nó soláthraithe ardán ar líne dá dtagraítear i bpointe (a) ina gcuid díobh;; agus

(c)

an méid iomlán bliantúil a caitheadh agus na méideanna bliantúla a caitheadh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse meán nó in aghaidh an tsoláthraí ardáin ar líne.

Féadfaidh na Ballstáit rialtais fhonáisiúnta d’eintitis chríochacha ina bhfuil níos lú ná 100 000 cónaitheoir, agus eintitis atá faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag rialtais fhonáisiúnta den sórt sin, a dhíolmhú ón oibleagáid faoi phointe (b) den chéad fhomhír.

3.   Déanfaidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta nó údaráis nó comhlachtaí neamhspleácha inniúla eile sna Ballstáit faireachán agus tuairisciú bliantúil ar leithdháileadh fógraíochta stáit do sholáthraithe seirbhíse meán agus do sholáthraithe ardán ar líne bunaithe ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 2. Cuirfear na tuarascálacha bliantúla sin ar fáil go poiblí ar bhealach atá inrochtana go héasca.

Chun measúnú a dhéanamh ar iomláine na faisnéise maidir le fógraíocht stáit arna cur ar fáil de bhun mhír 2, féadfaidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta nó údaráis nó comhlachtaí neamhspleácha inniúla eile sna Ballstáit faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis nó eintitis phoiblí sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, lena n-áirítear faisnéis níos mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.

I gcás ina ndéanfaidh údaráis nó comhlachtaí neamhspleácha inniúla eile an faireachán, an measúnú agus an tuairisciú sna Ballstáit, coinneoidh siad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ar an eolas go cuí.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Cleachtadh faireacháin

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán neamhspleách agus leanúnach ar an margadh inmheánach do sheirbhísí meán (‘an cleachtadh faireacháin’), lena n-áirítear rioscaí dá fheidhmiú agus dul chun cinn ar a fheidhmiú. Beidh torthaí an chleachtaidh faireacháin sin faoi réir comhairliúcháin leis an mBord agus déanfar iad a chur i láthair an choiste teagmhála agus a phlé leis an gcoiste teagmhála.

2.   Saineoidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, príomhtháscairí feidhmíochta le haghaidh coimircí modheolaíochta chun oibiachtúlacht a chosaint maidir leis na taighdeoirí a roghnú agus chun cleachtadh faireacháin agus na critéir chun iad a roghnú a chosaint.

3.   Áireofar an méid seo a leanas sa chleachtadh faireacháin:

(a)

anailís mhionsonraithe ar margaí meán sna Ballstáit uile, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an leibhéal comhchruinnithe meán agus leis na rioscaí go mbeidh ionramháil eachtrach agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ann;

(b)

forléargas agus measúnú réamhbhreathnaitheach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ina iomláine, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le tionchar na n-ardán ar líne;

(c)

forléargas ar na rioscaí d’iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta na soláthraithe seirbhíse meán i gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh;

(d)

forléargas ar na bearta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta a ráthú;

(e)

forléargas mionsonraithe ar chreataí agus ar chleachtais chun cistí poiblí a leithdháileadh d’fhógraíocht stáit.

4.   Déanfar an cleachtadh faireacháin ar bhonn bliantúil. Déanfar torthaí an chleachtaidh faireacháin, lena n-áirítear an mhodheolaíocht agus na sonraí atá le húsáid ina leith, a chur ar fáil go poiblí agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil.

Airteagal 27

Meastóireacht agus tuairisciú

1.   Faoin 8 Lúnasa 2028, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Sa chéad mheastóireacht den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, scrúdóidh an Coimisiún, go háirithe, éifeachtacht fheidhmiú rúnaíocht an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le leordhóthanacht na n-acmhainní i ndáil le feidhmiú a chúraimí.

3.   Chun críocha mhír 1, agus arna iarraidh sin don Choimisiún, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ábhartha chuige.

4.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí agus foinsí ábhartha eile;

(b)

torthaí an idirphlé ábhartha a rinneadh sna fóraim ábhartha;

(c)

na doiciméid ábhartha a d’eisigh an Bord;

(d)

torthaí an chleachtaidh faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 26.

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 28

Leasuithe ar Threoir 2010/13/AE

Leasaítear Treoir 2010/13/AE mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 30b;

(2)

Déanfar tagairtí d’Airteagail 30b de Threoir 2010/13/AE a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 13(1), pointe (c), den Rialachán seo.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 8 Lúnasa 2025. Mar sin féin:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 8 Samhain 2024;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 4(1) agus (2), 6(3), agus Airteagail 7 go 13 agus 28 ón 8 Feabhra 2025;

(c)

beidh feidhm ag Airteagail 14 go 17 ón 8 Bealtaine 2025;

(d)

beidh feidhm ag Airteagal 20 ón 8 Bealtaine 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DALLE


(1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 111.

(2)   IO C 188, 30.5.2023, lch. 79.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Márta 2024.

(4)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Nollaig 2006, an Ghearmáin v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-380/03, ECLI:EU: C:2006:772, míreanna 53 agus 54.

(6)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(8)  Centro Europa 7 S.R.L. agus Di Stefano v. an Iodáil [GC], uimh. 38433/09, § 134, ECHR 2012.

(9)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

(10)  Breithiúnas ón gCúirt Chéadchéime an 26 Meitheamh 2008, SIC v An Coimisiún, T-442/03, ECLI:EU:T:2008:228, mír 211.

(11)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(12)  Moladh (AE) 2022/1634 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán (IO L 245, 22.9.2022, lch. 56).

(13)  Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).

(14)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(16)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(17)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Meán Fómhair 2020, Vivendi SA v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, C-719/18, ECLI:EU:C:2020:627.

(18)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise gan nochtadh agus faisnéis ghnó (rúin trádála) i gcoinne a n-éadála, úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

(20)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(21)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(22)   IO C 487, 22.12.2022, lch. 9.

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).

(25)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(26)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó ionchúiseamh a dhéanamh ina leith nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)